Seacht rogha de sheodra le barr smaise a chuir ar aon fheisteas…

Ó €5 go €130 atá na seodra cultacha atá roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí

Seacht rogha de sheodra le barr smaise a chuir ar aon fheisteas…

Cuireann seodra, ach iad a bheith roghnaithe go cúramach, slacht ar aon fheisteas. Cabhraíonn siad le feisteas a thabhairt le chéile agus barr smaise a chur air. 

Is minic a fheicim samplaí sna hirisí faisin agus ar na meáin shóisialta de sheodra álainn a chuireann snas ar rogha éadaí an-simplí. Is iondúil nach seodra déanta as ór glan a bhíonn i gceist ach seodra cultacha atá saor go maith.

Cé go dtuigim gur infheistíocht mhaith é seodra óir a cheannach más acmhainn do dhuine sin a dhéanamh tá sásamh le fáil freisin as na píosaí saora nach mbeidh sa bhfaisean ach seal gairid. 

Seo chugaibh mo rogha féin –seacht gcinn de na seodra cultacha is fearr a chuirfeadh smais ar aon fheisteas.

Fáinní cluaise ó H&M ar €4.99

Fáinní cluaise neamhshiméadracha ar dhath an óir le péarla beag bréige ag crochadh astu. Tarraingíonn siad seo aird na súl agus níl mórán eile le fáil ar €5 a dhéanfaidh sin.

Muince le bonn seanré ó ASOS ar €18.66

Tá seodra ón seanré go mór sa bhfaisean faoi láthair go háirithe más muince nó fáinne atá i gceist. Is breá liom an ceann seo ó ASOS a bhreathnaíonn i bhfad níos daoire ná mar atá sé. Sladmhargadh é faoi láthair ag an praghas laghdaithe ó €24.89.

Fáinne gorm ó & Other Stories ar €19

Is fiú seodra daite a chaitheamh le beagáinín datha a chur i bhfeisteas. Is breá liom an dath agus an dearadh neamhghnách atá ar an bhfáinne seo.

Fáinne cluaise ‘Radial’ ó Missoma ar £129

Tá fáinní cluaise órga Missoma as Londain go mór sa bhfaisean le cúpla bliain anuas agus iad le feiceáil go coitianta san hirisí agus ar na meáin shóisialta. Is breá liom féin na cinn seo a bhfuil fáinní dúbailte iontu.  Tá leagan níos lú dóibh le fáil freisin.

Fáinne airgid ‘offset v’ ó Maria Black ar €68

 Tá beagnach oiread tóir ar an mbranda seo faoi láthair agus atá ar Missoma.  Fáinne amháin atá anseo atá briste ina dhá chuid. Tá dearadh clasaiceach i gceist anseo atá beagán ‘fearúil’ freisin. Tá an rogha seo le fáil ar dhath an óir freisin.

Muince ‘Dylan’ ó Cinco ar €60

Seo muince álainn clasaiceach le pictiúr róis greanta air. Seo píosa an-simplí, ar phraghas an-mhaith, a mhairfidh sa bhfaisean ar feadh i bhfad.

Fáiscín gruaige ó ASOS ar €6.91

 Tá sá tugtha faoi deara againn le roinnt seachtainí anuas go bhfuil tóir mhór anois ar sheodra don ghruaig. Seo fáiscín beag ar phraghas íseal chun anam a chur i stíl ghruaige.

Fág freagra ar 'Seacht rogha de sheodra le barr smaise a chuir ar aon fheisteas…'