Scéin ar an bpobal i ndiaidh mharú mná agus a leanbh gan bhreith

Údar náire é go bhfuiltear ag fanacht chomh fada sin le straitéis in aghaidh an fhoréigin bhaile agus inscne

Scéin ar an bpobal i ndiaidh mharú mná agus a leanbh gan bhreith

Bigil os comhair Theach na Parlaiminte in Stormont i gcuimhne na mban a maraíodh le gairid agus chun daoine a ghríosú le stop a chur le foréigean in aghaidh na mban agus cailíní.

Is truamhéalach an scéal é nár tháinig aon fhaoiseamh ó fhuath ban agus maruithe uafásacha le saoire na Nollag nó na hathbhliana.

Maraíodh Natalie McNally, 32, ina teach cónaithe ar an Lorgain i gcontae Ard Mhacha ar an 18 Nollaig. Bhí sí os cionn trí mhí torrach. Lá Caille frítheadh Bruna Fonseca, 28, ón mBrasaíl, a maraíodh in árasán i gCorcaigh.

Déardaoin bhailigh polaiteoirí, lucht feachtais in aghaidh fuath ban agus an fhoréigin, muintir Natalie agus gaolta le mná eile a dúnmharaíodh le haghaidh na bigile ag Stormont. Crochadh pictiúr Bruna Fonseca chomh maith le pictiúr Natalie. An teachtaireacht – ‘ná ligtear d’éinne aon bhean eile a chur leis an liosta brónach seo’.

Ghabh duine de thriúr deartháireacha Natalie, Declan McNally, buíochas leis an bpobal as a dtacaíocht. Cibé easaontas atá follasach abhus, ar sé, tá a fhios againn go bhfuil daoine aontaithe gur gá deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban.

D’achainigh sé ar gach duine cur lena ndícheall chun an aidhm sin a bhaint amach – i gcuimhne Natalie.

Ba í Michelle O’Neill, Sinn Féin, an chéad-aire gan oifig, a d’eagraigh an bhigil agus thacaigh gach páirtí léi. D’impigh an DUP, an SDLP agus an Alliance ar dhaoine eolas ar bith a bheadh acu, ba chuma cé chomh fánach é, a roinnt leis an PSNI nó le Crimestoppers.

Tamall gearr i ndiaidh na bigile, d’fhógair an bleachtaire Neil McGuinness, atá i gceannas an fhiosraithe ar mharú Natalie McNally, go raibh uirlis an dúnmharaithe faighte ag an PSNI. B’as teach Natalie féin é.

Ba léir go raibh an bleachtaire cigire McGuinness ag iarraidh an pobal ar an Lorgain a shuaimhniú. Bhí faitíos an phobail ar an mbaile ag treisiú trí seachtaine ó maraíodh Natalie, scéin le braistint ansin agus i gceantair eile sa Tuaisceart nár rugadh ar éinne faoin gcoir agus go raibh dúnmharfóir brúidiúil ina measc.

Dúirt an bleachtaire gurb é a bharúil nár chontúirt d’éinne eile an fear a sháigh Natalie, nach raibh glas ar a doras agus gur chosúil go raibh aithne aici air. Ní raibh a fhios aige ar tháinig an fear go dtí an teach in aon turas chun í a mharú nó ar spréach sé le linn a chuairte. Ba léir go ndearna Natalie iarracht í féin a chosaint.

Fadhb fhorleathan is ea foréigean in aghaidh na mban abhus, fuair an PSNI tuairiscí ar bhreis is 33,000 cás den fhoréigean baile anuraidh go dtí deireadh na Samhna. Bhí foréigean in aghaidh na bhfear san áireamh sna cásanna sin freisin ach ionsaithe nó ansmacht ar mhná ab ea an móramh. Tá ionsaithe ar aon duine doghlactha.

Níor cúisíodh daoine as idir trian agus leath de na cásanna ar fad. Is minic a tharraingíonn daoine líomhaintí siar, le teann faitís go minic.

Bheadh sé riachtanach a bheith airdeallach faoi na coireanna seo in am ar bith ach is údar mór imní é líon na gcásanna a bheith ag dul i méid gach bliain. Thairis sin is cúis bhuartha é an cineál ábhair atá le fáil ag buachaillí agus fir óga ar shuíomhanna idirlín áirithe a bhfuil aird tarraingthe orthu le tamall.

Deir múinteoirí go dtugann go leor buachaillí sna déaga cuairt ar shuíomh Andrew Tate, a gabhadh sa Rómáin le déanaí. Maítear go bhfuil mealltóireacht idirlín á déanamh orthu, é á rá leo go bhfuil ‘smachtú’ ban inghlactha.

Cheapfainn nach é Tate an t-aon duine a mbíonn tionchar contúirteach mar sin aige, ach idir é, an gréasán dorcha agus an méadú seasta ar fhoréigean in aghaidh na mban abhus, ní mór éisteacht le teachtaireacht na bigile a bhí ag Stormont: tá sé doghlactha, cuir stop leis.

Ba mhaith an ní é go raibh na polaiteoirí ag an bhigil ach cheistigh lucht feachtais saothar na n-ionadaithe ina ról in Stormont mar nár éirigh leis na páirtithe scéim éifeachtach a thionscnamh nuair a bhí siad i gcumhacht.

Táthar ag fanacht le straitéis in aghaidh an fhoréigin bhaile agus inscne ó Stormont rófhada, a deir Women’s Aid. D’uireasa Feidhmeannas agus Tionól tá bailchríoch á cur ag státseirbhísigh ar straitéis a gealladh anuraidh. Ceaptar nach mbeidh an obair ullamh le haghaidh comhairliúcháin phoiblí go deireadh an earraigh.

Náire is ea é nach bhfuil plean i bhfeidhm cheana féin.

Is léir go bhfuil géarghá le feidhmiú an dlí, le pionós cuí agus le hoideachas is faireachas ó chliabhán go cill.

Fág freagra ar 'Scéin ar an bpobal i ndiaidh mharú mná agus a leanbh gan bhreith'