Scéalta Chogadh na gCarad i mBéarla agus i nGaeilge i sárleabhar staire

Tá comaoin mhór curtha ag Síobhra Aiken orainn lena saothar nua a thugann scéal Chogadh na gCarad dúinn ó pheann na bhfear agus na mban a throid

Scéalta Chogadh na gCarad i mBéarla agus i nGaeilge i sárleabhar staire

Spiritual Wounds: Trauma, Testimony and the Irish Civil War

Síobhra Aiken
Praghas €29.95
Foilsitheoir: Irish Academic Press

Ceann de na laigí a bhaineann go minic le taighde sa stair [agus sa litríocht] nach mbíonn an tsuim ná an cumas ag an lucht taighde foinsí na Gaeilge a chur san áireamh. Fágann sin scéal go leor de phobal na tíre seo san am a caitheadh as an gcomhaireamh. Tá dream mór eile a fhágtar as an áireamh freisin – an plód sin nach raibh aon mhuinín acu as a gcumas ar an bpeann nó nár rug ar pheann riamh. Cén leagan dá scéal sin a insíodh nó ar bacadh leo in aon chor? Ar ndóigh tá dream eile ar iarraidh freisin – na daoine cumasacha a theith ón tír seo i dtús na 1920idí le faitíos, le náire, le déistin nó le haiféala. 

Is minic é á rá gur buaileadh cos ar scéalta Chogadh na gCarad (1922/23) mar go raibh an chréacht ró-aicídeach agus ar mholadh cuid mhaith den dream a throid é. Measadh gur chríonna an beart athmhuintearas a chothú agus “na seandeighilteanna a dhearmad”. 

Sa leabhar seo déanann Síobhra Aiken, a raibh a sinsir féin gníomhach sa gcomhrac, athscrúdú ar an dearcadh sin agus maíonn nach fíor ach gur amhlaidh go raibh an dream a d’iompair ualach an aighnis sin á insint dúinn sa litríocht nó mar a deir sí “hidden in plain sight”. Is cirte a rá nár theastaigh ó lucht a linne éisteacht leo, b’fhéidir toisc é a bheith róghar don chnámh, an “unlistened to story” mar a thug Primo Levi air. Téann an staraí seo ag tochailt i gcartlann mhór saothair ó mhná agus fir ón dá thaobh a scríobhadh in dhá theanga na tíre, go leor acu sa scór bliain i ndiaidh na caismirte. 

Ar ndóigh dearcadh a bhíodh fairsing i léann na staire gur údar náire aon rian de mhothúcháin an údair a bheith le léamh ar an saothar. Scaoileann an litríocht aer chuig na mothúcháin agus na mianta sin, idir mhaith is olc.

Éiríonn leis an staraí ildánach seo ficsean na n-údar a ainliú agus a nascadh le tuairiscí is taifid oifigiúla ón tréimhse chorrach chéanna. Tugann sin léamh eile don léitheoir ar shaothar faoina bhfuil eolas aige agus neart saothar eile is fiú a ransú amach anseo. Tá scríbhneoirí  anseo a bhí agus atá i mbéal an phobail – Macardle, Bowen, Humphreys, Jacob, O’Donnell, Mac Grianna, Mulloy, Stuart, Ó Faoláin, O’Connor, O’Flaherty agus O’Malley. 

Údar iontais dom féin an lear mór a scríobhadh nár chualas aon trácht riamh air, cuid de a ndearnadh cinsireacht air sa tír seo. Tá peannairí mná go leor eile a mbeidh mise ag gabháil á dtóraíocht – Úna Troy, Úna Uí Dhiosca, Eithne Coyle, Eilizabeth Brennan agus Nellie Ó Mahoney.

Téann an t-údar ag póirseáil sa léann ar thráma agus an lear mór taighde atá déanta ina leith ar fud na cruinne. An bhfuil faoiseamh san insint, an ‘scriptotherapy’, fiú in insintí daoine eile ar mhacasamhail do thaithí féin? An amhlaidh go seachnaíonn an té ar a bhfuil an strus iarthrámach gach rud a dhúiseodh an t-uafás? 

An gcothaíonn cogaíocht dúil san ár agus sa doirteadh fola, dúil a shásaíonn litríocht chogaíochta? An gliúcaíocht, pornagrafaíocht nó mianta collaí a spreagann mionchur síos ar ionsaithe gnéis is fola le linn áir? Cén scóip a bhíonn ag an áibhéil i saothar litríochta atá bunaithe ar thaithí an údair? 

Luaitear daoine sa saothar a scrios a gcuid cáipéisí staire ach a scríobh ficsean faoina ról. Cé acu teiripe nó athscríobh staire atá ar bun? 

Is cuimhin liom ag tús an mílaoise an scríbhneoir Paul Theroux ag moladh do scríbhneoirí Uganda a mhaígh nach bhféadfaidís scríobh faoi ré Idi Amin gur chóir dóibh tabhairt faoi “na lost years” sin. 

Aon uair a chloisim faoi mharú cuimhním ar an teaghlach a mhaireann beo leis an tráma sin ina dhiaidh. Nach troime an chros a leagadh ar Elizabeth Mac Curtáin ná ar a fear, méara Chorcaí, nuair a chaill sí cúpla de bharr an uafáis? Níor ainmníodh aon sráid ina diaidh ná níor thuill líne i leabhar staire.

Cúig chaibidil atá sa leabhar breá seo agus ní haon iontas gur chuir mé féin suim ar leith sa gcaibidil ‘From Rest to Writing Cures: Testifying to Women’s Pain’. Gné de shaol na mban a bhí gníomhach sa gcogadh nár rith liom riamh go rabhadar ann a chreid go raibh geis amháin sáraithe ag na mná sin agus má bhí, nár thuilleadar cosaint na sochaí ach a ndearnadh leatrom orthu. An ionann ionsaí gnéis a dhéanann trodaire ar son saoirse do thíre agus ceann a dhéanann duine de na fórsaí Gallda? An tírghrá trodaire atá sa mbearna bhaoil a shásamh? 

Níor thuigeas gur ordaíodh scrúdú gínéiceolaíochta do mhná a bhí ag lorg cúitimh ón mBiúró Míleata ina dhiaidh sin. Ba thúisce a luaití na néaróga le haon anó a bheadh ar bhean ach taoscán branda nó leanna a mholtaí don fhear ar bhuail scéin é. Insíodh neart scéalta dúinn faoi na hAuxies is na Tans a bheith as a gciall leis an ól ach fadhb í sin a bhí ag an dá dhream i gcogadh na gcarad agus ‘in vino veritas’ rinneadh ainghníomhartha ar buaileadh cos orthu go minic. Striapachas, éigniú, náiriú, maslú – a bhuíochas do staraithe an lae inniu tá an fhianaise á nochtadh agus ní deas ná uasal í sna cuntais ná i litríocht na n-iarthrodairí.

Ní hannamh lucht na hacadúlachta beagán teibí is foclach ina gcuid taighde is anailíse ach ní fhéadfadh aon duine an peaca sin a leagan ar Shíobhra Aiken. Tá Spiritual Wounds: Trauma, Testimony and the Irish Civil War an-soléite, an dearadh agus an téacs slachtmhar agus réamhrá spéisiúil leis. 

Is aoibhinn liom an chaoi nach ndéantar aon idirdhealú ar bhonn teanga idir na foinsí ach mura bhfuil Gaeilge agat ní baol duit mar tá Béarla curtha aici le gach sliocht Gaeilge. Ná cuireadh an bhean ar an gclúdach aon doicheall ar fhearaibh mar ní aithníonn tráma inscne.

Foinse is cartlann luachmhar a bheidh sa leabhar seo d’aon duine ar spéis leis nó léi tuilleadh taighde a dhéanamh faoin tréimhse sin inár stair mar tá beagnach an tríú cuid den leabhar, 100 leathanach, tugtha d’innéacs, leabharliosta, tagairtí agus nótaí.

Comaoin mhór eile curtha ag an scoláire Síobhra Aiken orainn.

Fág freagra ar 'Scéalta Chogadh na gCarad i mBéarla agus i nGaeilge i sárleabhar staire'