Bhí mé ag scríobh úrscéil agus bhí easpa eolais orm faoi ghné áirithe den ábhar. Thabharfaí The South ar an úrscéal sin níos deireanaí, úrscéal ina léireofaí beatha roinnt péintéirí, beirt Éireannach ina measc.
Theastaigh uaim eolas cruinn beacht a bheith agam faoi chúrsaí péintéireachta, faoi cén chaoi go díreach a gcuirfeá tús le pictiúr a phéinteáil, mar shampla.
Chinn mé dhul chun cainte leis an bpéintéir Barrie Cooke. Léitheoir díograiseach ab ea é agus mheas mé go mbeadh suim aige sa rud a bhí mé a dhéanamh. Shocraigh muid bualadh le chéile i ngailearaí i mBaile Átha Cliath lá amháin, áit a raibh taispeántas dá shaothar. Go luath sa mbliain 1984 a bhí ann. Agus muid inár seasamh os comhair pictiúir dá chuid, d’fhiafraigh mé de ar chuimhin leis an chaoi ar tionscnaíodh é.
‘Cén chaoi ar chuir tú tús leis? Nó cá bhfuil an tús?’
‘Déanann tú marc nó fágann tú lorg ar an gcanbhás,’ a dúirt sé. ‘Sin é an chaoi a dtosaíonn tú.’
‘Marc de chineál ar bith?’ a d’fhiafraigh mé.
‘D’fhéadfá, ach is marc faoi leith é gach marc. Déanann tú marc ar chúis eicínt. Ach is amhlaidh nach dtuigeann tú féin an chúis nuair a dhéanann tú é.’
‘An aimsíonn tú an chúis ina dhiaidh sin?’
‘Ní fiú bacadh leis go minic, ná fiú smaoineamh air. Nach bhfuil tús curtha agat leis an bpictiúr.’
Choinnigh mé é sin i m’intinn agus mé ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibreodh mo phéintéir agus ise, mar shampla, ag leanacht na bhforaoiseoirí i bPiréiní na Catalóine: ‘Lean sí na foraoiseoirí le holaí agus le clár agus le tacas beag ina lámh, agus phéinteáil sí leagan na gcrann, an léirscrios. Bhí sí faoi dhraíocht ag na dathanna nua a bhí in adhmad na gcrann leagtha, na stumpaí gearrtha gonta áit a raibh an glanadh, iad ag análú leo chomh fada is a bhí siad in ann …
‘Mheasc sí na dathanna go cúramach: an donn olach, an glas úr, an buí feoite ag meascadh le gorm fuar na spéire, an fuílleach seaca agus sneachta a bhí fágtha, agus tús an earraigh…’
Agus níos deireanaí, nuair a tháinig an fómhar, phéinteáil sí an fómhar: ‘Bhí sé amhail is dá loiscfeadh tine an gleann. Imreacha dearga nó órga, nó donn, nó meirgeach … Bhí deich ndath uaithi: deich scáth mheirgeacha, dearg, órga, buí. Agus theastaigh uaithi deich n-imir eile a dhéanamh as gach imir de gach dath. Theastaigh uaithi go bhfágfadh gach stríoca dá scuab dath difriúil ina dhiaidh, go mbeadh gach stríoca ar mhéid difriúil le huigeacht dhifriúil.’
Go luath san úrscéal, ba léir go mbogfadh Katherine Proctor, an péintéir, agus a comrádaí Michael Graves ar ais go hÉirinn in imeacht ama. Nuair a smaoinigh mé faoi sin, ní raibh aon imní orm faoi cén áit in Éirinn a ngabhfadh siad. Go Baile Átha Cliath, b’fhéidir, ar dtús, agus áit eile ina dhiaidh sin, cuma cén áit.
Ach nuair a shroich mé an chaibidil ina bhfilleann siad ar Éirinn d’éirigh fadhb leis an scéal. Bhí mé idir dhá chomhairle, mé ag cur na hoibre ar an méar fhada. Níor raibh a fhios agam cén fáth. Lá amháin, áfach, chinn mé é a scríobh is gan bacadh le bheith ag machnamh air: an chaibidil a thosú. Ní thiocfadh aon abairt chugam, áfach. Ná aon íomhá. Theastaigh uaim go mbeadh mo chuid carachtar in áit eicínt in Éirinn. Lig mé do m’intinn dul ag fánaíocht thart. Ach bhí mé i sáinn go fóill.
Smaoinigh mé ansin ar an rud a dúirt Barrie Cooke liom: ‘Tarraing marc nó fág lorg.’ Níl a fhios agam anois, beagnach daichead bliain ina dhiaidh sin, dá mbuailfeadh duine eicínt ar an doras an soicind sin nó dá mbuailfeadh goin ocrais gan choinne mé, an marc eile ar fad a d’fhágfainn agus mise ag filleadh ar an leathanach níos déanaí.
Scríobh mé dhá fhocal is scríobh mé go sciobtha iad, as mo sheasamh. Scríobh mé: ‘An fharraige’ agus ansin, arís eile le luas agus gan smaoineamh air, chuir mé isteach lánstad agus chuir leis: ‘Loinnir liath ar an bhfarraige.’ Agus ba í cósta Loch Garman a bhí sa loinnir liath sin. Nó le bheith níos cruinne fós, ba é an áit é ina ndearna sruthán beag a bhealach tríd an trá, an áit a mbíodh teach Keating sul má creimeadh an bóthar agus ina dhiaidh sin sul má creimeadh an cnoc taobh thiar de, an cnoc go hiomlán agus an t-ionad faire, agus ansin an teach féin agus na seideanna ar fad.
Bhí mé ar ais ann arís ar bhóithrín na smaointe. Is ann a théadh muid sna samhraí fada nuair a bhí mise ag éirí aníos. Ach níor thuig mé cén chaoi a bhféadfainn an cineál dráma a bheadh ag teastáil ó úrscéal a fháisceadh as an áit. Ní raibh mórán daoine ina gcónaí ann. Ní raibh mórán ar siúl ann. Ar chósta thoir na hÉireann a bhí sé. Ní bhíodh na tonnta ag greadadh i gcoinne na n-aillte ann ach iad ag muirniú clocha beaga duirlinge. Agus sách gann a bhí na clocha beaga duirlinge fiú. Dream réchúiseach iad muintir na háite. Maidineacha samhraidh, throideadh an ghrian go minic i gcoinne an cheo chun briseadh thríd, ach ba cheo éadrom é, ní thabharfá ceo air ar chor ar bith scaití, ach cuirtín ceobhránach b’fhéidir. San oíche, d’fhéadfá teach solais an Tuscair a fheiceáil.
Seo é an áit ina bhfuair mo phéintéir san úrscéal dathanna nua: ‘An solas duairc liath ar an bhfarraige os comhair Bhaile an Choinigéir a raibh dath mhiotal an ghunna uirthi. B’éagsúlacht shéimh, fhíneálta de dhath eicínt eile é gach aon dath ann féin: bánbhuí, dath an airgid, bánghorm, glas éadrom, dúliath. Ba ghearr go n-oibreodh sí ar chanbhás: ‘Thosódh sí le solas liath Loch Garman lá liath i mí Iúil, le buí ina mbeadh teolaíocht bhán tríd. Agus d’oibreodh sí léi as a cuimhne agus an canbhás scaoilte isteach i gcoinne thaobh an bhotháin aici. Chuirfeadh sí gach rud ag tréigean isteach ina chló féin is í ag neartú na ndathanna chomh cúramach ansin nó go mbeadh fite fuaite ina chéile; an fharraige féin ina loinnir dhoiléir de sholas liath.’
Le linn domsa a bheith ag obair air sin, ba bheag nár bhain mé sásamh fisiciúil as an bhfocal ‘liath’ a scríobh. Ba ghearr gur theastaigh uaim an t-úrscéal sin a chríochnú, mar bhí rud eile ar m’intinn, úrscéal nua iomlán as an bpíosa suite sa gceantar ceannann céanna – an áit ina mbíodh níos mó ceobhráin ná báisteach sa samhradh, níos mó scamall ná grian; áit ar chreid mé nach raibh a dhóthain de shaol inmheánach ná d’fhuinneamh ann le gurbh fhiú úrscéal iomlán a lonnú ann. Bhí an chuma anois air go mbeadh na heaspaí seo, na heaspaí a dtugadh Elizabeth Bishop ‘an domhan beag iargúil litriúil seo’ orthu, go raibh siad inbhraite, lán de mhothúcháin, torthúil beagnach.
Caithfidh go ndearna sé difríocht go mb’áit é ar chreid mé nach seasfainn arís choíche ann óir níor fhill muid arís air théis bhás m’athar.
In The Heather Blazing, an t-úrscéal a scríobh mé ina dhiaidh sin, sin é an áit a tugadh an príomhcharachtar, Eamon Redmond, nuair a bhásaigh a mháthair. Is ann a chaith sé na samhraí agus é ina ghasúr. Agus anois tá sé théis filleadh ar an áit chun an samhradh a chaitheamh ann arís: ‘Shiúil sé ó dheas i dtreo Bhaile an Choinigéir. Bhí an ceobhrán scaipthe go hiomlán agus bhí an tráthnóna éirithe séimh agus te le paistí gorma sa spéir. Gach uair a tháinig na tonnta isteach d’ardaigh siad leo na clocha beaga duirlinge ar an gcladach, dá mbrú rompu is dá gcur ag cnagarnach i gcoinne a chéile. Rinne siad fuaim chlagarnach ghlogarach de réir mar a bhuail gach tonn iad sul má tharraing siar arís.’
Feiceann sé an creimeadh ag tarlú os comhair a dhá shúil: ‘Chuir an Chomhairle Contae níos mó moghlaeirí síos faoi bhun na haille chun an fharraige a stopadh. Ba chuimhneach leis nuair a bhí bóthar ar an taobh seo den teach, agus garraí ar an taobh eile den bhóthar. Ba chuimhneach leis na carranna ag tiomáint timpeall ar chiumhais an bhóthair sna blianta ina raibh an garraí scuabtha chun siúil agus ina raibh titim le fána ann síos díreach chun na trá. Ceann de na Domhnaigh sin sa samhradh: spéir ghlan ghorm agus grian láidir ag lonrú ó ghaothscáthanna Morris Minors agus Morris Austins le linn dóibh a bheith ag casadh go cáiréiseach, cúramach sa gcarrchlós.’
Ní hamháin gur chruthaigh ‘an domhan beag iargúil litriúil seo’ suíomh na n-úrscéalta féin, ach spreag suaimhneas na háite guth agus ton faoi leith a shnigh a bhealach isteach in abairtí agus i ndrámaí na leabhar.
– Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024
Fág freagra ar 'Scríobh mé dhá fhocal is scríobh mé go sciobtha iad – ‘An fharraige’'