Beidh sé galánta, a dúradh linn. An mol iompair is breátha agus is nua-aimseartha ar oileán na hÉireann. ‘Feabhsóidh sé cúrsaí taistil, cuideoidh sé le forbairt eacnamaíochta agus cuirfidh sé go mór leis na hiarrachtaí chun a dhul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide’ dar leis an bhfógraíocht.
Na bac le Manhattan agus stáisiún spleodrach an Grand Central ansin, a chara, nach bhfuil Grand Central dár gcuid féin againn anois. Ar chostas £340 milliún.
Tá iasacht an teidil sórt amscaí, áiféiseach fiú, ach bhí ciall leis an bplean. Bhí athchóiriú riachtanach, na seanstáisiúin teoranta, gan spás chun iad a fhorbairt.
Ach mór idir an fhís agus an bhail atá ar Bhéal Feirste ó osclaíodh an mol dhá mhí ó shin.
Ar an mbus ó dheisceart na cathrach go dtí an stad is gaire don Grand Central – turas 10 – 15 nóiméad roimhe seo– b’éigean an bus a fhágáil tar éis leathuaire agus leath an turais a shiúl. B’in i lár na maidine. Bíonn an tranglam tráchta i bhfad níos measa le linn na mbuaicthréimhsí.
Tá an córas iompair poiblí sa chathair ina phraiseach, ní áirím carranna príobháideacha. Osclaíodh an mol iompair sular cóiríodh na bóithre isteach ann agus amach as. Tá oibreacha bóthair a mhairfidh go ceann bliana ar siúl ar dhá thaobh an Grand Central agus na bóithre druidte. Cuireann sé sin an trácht ar mhalairt slí agus moill uair an chloig nó níos mó sa bhreis ar dhaoine ag teacht isteach sa chathair nó ag dul abhaile tráthnóna.
Cúpla lá an tseachtain seo caite bhí an trácht ina stad ó lár na cathrach ar an M1 go Sprucefield, 10 míle slí. D’iarr an roinn ar dhaoine an córas poiblí a úsáid ach le seachtainí anuas bhí busanna, chomh maith le gluaisteáin sáinnithe, busanna ar ceal nó imithe ar bhealaí nach raibh eolas ag daoine orthu.
Tá lucht tacsaí agus lucht gnó ar buile, iad buartha faoin titim thubaisteach ar theacht isteach san tréimhse is gnóthaí den bhliain. Deir daoine nach raibh siad in ann freastal ar choinne ospidéil nó nach raibh siad in ann cógais leighis a bhailiú. Bhí na haerbhealaí beo le tuairiscí ó thuismitheoirí ar cuireadh moil orthu ag bailiú na bpáistí ó chúramóirí. Ní lia duine ná casaoid.
Tagann go leor oibrithe isteach go dtí an mol ar maidin ar thraenacha agus busanna. Más féidir leo siúil ag a n-ionad oibre beidh siad i gceart ach má tá siad taobh le bus eile a fháil, ar an tsráid, caithfidh siad an baile a fhágáil i bhfad níos luaithe. Don té atá ag triall ar an mol tríd an gcathair beidh cúrsa bacainní le sárú acu ó na sráideanna máguaird. Caithfear siúl ar chosán mar a bheadh in ionad tógála ag streachailt le málaí nó cromóga nó páistí.
Ní hé nach bhfuil buanna ag an Grand Central (d’ainneoin postúlacht an teidil). Tá sé go breá nuair atá rochtain air. Tá ocht n-ardán iarnróid ann agus 26 seastán busanna, seirbhísí flúirseach agus in am nó gar dó go hiondúil. Tá méadú ar líon na seirbhísí idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus an-tóir orthu.
Ach cén pleanálaí a shocraigh go n-osclófaí mol iompair sula raibh teacht air go réidh? Sula bhféadfaí lucht a úsáidte a iompar chuige nó amach as? Níl ciall ná réasún leis, tionscnamh ba cheart a bheith ina bhuntáiste don chathair agus don réigiún iompaithe ina laincis ar an tsochaí.
WTF
Carrmageddon!