Seacht gcóta álainn geimhridh don séasúr atá romhainn

Bheadh duine te teolaí agus an-fhaiseanta ag an am céanna in aon cheann de na cótaí atá roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí

Seacht gcóta álainn geimhridh don séasúr atá romhainn

A luaithe agus a osclaíonn scoileanna na tíre arís agus nuair a fhilleann daoine ar an obair tar éis saoire an tsamhraidh bíonn sé in am smaoineamh ar an éadach éadrom a chur ar leataobh ar feadh bliana eile agus díriú ar fheistis an gheimhridh.

Ní chiallaíonn sin nach féidir le duine a bheith dea-ghléasta agus faiseanta agus tá éadach álainn don fhómhar agus don gheimhreadh le fáil i siopaí ar fud na tíre faoi láthair.   

Cóta nua a bhí uaim féin don séasúr atá amach romhainn agus chonaic mé rogha dheas ar phraghsanna idir €100 agus €200.

Measaim go bhfuil sé tábhachtach go roghnódh duine dearadh nach rachaidh as faisean go sciobtha agus go bhfaighfeá cúpla bliain as. Theastódh caighdeán maith éadaigh dá bharr sin.

Tá sé tábhachtach freisin go gcoinneodh cóta geimhridh duine te teolaí agus go gcuirfeadh sé cuma dhea-ghléasta ar dhuine fiú mura mbeadh faoi ach jíons agus barréide.

Níl amhras ar bith orm ach go gcuirfeadh na seacht gcinn de chótaí atá roghnaithe agam anseo slacht ar dhuine ar bith le linn na míonna fuara atá romhainn  amach.  

Cóta dúbailte ó Zara ar €129

Béas an dath a deirtear atá ar an gceann seo cé go bhfuil meascán den bhéas agus den bhuí ann i ndáiríre. Is breá liom an stíl fhearúil sin atá ag baint leis.

 

Cóta caordhearg ó ASOS ar €96.78

Tá dath iontach agus neamhchoitianta go maith ar an gcóta seo sa stíl nua sin ar a dtugtar ‘teddy’. Coinneoidh an fhabraic chlúmhach duine breá teolaí go cinnte.

 

Cóta seicear ó H&M ar €99.99

Cóta olla atá sa gceann seo agus nach deas an patrún seicear agus liath atá ann. Bheadh an ceann seo thar cionn don obair agus d’fhágfadh sé cuma bhreá fhoirmeálta ar dhuine is cuma céard eile a bheadh á chaitheamh aici.

 

Cóta uaine ‘ollmhór’ ó Lavish Alice ar ASOS ar €152.08

An dath neamhghnách uaine sin a tharraing mo shúil chuig an gcóta álainn seo – seo an rogha is fearr ar fad liom féin maidir le dath, cruth agus fabraic.

 

Cóta fada dúbailte ó River Island ar €113
Arís, roghnaigh mé an cóta dúbailte seo mar go bhfuil siad go mór sa bhfaisean faoi láthair agus seo ceann deas clasaiceach ar dhath álainn donn.

 

Cóta fada béas ó & Other Stories ar €199

Bíonn soláthar iontach cótaí geimhridh sa siopa seo gach bliain. Dearadh an-simplí atá air ach an stíl clasaiceach. Is infheistíocht mhaith an ceann seo mar go seasfaidh an cóta seo ar feadh na mblianta.  

 

Cóta ‘boucle’ ó Topshop

Stíl eile atá go mór sa bhfaisean fós atá ar an gceann seo cé go bhfuil sé blianta fada ó tharraing Coco Chanel aird ar dhearadh ‘boucle’ den chéad uair. Tá fabraic álainn sa cheann seo agus é ar ar fáil i gceithre dhath difriúil cé gurb é an ceann dúghorm seo mo rogha phearsanta féin.

 

 

Fág freagra ar 'Seacht gcóta álainn geimhridh don séasúr atá romhainn'