Cuireadh tús an tseachtain seo le comhthionól na gcairdinéal le pápa nua a roghnú. Bhí muid ag fanacht le cúpla lá go bhfeicfeadh muid an deatach bán ag fáinneáil aníos as an simléar an Séipéal Sistíneach.
Idir an dá linn, fear as Páirc Chnoc Mór na Gaibhlte i nDroimneach i mBaile Átha Cliath a bhí i gceannas an tí sa Vatacáin, an Cairdinéal Kevin Farrell ar fhág an Pápa Proinsias cúram an ‘camerlengo’ air. Deirtear go bhfuil Gaeilge ag Farrell a rugadh sa mbliain 1947 agus a chuaigh ar scoil i Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge i mBaile Átha Cliath, áit a mbeadh staidéar déanta aige ar an nGaeilge go leibhéal na hardteiste. D’fhág sé Éire sa mbliain 1966 agus naoi mbliana déag slánaithe aige.
An gciallaíonn sé sin go bhfuil Gaeilge aige?
Bhuel, tuairiscíodh ar CNN.com i rith na seachtaine go bhfuil an Ghaeilge aige chomh maith leis an mBéarla, an Spáinnis agus an Iodáilis. Chuir a mhuintir an-bhéim ar an nGaeilge de réir tuairisc san Irish Post a deir gur tógadh le Gaeilge é.
De réir Rome Reports níor tharla sé ach trí huaire i stair na hEaglaise gur toghadh camerlengo ina phápa, agus ní dócha go raibh Gaeilge ag aon duine den triúr sin.
Ní hé Farrell an t-aon Chairdinéal Éireannach a bhí luaite i measc na ndaoine a d’fhéadfadh a bheith san áireamh. Rugadh an Cairdinéal Joseph William Tobin in Detroit Michigan agus tuairiscítear gur dhúirt sé in 2016 gur de bhunadh na hÉireann é. Dúirt sé gur tháinig a sheanmháthair ar imirce go Boston agus gur tháinig sí ó ‘a rather poor passionate and rollicking group of shanty Irish’, pébí cé hiad sin.
Níl aon Ghaeilge ag Tobin, chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach, ach dúirt sé le nuachtán eile, an Scala News, go raibh Béarla maith ag a mhamó, ach gur dhúirt sí a cuid paidreacha i nGaeilge i gcónaí mar nach raibh sí cinnte go raibh Béarla ag Dia.
Bhí a fhios againn riamh gurb í an Ghaeilge teanga na naomh.
***
Jóc ‘Knock, Knock’
Ar chuala tú an ceann seo?
Cnoc Mhuire, Cnoc Mhuire.
Cé atá ansin?
Google Translate.
Google Translate, cé?
Google Translate a scríobh an comhartha seo.
Tá pictiúr ag dul thart ar na meáin shóisialta le tamall de chomhartha a chonacthas os cionn dorais in ospidéal i mBaile Átha Cliath. ‘Please Knock Before Entry’ a bhí scríofa in uachtar i mBéarla agus thíos faoi ‘Le Do Thoil Cnoc Mhuire Roimh Iontráil’.
Cá bhfios céard a bhí ar an taobh eile den doras sin, ach ní fhéadfadh go raibh sé go maith agus gá le hoilithreacht spioradálta go Maigh Eo sula ngabhfá isteach ann.
***
Is minic a luaitear William Blake ar dhuine de mhórfhilí Shasana ach an bhféadfadh gur Éireannach a bhí ann? Agus an bhféadfadh go raibh sé, ní hamháin Éireannach ach Gaelach freisin?
Rugadh Blake i Londain sa mbliain 1757 agus deirtear gur ann a chaith sé a shaol ar fad, ach tá fianaise nua aimsithe ag an scríbhneoir Philip Hoare a thugann le tuiscint go mb’fhéidir go mba dhuine de bhunadh na hÉireann a bhí ann. Tá leabhar nua scríofa ag Hoare, William Blake and the Sea Monsters of Love.
Scríobh Hoare alt dár teideal Was William Blake, one of England’s greatest poets actually Irish? san Irish Times an tseachtain seo caite.
Spreag an t-alt litir ó dhuine de léitheoirí an pháipéir a luaigh taighde le Elizabeth O’Higgins a foilsíodh sa Dublin Magazine sna 1950idí ina ndéanann sí an cás go raibh Gaeilge ag William Blake. Tá na haltanna a scríobh sí le fáil sa gcartlann ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ina measc, tá alt ina ndéanann sí anailís ar fhocail Éireannacha sa mhiotaseolaíocht a chum Blake.
Bhí sé de cháil ar Blake gur chum sé a chuid miotaseolaíochta féin faoi fhéin. Cé nach mórán airde a fuair Blake lena linn féin – rugadh é sa mbliain 1757 agus mhair sé go dtí 1827 – bhí an-tóir ar shaothar san Aois Rómánsaí.
File eile a raibh bá aige leis an miotaseolaíocht a chuir an smaoineamh chun cinn ar dtús gur Éireannach é Blake. Dúirt W.B. Yeats agus Edwin J. Ellis gur de shliocht na hÉireann é William Blake ina n-eagrán de shaothar Blake a foilsíodh sa bhliain 1893, leabhar ónar tháinig go leor den staidéar nua-aimseartha ar an bhfile.
Ceann de na píosaí is cáiliúla a scríobh William Blake ná ‘And did those feet in ancient time’, ar amhrán aitheanta náisiúnta anois é ag muintir Shasana faoin teideal Jerusalem. Cloistear go minic é á chasadh ag an lucht leanúna roimh chluichí idirnáisiúnta fhoireann rugbaí Shasana. B’fhéidir go bhfuil gá le leagan Gaeilge.
And did those feet in ancient time,
Walk upon England’s mountains green:
And was the holy Lamb of God,
On England’s pleasant pastures seen!…
I will not cease from Mental Fight,
Nor shall my Sword sleep in my hand:
Till we have built Jerusalem,
In England’s green & pleasant Land.
***
Ag breathnú ar…
An scannán Conclave. Céard eile? Tá Conclave bunaithe ar an úrscéal den ainm céanna leis an scríbhneoir ón mBreatain, Robert Harris. Baineann sé le bás pápa agus comhthionól rúnda na gcairdinéal leis an gcéad phápa eile a roghnú. Is saothar ficsin é gan amhras, agus ní fhéadfaí a rá go bhfanann sé dílis don fhírinne go hiomlán. Ní clár faisnéise é, ar ndóigh, ach tugtar an-aird sa scannán ar na cultacha agus don seit agus tá an-taispeántais ann ó Ralph Fiennes agus Isabella Rossellini.
Fág freagra ar 'An Ghaeilge, teanga Dé; William Blake agus jóc ‘Cnoc Mhuire, Cnoc Mhuire’'