Scrúdú lár téarma do Trump agus do na Daonlathaigh

Ní gnáth-thoghcháin iad na toghcháin lár téarma i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar ní gnáth-thréimhse polaitíochta atá againn

Scrúdú lár téarma do Trump agus do na Daonlathaigh

Déarfadh tráchtairí go leor gur reifreann ar uachtaránacht Donald Trump a bheidh sna toghcháin lár téarma an tseachtain seo chugainn agus go dtabharfaidh pobal na Stát Aontaithe breithiúnas ar an té is conspóidí a bhí sa Teach Bán le fada an lá.

Ní hamhlaidh a bheidh cé gur cinnte go mbeidh sciar áirithe de phobal na Stát Aontaithe a bhainfidh leas as an deis a dtuairimí in aghaidh nó ar son an Uachtaráin a chur in iúl.

Fearacht toghcháin na tíre seo, agus beagnach chuile thoghchán eile, is iad na coimhlintí logánta a bheidh cinniúnach. Tá baill uile na comhdhála le toghadh; 435 duine ar fad. I gcás an toghcháin seo, is í 24 an uimhir dhraíochta. Má éiríonn leis an bPáirtí Daonlathach an méid sin suíochán breise a thabhairt leo, beidh smacht ar an Teach íochtair acu. Tá 235 suíochán ag na Poblachtánaigh agus 193 ag na Daonlathaigh faoi láthair. Teastaíonn 218 suíochán le móramh a bheith agat. Thabharfadh  móramh ag na Daonlathaigh deis dóibh moill a chur ar chlár oibre an Tí Bháin agus cuid de a chur ó mhaith.

Tá cás an tSeanaid níos casta. Beag beann ar dhaonra aon stáit, bíonn beirt Sheanadóirí acu. Toghtar iad ar feadh sé bliana. Tá 35 Seanadóir le toghadh Dé Máirt seo chugainn. Tá 47 suíochán ag na Daonlathaigh agus 51 ag na Poblachtánaigh faoi láthair. Tá beirt sheanadóirí neamhspleácha ann freisin. Ciallaíonn sin ar fad gur leor dhá shuíochán breise do na Daonlathaigh le smacht a fháil ar an Seanad, ach is suíocháin Dhaonlathacha cheana féin iad 26 ceann de na suíocháin Seanaid atá ar fáil sa toghchán. Níl ach naoi gcinn de shuíocháin na bPoblachtach i gceist i dtoghcháin na Máirt, rud a chiallaíonn go mbeidh sé i bhfad níos deacra ag Daonlathaigh an dul chun cinn a dhéanamh i dtoghchán an tSeanaid a theastódh chun smacht a fháil air.

Is léir ó stair na dtoghchán seo ó aimsir an chogaidh chathartha i leith go mbuailtear buille in aghaidh an Tí Bháin sna toghcháin lár téarma. Ar an meán, i dtoghcháin lár téarma cailleann páirtí an Uachtaráin reatha 30 suíochán i dTeach na nIonadaithe agus péire sa Seanad. Níor chóir, ar ndóigh, i ré seo Trump a bheith ag brath rómhór ar staitisticí ón am a caitheadh.

Is iomaí duine nach gcaitheann vóta in aon toghchán sna Stát Aontaithe (60%) agus is lú fós líon na ndaoine a chaitheann vóta sna toghcháin lár téarma (40%). Tá roinnt leidí go mbeidh athrú air sin an babhta seo. Chuir an t-amhránaí cáiliúil Taylor Swift ráiteas amach le gairid ag impí ar dhaoine vótaí a chaitheamh. Tuairiscítear gur chláraigh 65,000 duine le vóta a chaitheamh mar thoradh ar a ráiteas a bhí cáinteach faoin bheartais an Tí Bháin i leith cearta daonna, cearta ban agus cearta mionlaigh eile.

Ós ag caint ar mhná é, tá níos mó acu ná riamh páirteach sa toghchán seo. Ní hamháin go bhfuil os cionn 200 bean ag seasamh do shuíocháin comhdhála agus 19 do shuíocháin Seanaid, tá na mílte ag teacht le chéile ag leibhéal áitiúil ar fud na Stát Aontaithe le feachtais a eagrú. Ní haon ionadh gur do na Daonlathaigh a bhíonn formhór na mban seo ag vótáil.

Dá n-éireodh Dé Máirt le Stacey Abrams, an bhean dhubh 44 bliain d’aois atá ina hiarrthóir ag na Daonlathaigh i dtoghcán gobharnóra Georgia, bheadh sí ar an gcéad bhean dhubh riamh a bheadh ina gobharnóir i stát ar bith.

Is fiú i gcónaí nuair atá tú ag plé le toghcháin a bheith san airdeall ar na figiúirí agus na ceachtanna atá le foghlaim uathu. Ní gnáth-thoghcháin iad seo mar nach gnáth-thréimhse i bpolaitíocht an domhain ná na Stát Aontaithe í. Beidh leidí le fáil faoi sheansanna an Uachtaráin Trump an dara téarma sa Teach Bán a bhaint amach chomh maith le léargas ar an rath a bheidh ar a chuid iarrachtaí polasaithe a chur i bhfeidhm as seo go ceann dhá bhliain. Beidh leide le fáil freisin faoi cén chaoi a bhfuil ag éirí leis na Daonlathaigh teacht chucu féin roimh an gcéad thoghchán uachtaránachta eile.

Toghchán cinniúnach gan amhras ach i ndeireadh an lae is iad na huimhreacha a inseoidh an scéal iomlán.

– Clár-Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'Scrúdú lár téarma do Trump agus do na Daonlathaigh'