Deacracht amháin a bhaineann le culaith aonphíosa – bíodh sin ina jumpsuit nó ina playsuit – ná go mbíonn sí deacair go leor le láimhseáil nuair a théann tú chuig an seomra folctha, i gclub oíche nó i dtábhairne, mar shampla.
Tá éileamh ar rogha eile le tamall beag de bhlianta anuas – an chulaith chomhordaithe ina mbíonn barréide agus treabhsar nó sciorta ag dul le chéile agus an chosúlacht orthu gur culaith aonphíosa nó gúna iad. ‘Co-ords’ a thugtar go coitianta orthu.
Tá seacht gcinn acu sin roghnaithe agam féin a thaitníonn liom agus atá ar fáil i siopaí i mbailte móra nó i gcathracha ar fud na tíre chomh maith le bheith ar fáil ar líne. Tá saor agus daor i gceist ach tá na roghanna seo agamsa le fáil idir €22 agus €115.
‘Co-ord’ stríocach dearg ar €68 ó Miss Selfridge
An barr gan strapaí agus an chuachóg dheas chun tosaigh a mheall mé chuig an gceann seo. Measaim go mbeadh sé iontach d’oíche ‘amuigh’ agus cuirfidh na stríocaí fada ingearacha cuma níos airde ar dhuine.
‘Co-ord’ maisithe ar dhath an uachtair ar €115 ó River Island
Seo an ceann is daoire a roghnaigh mé ach féach an obair choirníní agus sheacainí. Seo an cineál feistis a bheadh iontach ar fad dá mbeifeá ag lorg culaith dheas le caitheamh ag cóisir.
‘Co-ord’ lán spotaí agus ruifil ar €79 ó Topshop
An samhradh seo má bhíonn patrún polcaphoncach nó ruifil a chaitheamh agat – tá tú go mór sa bhfaisean! Tagann an péire le chéile sa rogha seo ina bhfuil barr deas ag teacht leis na culottes. Tá an feisteas seo fíorchompordach le caitheamh.
‘Co-ord’ stríocach ar dhath uaine ar €69.12 ó Glamorous ar fáil ar ASOS
Ní gá gur ar ócáid fhoirmeálta amháin a chaithfeá ‘co-ords’. Seo rogha a bheadh go breá le tabhairt leat ar saoire, go háirithe leis an dath álainn spleodrach seo.
‘Co-ord’ bláthach ar dhath uaine ar €22 ó New Look
Culaith í seo dóibh siúd gur maith leo a bheith i lár an aonaigh agus i lár an aicsin agus daoine ag breathnú orthu! Stíl chídeoige atá ar an mbarr agus cuireann sé cruth an-mhaith ar dhuine. Agus mar mhealladh breise, tá an ceann seo ar shladmhargadh faoi láthair.
‘Co-ord’ ildaite le bobailíní ar €58.07 ó River Island
Seo ceann eile a bheadh ar fheabhas agus tú ag dul ar laethanta saoire. Tá na dathanna áille oráiste, bándearg agus bán iontach don séasúr seo agus tá na maisiúcháin bheaga, na bobailíní cuir i gcás, an-fhaiseanta faoi láthair.
‘Co-ord’ ar a dtugtar Coco ar €108.80 ó Free People
Tá an ceann seo sách daor freisin ach is infheistíocht mhaith é. Seo an ceann is deise liom féin as na seacht gcinn atá roghnaithe agam anseo. Tá stíl an-chlasaiceach ar an gceann seo agus seasfaidh sí ar feadh na mbliana. Is breá liom an mála beag tuí atá sa phictiúr seo freisin.
Carraig
Cad ab áil leat d’fheisteas ar bith sa seomra folctha? Nach ndéanfadh tuáille an gnó? Tuilleadh caiteachais gan bhrí.
lee
Is breá liom an ceann deireanach -tá sé speisialta!