Scéal na nÉireannach i bPríomhroinn Shasana i mbliana

Agus Stephen Kenny ag fáil faoi réir chun ceannas a ghlacadh ar fhoireann sacair na hÉireann, tabharfaidh taispeántas na nÉireannach i Sasana dóchas dó

Scéal na nÉireannach i bPríomhroinn Shasana i mbliana

Adam Idah, Aaron Connolly, Michael Obafemi, Conor Hourihane agus Matt Doherty. Pictiúr: INPHO

Tá deireadh tagtha leis an séasúr is faide i stair Phríomhroinn Shasana agus cúpla seachtain saoire tuillte ag gach duine roimh thús an tséasúir nua mí Mheán Fómhair.

Séasúr as an ngnáth a bhí ann cinnte agus stop curtha le cluichí ar feadh breis agus trí mhí de dheasca na paindéime Covid-19. Bhí sé chomh maith agat a rá, áfach, go raibh deireadh leis an gcoimhlint ag barr na sraithe nuair a tháinig stop leis na cluichí i mí an Mhárta, agus Liverpool chomh fada sin chun tosaigh ar Manchester City.

Bhí foireann Jurgen Klopp spadánta go maith nuair a tháinig siad ar ais ón mbriseadh ach ní chuirfidh sé sin as mórán d’imreoirí ná do lucht tacaíochta an chlub agus an tsraith buaite acu den chéad uair le 30 bliain anuas.

Bhí Anfield folamh nuair a bronnadh an corn ar na himreoirí Dé Céadaoin seo caite ach bhí Éireannach i lár an cheiliúrtha agus an Corcaíoch óg, Caoimhín Kelleher, mar chuid den scuad.

Níor imir Kelleher aon chluiche sa Phríomhroinn an séasúr seo ach d’imir sé a chéad chluiche don fhoireann roimh an Nollaig i gCorn na Sraithe agus d’imir sé ceithre chluiche ar fad i gcomórtais na gcorn.

Mar sin féin, drochsheans go mbeidh Kelleher mar chuid den scuad a roghnóidh Stephen Kenny agus é ag fáil réidh dá chéad chluiche i gceannas ar fhoireann na hÉireann.

Imreoidh Éire in aghaidh na Bulgáire agus in aghaidh na Fionlainne ag tús mhí Mheán Fómhair i Sraith na Náisiún agus beidh an cluiche cáilithe EURO 2020 mór in aghaidh na Slóvaice ar siúl mí Dheireadh Fómhair.

Is beag seans go raibh Kenny ag freastal ar mhórán cluichí de chuid Liverpool, Manchester City, Chelsea, Manchester Utd ná Leicester an séasúr seo agus gan Éireannach ar bith ag imirt dóibh. Bhí ar bhainisteoir na hÉireann súil a chaitheamh níos faide síos an tábla chun a imreoirí féin a aimsiú ach bheadh sé dóchasach go maith leis na taispeántais a thug cuid de na himreoirí sin, mar sin féin.

Beidh díomá ar Matt Doherty agus ar Wolves nár éirigh leo áit a bhaint amach i Sraith na gCuradh na bliana seo chugainn ach bhí bliain iontach eile ag Doherty. D’aimsigh sé ceithre chúl agus bhí sé ar dhuine de na cosantóirí ar dheis ab fhearr sa tsraith.

Feicfimid linn an dtabharfar deis dó i ngeansaí na hÉireann. Bhí deacrachtaí ag Séamus Coleman i rith an tséasúir agus a áit ar fhoireann Everton caillte aige ar feadh seala ach tá an Conallach tagtha ar ais go láidir. Thug sé taispeántais mhaithe uaidh nuair a thosaigh na cluichí arís, go háirithe in aghaidh Liverpool agus in aghaidh Leicester.

Matt Doherty agus Seamus Coleman. Pictiúr: INPHO

Tá gaisce déanta ag Sheffield Utd tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach anuraidh. D’imir John Egan i lár an aonaid chosanta i mbeagnach gach cluiche agus fuair sé dhá cúl den scoth le cúpla seachtain anuas freisin. Níor aimsigh David McGoldrick ach an dá chúl chomh maith. 23 cluiche a d’imir an tosaí do Sheffield Utd agus moladh go hard é as an obair a rinne sé chun deiseanna a chruthú d’imreoirí eile.

Tá McGoldrick beagnach 33 bliain d’aois agus ní fios cé chomh fada eile a bheidh sé le feiceáil ar fhoireann na hÉireann. Tá scata tosaithe óga ón tír seo ag teacht chun cinn sa Phríomhroinn i láthair na huaire ach bhí a gcuid trioblóidí féin acu an séasúr seo.

Charity Aaron Connolly seal gortaithe i rith an earraigh ach scóráil sé do Brighton inné, a chéad cheann ó d’aimsigh sé péire in aghaidh Arsenal roimh an Nollaig. D’imir Adam Idah 11 cluiche sa tsraith do Norwich City, mar ionadaí den chuid is mó, ach seans gur mó dul chun cinn a dhéanfaidh sé sa dara roinn an bhliain seo chugainn.

Níor imir Troy Parrott ach sé nóiméad sa Phríomhroinn i mbliana, agus é tagtha isteach mar ionadaí faoi dhó, agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh air Tottenham a fhágáil ar feadh tamaill má tá deiseanna imeartha uaidh.

Troy Parrott. Pictiúr: INPHO

De na tosaithe óga, is é Michael Obafemi is mó a rinne dul chun cinn. D’imir sé 20 cluiche do Southampton i mbliana agus fuair sé trí chúl, ceann níos mó ná Shane Long ag an gclub céanna.

Bhí bliain chrua ag beirt de chosantóirí na hÉireann. Chaill Shane Duffy a áit ar fhoireann Brighton agus b’amhlaidh an cás ag Ciaran Clark in Newcastle.

Ní raibh ach cluiche amháin imeartha sa Phríomhroinn ag cosantóir eile, Kevin Long, nuair a cuireadh stop leis an séasúr mí an Mhárta ach tá sé ag dul ó neart go neart le Burnley ó mhí an Mheithimh agus an-seans aige anois cur le líon na gcluichí atá imeartha aige d’Éirinn.

Faraor, a mhalairt atá tarlaithe do Robbie Brady, fear nár thosaigh cluiche don chlub céanna ó mhí Eanáir. Bhí bliain réasúnta maith ag Jeff Hendrick, atá anois sa tóir ar chlub nua agus cinneadh déanta aige gan conradh nua a shíniú le Burnley.

Robbie Brady agus Jeff Hendrick. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Dea-scéal a bhí ann do bheirt eile d’imreoirí lár páirce na hÉireann, cé nach mbeidh siad féin iontach sásta leis an séasúr. Agus tréimhse fhada caite aige ag streachailt le gortuithe, d’éirigh le James McCarthy scata cluichí as a chéile a imirt do Crystal Palace, cé nach raibh sé thar mholadh beirte.

D’éirigh níos fearr le Conor Hourihane nuair a bhí sé ar an bpáirc d’Aston Villa. D’aimsigh an Corcaíoch trí chúl agus chruthaigh sé cúig cinn eile ach, cé gur imir sé i mbeagnach 30 cluiche sa Phríomhroinn, beidh sé féin den tuairim gur cheart go mbeadh níos mó imeartha aige.

Is é an cúl báire óg Mark Travers an t-aon Éireannach eile a d’imir sa Phríomhroinn i mbliana ach níor éirigh rómhaith leis nuair a chaill Bournemouth 3-0 in aghaidh Watford agus ní fhacthas sa chúl ó shin é.

Bhí bliain den scoth ag roinnt de na hÉireannaigh óga atá ag imirt sa dara roinn i mbliana chomh maith, go háirithe Ryan Manning, Jason Knight, Dara O’Shea agus Jayson Molumby. Tuar dóchais againn agus tús á chur le ré nua d’fhoireann na hÉireann faoi cheannas Stephen Kenny.

Fág freagra ar 'Scéal na nÉireannach i bPríomhroinn Shasana i mbliana'