Ar an 11 Nollaig 1971 phléasc buama ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste; maraíodh ceathrar, beirt leanaí óga in measc. Bhí an grianghrafadóir Alan Lewis ar an láthair. Nuair a chonaic sé an chéad leanbh á tharraingt as an smionagar agus á iompar chuige deineadh staic de. Ní raibh corp an linbh clúdaithe, fiú agus ní fhéadfadh Lewis méar a luí ar chnaipe a cheamara. Nuair a tháinig sé chuige féin ábhar tháinig olc air leis féin mar nár ghlac sé an grianghraf.
Nuair a chonaic sé an dara corp chuige, an ceann seo clúdaithe le blaincéad, luigh sé ar an gcnaipe. Níor thuig sé é ag an am ach bhí ceann de na híomhánna is uafásaí, is truacánta agus is cáiliúla de chuid na dTrioblóidí tugtha leis aige.
Níl ansin ach cuid de na scéalta corraitheacha a bhí le fáil sa chlár faisnéise uair an chloig Shooting the Darkness (RTÉ, Dé Céadaoin). Déanadh meitheal grianghrafadóirí a bhí ag obair ó thuaidh i rith na dTrioblóidí a chur fé agallamh agus labhair siad go hionraic faoina gcuid oibre i rith na tréimhse suaite sin.
Sular thosaigh na Trioblóidí i gceart i 1969 bhíodh na grianghrafadóirí ag tógáil grianghraf ag póstaí, seónna talmhaíochta agus ar ócáidí móra cosúil le teacht na Beatles go tuaisceart Éireann. D’athraigh sin ar fad nuair a thosaigh an bhuamáil agus an lámhach. Anois bhíodar ina ngrianghrafadóirí cogaidh ar an bhfód dúchais.
Ar na saolta seo measann gach n-aon a bhfuil fón cliste agus cuntas Twitter acu gur grianghrafadóirí iad ach ba cheardaithe cruthanta iad na grianghrafadóirí seo ar éirigh leo grianghraif chumhachtacha chráite a ghlacadh. Bhí a gcuid saothar le feiscint ar fud an domhain i bpáipéir cosúil leis an New York Times, The South China Morning Post, The Sunday Morning Herald, El Mundo agus Die Welt.
Ba í seo tréimhse na seomraí dorcha agus an gliúcaíl ar chlaonchlónna. Thuigeadar gur éirigh leis na grianghraif scéal truamhéalach na dTrioblóidí a insint don domhan mór ach thuigeadar chomh maith gur bhain an dá thaobh úsáid astu mar ábhar bolscaireachta. Chuir sé as go mór d’Alan Lewis gur bhain an UDA/UVF úsáid as pictiúr úd an linbh ar mhaithe le bolscaireacht earcaíochta. Maíodh go minic i rith an chláir go raibh na Poblachtánaigh an-airdeallach agus an-eolgaiseach ar chumhacht na meán.
Labhraíonn siad chomh maith faoi cheird an ghrianghrafadóra mar aon leis an gcontúirt is an sceimhle a bhain leis an obair. Ba léir gur fhág na heachtraí foréigneacha ar fad lorg ar na daoine agus tá siad fós ag streachailt lena gcuimhní cinn.
Ba é Stanley Matchett a ghlac an grianghraf cáiliúil sin ar Dhomhnach na Fola i 1972; ciarsúr bán báite le fuil á chroitheadh ag an Easpaig Edward Daly fad is atá corp Jack Duddy á iompar ó láthair an áir. Ar an 19 Márta 1988 chuir Martin Nangle a scannáin spóil i bhfolach tar éis dó grianghraif den ionsaí ar na saighdiúirí Derek Woods agus David Howes (a maraíodh ina dhiaidh sin) a thógaint. Deineadh bagairtí agus ciapadh air ina dhiaidh sin.
Saothar cumhachtach a thugann éachtaint thábhachtach faoi leith ar uafáis na dTrioblóidí.
Fág freagra ar 'Scéalta corraitheacha laistiar de phictiúir na dTrioblóidí i ‘Shooting the Darkness’'