Seacht bpéire deasa pitseámaí le caitheamh i lár an gheimhridh ar chósta thiar na hÉireann

Tá pitseámaí teolaí roghnaithe ag ár gcolúnaí don té nach leor di culaith oíche Marilyn Monroe

Seacht bpéire deasa pitseámaí le caitheamh i lár an gheimhridh ar chósta thiar na hÉireann

Is cosúil gur cuireadh ceist uair amháin ar Marilyn Monroe faoina rogha éadaigh leapa agus í ag dul a chodladh. ‘What do I wear in bed? Why, Chanel No. 5, of course!’ an freagra a thug sí.

Déarfainn gur i gCalifornia, áit a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí, a bhí sí nuair a d’fhreagair sí an cheist sin. Is cinnte nach ar chósta thiar na hÉireann a bhí sí i lár an gheimhridh.

Theastódh níos mó ná Chanel No. 5 na laethanta seo, fiú dá mbeifeá ag caitheamh an eagráin theoranta nua den Eau de Parfum atá ar fáil anois i Brown Thomas ar €150 ar 100ml.

Measaim gur pitseámaí te teolaí a bheadh á gcaitheamh ag Ms Monroe dá mbeadh sí ina cónaí sa taobh seo den domhan. Agus, ar ndóigh, ní bheadh cosc ar bith uirthi an cumhrán a chaitheamh freisin!

Seo mo rogha féin de sheacht bpéire pitseámaí deasa atá ar fáil ar phraghsanna idir €10 agus €100 faoi láthair.

 

1. Pitseámaí lomra le patrún seicear ar €9 ó Dunnes Stores

‘Hygge – the art of coziness’ an mana atá ag baint leis na pitseámaí seo agus is cinnte go gcoinneoidh siad seo te teolaí thú leis an lomra bog atá iontu.

 

 

2. Pitseámaí stríocacha ar €32 ó Next

Agus an cineál seo pitseámaí ort, ní chuirfeadh sé aon mhairg ort dá mbuailfeadh cuairteoir isteach chugat. Tá leaganacha den dearadh seo ar fáil d’fhir agus do pháistí freisin.

 

3. Pitseámaí Harry Potter ar €20 ó Penneys

Tá daoine ann gur breá leo Harry Potter agus is fiú dul chuig Penneys ar thóir péire den chineál seo faoi láthair. Tá rogha dathanna ar fáil ach is iad na cinn bhurgúnacha is fearr liom féin ón siopa seo atá lán faoi láthair le táirgí de chuid an draíodóra Harry Potter.

 

4. Pitseámaí sróil le patrún polcaphoncach ar €36 ó Topshop

Dóibh siúd nach maith leo a bheith ró-the sa leaba, is camasól agus brístí gairide iad seo. Is breá liom féin an patrún agus an dath atá orthu.

 

5. Pitseámaí breacáin Ugg ar €100 ó Brown Thomas

Má tá neart airgid le caitheamh agat ar phitseámaí, bheadh an péire seo ón mbranda cáiliúil Ugg ar fheabhas. Má tá aon ghaol acu leis na buataisí ón gcomhlacht sin, chaithfidís a bheidh compordach agus teolaí.

 

6. Pitseámaí lomra le prionta liopaird ar €22.99 ó H&M

Seo mo rogha don té atá in amhras faoi na priontaí liopaird atá go mór sa bhfaisean faoi láthair.  Is féidir triail a bhaint as an stíl sin mar éadaigh leapa sula dtéann tú níos faide ná sin. Cinn áille atá fíorbhog iad seo.

 

7. Pitseámaí Nollag ón scannán Elf ar €24.99 ó New Look

Do shéasúr na Nollag iad seo agus is minic a cheannaíonn daoine pitseámaí nua don tráth sin bliana. Is breá liom na cinn seo ar a bhfuil pictiúr ó Elf, an scannán Nollaig is fearr fós.

Fág freagra ar 'Seacht bpéire deasa pitseámaí le caitheamh i lár an gheimhridh ar chósta thiar na hÉireann'

  • teaimį

    Cad ab áil leat de SHEACHT bpeidhre?