Seacht bpéire treabhsar nua don ócáid sin nach ndéanfaidh jíons an beart…

Seacht bpéire treabhsar a shásódh tástáil na dTrí Bhéar atá roghnaithe ag ár gcolúnaí  an tseachtain seo

Seacht bpéire treabhsar nua don ócáid sin nach ndéanfaidh jíons an beart…

Taitníonn jíons go mór liom féin agus ní miste liom pingin mhaith a chaitheamh leis an bpéire atá is feiliúnaí dom féin a cheannach. Ach uaireanta tuigeann tú i do chroí istigh nach tráth jíons é – cruinnithe oibre, imeachtaí foirmiúla nó fiú ócáidí sóisialta ar leith.

Teastaíonn treabhsair ‘ceart’ le caitheamh na huaireanta sin agus is cuma faoi chomh deas nó chomh daor agus a bhí na jíons, ní leor iad.

Tá sé deacair go leor treabhsar maith a aimsiú. Ní féidir leo a bheith ró-fhada nó róghearr, róchúng nó róscaoilte, róildaite nó ró-sheanfhaiseanta. Chuirfeadh sé cruachás na dTrí Bhéar i gcuimhne duit! 

Bhí mé féin ar thóir treabhsair nua le linn na seachtaine agus tháinig mé ar bhailiúchán beag deas a thaitin liom. Seo iad na seacht bpéire is mó a mheall mo shúil agus iad ar fáil ar phraghsanna idir €28 agus €180.

 

Treabhsar caol ar dhath uaine ó Topshop ar €42

Bheidís seo ar fheabhas don obair, go háirithe mar chuid den chulaith atá le feiceáil sa bpictiúr seo ach bhreathnóidís an-mhaith freisin le bróga reatha agus t-léine bhán.

 

Treabhsar giortaithe ó Zara ar €39.95

Is breá liom an treabhsar giortaithe seo le básta ard. D’fheilfidís seo do go leor daoine is cuma an cruth atá orthu. Mholfainn buataisí dubha a chaitheamh leo le stíl chlasaiceach fhoirmeálta a chur ar an fheisteas.

 

Treabhsar táilliúrtha ar dhath liath ó H&M ar €27.99

Is breá liom an patrún cnámh scadáin ar an treabhsar liath seo atá feiliúnach d’obair oifige nó mar chuid d’fheisteas d’ócáid fhoirmeálta. Go deimhin bheidís seo go deas d’ócáid shóisialta neamhfhoirmeálta freisin. 

 

Treabhsar le dearadh spréite ar dhath buí ó Whistles ar ASOS ar €178.34

Is cinnte go bhfuil siad seo thar a bheith daor ach bheinn sásta an infheistíocht a dhéanamh dá mbeinn ag freastal ar ócáid speisialta. Dhéanfaidís malairt iontach ar ghúna d’ócáidí aimsir na Nollag freisin. Tabharfaidh daoine faoi deara thú go cinnte sa treabhsar seo.

 

Treabhsar leathair (bhréige) ó Warehouse ar €51

An praghas amháin a thabharfadh le fios duit gur leathar bréige atá sa treabhsar seo. Breathnaíonn siad fíordheas agus chuirfidís cuma ghalánta ar aon fheisteas.

 

Treabhsar le básta ard ó Lennon Courtney ag Dunnes Stores ar €65

An treabhsar dúghorm seo ó Lennon Courtney an péire is fearr a thaitin liom féin. Tá beilt álainn ar an mbásta ard agus tá gearradh clasaiceach orthu agus cosa leathana. 

 

Treabhsar giortaithe ó COS ar €59

Más treabhsar bog compordach atá uait, seo an ceann a mholfainn. Cadás agus caismír atá iontu seo agus iad go hálainn ó thaobh dath agus stíl.

 

Fág freagra ar 'Seacht bpéire treabhsar nua don ócáid sin nach ndéanfaidh jíons an beart…'