Scoláire Gaeilge tofa ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann

Áirítear ballraíocht ar Acadamh Ríoga na hÉireann ar cheann de na honóracha is mó a bhronntar ar lucht léinn in Éirinn

Scoláire Gaeilge tofa ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann

An Dr Meidhbhín Ní Úrdail, Ceann na Nua-Ghaeilge UCD. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá scoláire Gaeilge ar dhuine den 27 scoláire atá tofa ina mbaill d’Acadamh Ríoga na hÉireann.

Tá sé fógartha go bhfuil an tOllamh Meidhbhín Ní Úrdail, Ceann na Nua-Ghaeilge sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i measc na ndaoine is deireanaí a toghadh chun an Acadaimh.

Áirítear ballraíocht ar Acadamh Ríoga na hÉireann ar cheann de na honóracha is mó a bhronntar ar lucht léinn in Éirinn.

Tá saineolas ag an Ollamh Ní Úrdail ar oidhreacht lámhscríbhinní Gaeilge an ochtú agus an naoú céad déag agus tá réimse leathan leabhar scríofa aici. Chaith Ní Úrdail, arb as Corcaigh ó dúchas di, seal ag staidéar agus ag léachtóireacht sa Ghearmáin chomh maith.

Tá Cathaoirleach NPHET, an tOllamh Philip Nolan, ar dhuine eile den 27 scoláire atá tofa chun Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá Nolan ina Uachtarán ar Ollscoil Mhá Nuad.

637 ball ar fad atá ar an Acadamh.

Fág freagra ar 'Scoláire Gaeilge tofa ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann'

  • Cluain Sceach

    Agus é tuillte go maith aici

  • Éilís Ní Anluain

    Tréaslaím do ghradam leat, a Mhéibhín.

  • Lillis Ó Laoire

    An-scéal go deo. Comhghairdeas leat a Mheidhbhín!