Gaelghiolcaire na Seachtaine
Ainm?
@Dr_Eoin_Malcolm (Ian Malcolm)
Cé é féin?
Bíonn Ian le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta agus ar Raidió Fáilte araon agus é ag tráchtaireacht ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó. Is as Contae Ard Mhacha é agus bíonn sé ag tabhairt léachtaí faoi Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge go minic. Tá leabhar scríofa aige ar an ábhar freisin.
Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
An chéad rud a fheicfidh leantóir nua de chuid Ian ná an t-uafás pictiúr de bhláthanna agus plandaí áille. Tá an-spéis aige iontu agus roinneann sé pictiúir ghleoite go minic. Seachas sin bíonn sé ag caint ar chúrsaí Gaeilge agus an caidreamh atá ag Aontachtóirí léi agus is minic a bhíonn caint uaidh ar chúrsaí spóirt freisin.
Cén fáth a leanfainn é?
Is beag Protastúnach Aontachtach a bhfuil an Ghaeilge chomh líofa aige is atá ag Ian Malcolm sa lá atá inniu ann, ach is lú arís a líon ar Twitter, agus is deas glórtha éagsúla Gaeilge a chloisteáil. Ach ní shin an t-aon chúis ar cheart Ian a leanacht; bíonn sé ag glacadh páirte go minic i gcomhráite le Gaeilgeoirí eile agus bíonn rud éigin spéisiúil le rá aige i gcónaí.
Giolc na Seachtaine
Bhí #AnKlondike i mbéal an phobail ar Twitter an tseachtain seo nuair a craoladh an chéad eagrán den tsraith nua ar TG4 Dé Máirt.
Máirtín jamesie,shot de thóin agus seisiún óil #anklondike @SNiUallachain an seo an Turas a bhí ag micí mac gabhann @AnKlondike
— Áine Ní Bhreisleáin (@AineEibhlin) September 8, 2015
Bhí @AineEibhlin ag breathnú ar an gclár agus cur síos maith déanta aici ar an gcéad cúpla nóiméad de – chuir sí ag gáirí muid!
Ragham amú tamall eile…
D’oscail TG4 cuntas Snapchat an tseachtain seo caite nuair a sheol siad Sceideal an Fhómhair i mBaile Átha Cliath. Is féidir iad a leanacht ach an t-ainm ‘tg4tv’ a chuartú ar an aip.
Ó seoladh an sceideal, tá foireann an stáisiúin ag spraoi leis an aip agus ag seoladh pictiúir agus físeáin ghearra bharrúla chuig lucht a leanta go rialta.
Tá muid ag fanacht go foighdeach le Mháirtín Tom Sheáinín chuntas seisean a oscailt.
Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (le @Dr_Eoin_Malcolm, #AnKlondike, @AineEibhlin agus tg4tv)'