Is beag eolas atá Údarás na Gaeltachta sásta a thabhairt faoi fheachtas fógraíochta de chuid na heagraíochta a bhfuil an chuma air gur úsáideadh an intleacht shaorga lena chruthú.
Fógraíodh an scéim ‘Glasoiliúint’ do cheardaithe Gaeltachta ar chuntais mheán sóisialta an Údaráis i mí an Mhárta. Úsáideadh íomhánna san fheachtas fógraíochta a raibh an chuma orthu gur úsáideadh AI lena nginiúint. Cáineadh ar líne cinneadh an Údaráis dul i muinín ‘AI slop’ le fógraíocht a dhéanamh faoi scéim a bhaineann le cúrsaí comhshaoil.
Luadh sa cháineadh na deacrachtaí comhshaoil a chruthaíonn an intleacht shaorga, droch-chaighdeán na n-íomhánna a chruthaíonn sí, agus an obair ghrianghrafadóireachta a d’fhéadfaí a thabhairt do dhuine Gaeltachta leis na híomhánna a chruthú.
Luadh freisin i gcás ar leith nach raibh an trealamh pearsanta cosanta cuí á chaitheamh ag an “oibrí” a bhí le feiceáil san íomhá a ghin an AI.
Chuir Tuairisc ceisteanna cúpla uair ar Údarás na Gaeltachta faoin bhfeachtas fógraíochta agus faoi pholasaithe na heagraíochta i leith úsáid na hintleachta saorga, ach is beag eolas a bhí an eagraíocht stáit sásta a thabhairt.
“Tá an cheist seo ardaithe leis an gconraitheoir a bhí ag obair ar an bhfeachtas thar ceann an Údaráis. Tá polasaí intleachta saorga in áit ag Údarás na Gaeltachta a leagann amach go soiléir go mbeadh úsáid na hintleachta saorga trédhearcach, cuntasach agus mínithe.
“Cé go bhfuil uirlisí intleachta saorga á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta, níl na huirlisí sin in úsáid chun freastal ar an bpobal ag an tráth seo, ag teacht le polasaí inmheánach na heagraíochta,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.
Maíodh nach mbeadh sé “cuí” na comhráite a bhí ag Údarás na Gaeltachta leis an gconraitheoir a bhí ag obair ar an bhfeachtas a phlé le Tuairisc.
Ní raibh an tÚdarás sásta a dheimhniú cé acu ar úsáideadh nó nár úsáideadh AI leis na híomhánna a ghiniúint, ná a rá cé acu an raibh nó nach raibh an tÚdarás ar an eolas faoi úsáid na hintleachta saorga san fheachtas, ná aon eolas a thabhairt faoi “polasaí inmheánach eatramhach” na heagraíochta i leith na hintleachta saorga.
“Is polasaí inmheánach eatramhach é go dtí go mbeidh treoirlínte stáit ar úsáid na hintleachta saorga sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí foilsithe, treoirlínte go bhfuil súil leo go luath,” a dúirt an t-urlabhraí.
Foilsíodh treoirlínte an rialtais ó fuarthas ráiteas an Údaráis.
Maíodh go leagtar amach “go soiléir” sa pholasaí atá “in áit” ag Údarás na Gaeltachta go mbeadh úsáid na hintleachta saorga “trédhearcach, cuntasach, agus mínithe”.
Ní rabhthas sásta cuntas a thabhairt ar an bhfáth nár míníodh go trédhearcach sna fógraí go raibh íomhánna AI in úsáid iontu ná cé na céimeanna a ghlacfadh an tÚdarás amach anseo lena chinntiú go míneofaí don phobal más íomhánna AI a bheadh in úsáid i bhfeachtais fógraíochta.
Donncha
Tá íomhanna AI á n-úsáid acu le b’fhéidir bliain, ní hamháin leis an bhfeachtas seo. Tá folúntais fógraithe acu ag úsáid íomhanna AI chruthaithe. Agus is léir ó chuid den ábhar a bhíonn scríofa i mBéarla, ar na meáin sóisialta ag baill foirne agus i ríomhphoist, go bhfuil deatach á bhaint as ChatGPT in oifigí an Údaráis! Agus, chuirfinn geall, Google Translate!
Cormac Ó HAODHA
“polasaí inmheánach eatramhach” FFS
Ana-alt @ Maitiú & Tuairisc
Máire Úna Ní Bheaglaoich
Ní aontaím le AI…níl sé nádúrtha…is fearr an intleacht daonna…cuirfidh sé deireadh le postanna,ní bheidh sé soiléir cé a scrígh an t- alt…ag cur deireadh le Daoine ( an w.e.f,w.h.o.agus rl agus na billiúnaithe laistiar dóibh,ag glacadh cumhachtaí chucha féin …le lán- chead rialtaisí.)Is mithid stop a chur leis seo.Maidir le rúndacht an údaráis( an rud céanna nuair a dhíoladar Aramara)….mo náire!
Donncha
Ag magadh faoi dhaoine atá siad.
“Tá Údarás na Gaeltachta ar ghearrliosta do dhá dhuais do thograí margaíochta ag Duaiseanna eGovernment na hÉireann 2025 🏆
We’re thrilled to announce that Údarás na Gaeltachta has been shortlisted for two prestigious awards at the 2025 Ireland eGovernment Awards.
Our innovative work has been recognised in the following categories: ▪️ AI Award ▪️ Multi-lingual and Internationalisation Award
Aithníodh ár n-obair sna catagóirí seo: ▪️ Duais AI ▪️ Duais Ilteangach agus Idirnáisiúnaithe
Léiríonn na hainmniúcháin seo ár dtiomantas don nuálaíocht dhigiteach – ag úsáid na hintleachta saorga chun seirbhísí níos cuimsithí a chruthú.
Beidh an searmanas ar siúl ar an 18ú Meán Fómhair áit a mbronnfaidh An Taoiseach Micheál Martin TD na duaiseanna.
Is mór an onóra a bheith aitheanta in éineacht le tionscadail iontacha eile ón earnáil phoiblí, lena n-áirítear An Roinn Caiteachais Phoiblí, IMMA IMMA – Irish Museum of Modern Art, An Roinn Dlí agus Cirt agus go leor eile.
Tuilleadh eolais: https://digitalgovawards.com/finalists/
#TacúChunTairbhe #eGovernmentAwards #AI #ArdIntleacht”