Scéinséir gnásúil le bithiúnach ón bhfíorshaol

Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit gur saothar beathaisnéiseach atá anseo le Del Toro sa phríomhról ach ní hamhlaidh atá

Escobar

Escobar: Paradise Lost

Stiúrthóir: Andrea Di Stefano

Cliar: Benicio Del Toro, Josh Hutcherson, Brady Corbet, Claudia Traisac, Carlos Bardem, Ana Giradot.

Faoi thús na nóchaidí bhíothas ag rá faoi Pablo Escobar gurb é an coirpeach is saibhre a bhí riamh ann. I Rionegro agus Medillín na Colóimbe a fuineadh agus a fáisceadh an gáinneálaí drugaí seo a raibh tuairim is $25billiún cnuasaithe aige faoin dtráth sin. Níorbh aon iontas gur baisteadh The King of Cocaine air. Mar is dual do dhuine atá ag tuilleamh a chrústa in iomaire na ndrugaí ba dhuine brúidiúil neamhthrócaireach é Escobar. Ba laoch de short é i measc a phobail féin, áfach, agus airgead á chaitheamh aige ar ospidéil, scoileanna, séipéil agus foirne/áiseanna sacair.

I gcaitheamh na mblianta tá go leor saothar faisnéise agus drámatúla faoi Escobar tagtha os ár gcomhair. Ba tháirge iontach é The Two Escobars (2010) a thug léargas ar an bhfear drugaí agus an t-imreoir sacair comhaimseartha leis den sloinne céanna. Go deimhin tá táirge eile chugainn ag an ndeireadh seachtaine, Narco, a thágann ó cheárta Netflix.

Is mar aisteoir agus mar scríbhneoir a bhíonn Di Stefano ag saothrú a chuid agus is óna pheann féin a tháinig an scríbhinn dá chéad fhadscannán.

Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit gur saothar beathaisnéiseach atá anseo le Del Toro sa phríomhról ach ní hamhlaidh atá. Is beag rian den bheathaisnéis atá ann agus is cumadóireacht ghlan atá i gcuid mhaith den scéal.

Cleas seanchaite é an strainséar aineolach, saonta a úsáid mar ghléas le bheith istigh a thabhairt don lucht féachana i dtír allúrach agus scéal casta a shimpliú. Sa chás seo, tá Nick (Hutcherson) againn, surfálaí atá imithe chun na Colóimbe le gnó surfála a bhunú lena dheartháir Dylan (Corbet) agus compánaigh eile. Ar ámharaí an tsaoil, buaileann sé le neacht Escobar agus cuirtear gaol rómánsúil sa tsiúl eatarthu.

Diaidh ar ndiaidh, súitear Nick isteach sa domhan aduain seo go dtí go bhfuil sé fágtha ar imeall na haimléise. Is ansin a fheicimid é ag tús an scannáin agus is iardhearcadh atá sa chuid eile.

Cé go ndéantar iarrachtaí anseo agus ansiúd spléachadh a thabhairt ar mheon Escobar is é Nick príomhcharachtar an scannáin agus don uair an chloig deireanach, níl ann ach scéinséir gnásúil ina bhfuil an ceann feadhna ag iarraidh na cosa a thabhairt leis. Aithneoidh daoine Hutcherson óna ról mar Peeta Meelark i gcnuasach rathúil The Hunger Games. Is laoch patuar é Peeta agus is carachtar uiscealach den saghas céanna atá idir lámha aige anseo. Cuma chráite, shaonta air formhór an ama agus aisteoireacht mhaide lena chois.

Lena cheart a thabhairt do Del Toro, téann sé i ngleic le hEscobar go muiníneach agus déanann sé a chuid féin den charachtar, cé nach bhfuil sé chomh lárnach sa scéal is a mheasfá. Bhí an-chuileachta ag luch na gcultacha, a déarfainn, is brístí gearra addidas, geansaithe sacair, caipíní daorchluiche agus feistis eile na linne á gcaitheamh ag Escobar.

Deineadh an scannánú i bPanama agus éiríonn le Di Stefano áilleacht na duthaí a thabhairt leis mar aon le léargas a thabhairt ar bhochtanas an cheantair. I ndeireadh na dála, ní saothar beathaisnéiseach atá anseo ach scéinséir gnásúil le bithiúnach ón bhfíorshaol.

Fág freagra ar 'Scéinséir gnásúil le bithiúnach ón bhfíorshaol'