Seacht sciorta samhraidh le teas na gréine a scaoileadh chuig na cosa

Idir €20 agus €50 atá ar rogha ár gcomhfhreagraí de sciortaí deasa agus cúl á thabhairt aici le héadaí troma an gheimhridh

Seacht sciorta samhraidh le teas na gréine a scaoileadh chuig na cosa

Déarfainn go bhfuil sé in am againn beagán de theas agus d’aer an tsamhraidh a scaoileadh chuig na cosa agus tá rogha álainn de sciortaí deasa le fáil sna siopaí faoi láthair chuige sin. Téann muid ar fad i gcleachtadh ar threabhsair agus ar jíons ar feadh an gheimhridh agus bíonn drogall orainn scaoileadh leo. Is cinnte go meallann an ghrian muid leis na riteoga troma a fhágáil inár ndiaidh agus dul sa seans le sciortaí éadroma ar a mbíonn dathanna deasa samhraidh. Seo chugaibh, mar sin, mo rogha féin de sciortaí samhraidh atá ar fáil sna siopaí agus ar líne faoi láthair.

– Is breá liom an dath bríomhar dearg agus na spotaí bána ar an mionsciorta álainn seo atá ar fáil ó Topshop ar €29

– An patrún álainn a tharraing mo shúil chuig an sciorta pléatáilte gorm seo atá ar fáil ó Zara ar €49.99

– Sciorta dubh rigíneach meánfhada ó ASOS ar €22.12. Sciorta an-chompordach é seo agus tá na stodaí beaga go mór sa bhfaisean faoi láthair.

– Seo an ceann is fearr liom féin, sciorta buí meánfhada le patrún álainn ó River Island ar €35.00 

– Mionsciorta deinim bán don samhradh, mar mhalairt ar an denim clasaiceach gorm ó Warehouse, ar €40

Is maith liom an básta ar leith agus an patrún de stríocaí liatha agus bána ar an mionsciorta seo atá ar fáil ó H&M ar €22.99

– Sciorta pléatáilte buí agus bán a bheadh iontach lá te samhraidh. Ar fáil ó Next ar €44.

Fág freagra ar 'Seacht sciorta samhraidh le teas na gréine a scaoileadh chuig na cosa'