Ceannaire nuachta nua á lorg ag TG4

Beidh an té a cheapfar ina Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha lárnach sa phlé atá ar bun le cúpla bliain anuas maidir leis an bplean go mbeadh seirbhís nuachta ag TG4 a bheadh neamhspleách ó RTÉ

Ceannaire nuachta nua á lorg ag TG4

Tá post an Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha fógartha ag TG4. Tá iarCheannaire Nuachta an stáisiúin, Deirdre Ní Choistín, ina hardstiúrthóir ar an stáisiún ó chuaigh Alan Esslemont ar scor an mhí seo caite.

Táthar sa tóir ar dhuine nua don ról, a cruthaíodh in 2022, a chuirfidh an straitéis nuachta atá ag TG4 i gcrích agus “cultúr nuachta agus cúrsaí reatha TG4 a thabhairt chun cinn a bheidh bunaithe ar chroíluachanna TG4”.

Beidh an té a cheapfar ina Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha lárnach sa phlé atá ar bun le cúpla bliain anuas maidir leis an bplean go mbeadh seirbhís nuachta ag TG4 a bheadh neamhspleách ó RTÉ.

Luaitear freisin sa bhfógra don phost go mbeidh an Ceannaire Nuachta freagrach as “plean oiliúnã” a fhorbairt don iriseoireacht ilardáin agus as “branda Nuacht TG4 a láidriú agus a chur i mbéal an phobail”.

Ní mór don duine a chuirfidh isteach ar an bpost “céim san iriseoireacht, sa chumarsáid, nó a chomhionann” a bheith aige agus “taithí shuntasach eagarthóireachta” a bheith aige maidir nuacht agus cúrsaí reatha.

Deirtear go n-éireoidh le duine atá “ábalta oibriú go muiníneach, go solúbtha, agus go héifeachtach” i dtimpeallacht “spreagúil”. Ní luaitear aon tuarastal leis an bpost ach deirtear gur ag “Grád 2” a bheidh an té a cheapfar.

Tá éiginnteacht ann le tamall faoin bplean go mbeadh smacht eagarthóireachta ag TG4 ar a seirbhís nuachta féin agus Roinn na Meán ag súil le tuarascáil ó Choimisiún na Meán faoin dul chun cinn atá déanta sa phróiseas. Bhí sé i gceist ag lucht bainistíochta TG4 go mbeadh seirbhís nuachta neamhspleách ag an stáisiún roimh dheireadh na bliana seo, ach ní dócha go mbainfear amach an sprioc sin.

Dúirt an tAire Cumarsáide Patrick O’Donovan an tseachtain seo nach bhfuil sé buartha faoi aon “dúbláil neamhriachtanach” a bheith ar bun idir na seirbhísí a chuirtear ar fáil ar RTÉ agus TG4.

Luaigh an tAire Patrick O’Donovan i bhfreagra ar cheist Dála roinnt de na moltaí a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán i leith na Gaeilge, ina measc an t-athbhreithniú cuimsitheach ar an soláthar Gaeilge sna meáin atá á dhéanamh ag Coimisiún na Meán.

Ach níor luaigh an tAire an moladh go dtabharfaí saoirse eagarthóireachta ó thaobh na nuachta do TG4.

Chaith Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst amhras an samhradh seo caite ar an bplean seirbhís nuachta neamhspleách a bhunú do TG4.

Dúirt Kevin Bakhurst nach raibh sruth síoraí iriseoirí oilte Gaeilge ar fáil agus go mbeadh sé an-deacair dhá sheomra nuachta Gaeilge, ceann ag RTÉ agus ceann ag TG4, a líonadh.

Chuir iarcheannasaí TG4, Alan Esslemont, soiniciúlacht i leith RTÉ an uair sin agus chuir sé an milleán orthu as an easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh i dtaca leis an bplean neamhspleáchais.

Chomh maith le ceist mhór an neamhspleáchais nuachta a láimhseáil, beidh ar an té a cheapfar ina Cheannaire Nuachta “fís eagarthóireachta Nuacht TG4 a chur i gcrích sa réimse dhigiteach ilardáin” agus a bheith ag feidhmiú mar “eagarthóir coimisiúnaithe ar shraitheanna nuachta agus cúrsaí reatha ón earnáil neamhspleách léiriúcháin” – leithéidí Nuacht Cúla4, a dhéanann Fíbín, agus Iniúchadh TG4, a dhéanann Clean Slate Television.

Fág freagra ar 'Ceannaire nuachta nua á lorg ag TG4'