NA MEÁIN / Craoltóirí Gaeilge ar buile faoi íocaíochtaí rúnda le Tubridy
Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Méabh Ní Thuathaláin
Tá fearg mhór ar bhaill foirne i RnaG agus i Nuacht TG4 gur íocadh airgead breise go rúnda le Ryan Tubridy tráth a raibh ciorruithe i réim i seomra nuachta TG4 agus comhionannas pá á shéanadh ar oibrithe an raidió