Scaradh na gCompánach – Boyle, Ó Floinn, de Brún agus Moore, dealbh sinn dá n-éagmais

A leithéid de leagadh agus a tharla le tamall anuas agus ceathrar de mhórcheoltóirí na nGael ar shlí na fírinne

Scaradh na gCompánach – Boyle, Ó Floinn, de Brún agus Moore, dealbh sinn dá n-éagmais

Tá Finbar Boyle. Liam Ó Floinn, Garech de Brún agus Thom Moore scuabhta chun siúil.

Ar shlí na fírinne.

A leithéid de leagadh agus a tharla le tamall anuas.

Deirtí riamh go nglanann an Márta léi cuid mhaith seandaoine.

Níor chuireas riamh i gciseán na seanaoise na daoine uaisle sin a raibh aithne agam orthu ceathrar, ach is fíor faraor. Sna seachtóidí a bhíodar go léir.

Scaradh na gCompánach an fonn álainn dobrónach sin a chum Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin agus é ar leaba a bháis a thagann chun cuimhne chugam agus laochra san an cheoil ardaithe chun siúil an mhí mhíthrócaireach seo caite.

Nár bhreá é a bheith fíor go bhfuilid anois i mbun ceoil i bhfochair a chéile sna Flaithis.

Bhí aithne mhaith agam ar thriúr acu. Lán de cheol agus is iad a bhain sásamh as an saol, bail orthu

Finbar Boyle ó Chontae Lú, ag obair le Coimisiún Béaloideasa Éireann agus  i mbun club amhránaíochta is ceoil Tigh Slatterys ar Shráid Capel i mBaile Átha Cliath. É súgach suáilceach i dtús na hoíche. Cráite crosta i ndeireadh na dála nuair a bhíodh braon faoin bhfiacail ag an lucht éisteachta agus iad ardghlórach. Ní fada a bhíodh Finbar ag fógairt an doras amach orthu mura n-éisteoidís leis an amhránaí aonair ar an stáitse. D’ardaíodh sé féin scol amhráin anois is arís. A chroí sa cheol is sa dúchas.

Liam Ó Floinn grástúil, geanúil, muinteartha. Gan éirí in airde. Miongháire ar a bheola síoraí seasta. A cheol mar cheol na nAingeal. Fuair aitheantas ag baile is i gcéin. Fear uasal íseal.

Garech de Brún a thuig tábhacht is saibhreas cheol na ndaoine agus a chuir roimhe ardán ómóis a thabhairt dó. Bhunaigh Ceirníní Claddagh, comhlacht a dhein éacht.

Gael i meon is in eagna.

Thom Moore, eachtrannach a lonnaigh inár measc tar éis dó an domhan a shiúl.

Thuig áilleacht ár bport agus ár bhfonn dúchasach. Formhór na n-amhrán a scrígh sé agus a bhí i mbéal an phobail, curtha le seanfhoinn thraidisiúnta. Cuimhníonn gach éinne ar ‘Carolína Rua’. A ghuth mar aon leis an smóilín bhinn bhéasach ar chraobh.

Trom an buille gur bailíodh chun siúil in aon iarracht amháin iad ceathrar.

D’fhágadar a rian ar ár n-oidhreacht. Dealbh sinn dá n-éagmais.

Conair cheolmhar chun na síoraíochta, guímidne a bhí ann lena linn orthu go léir.

Fág freagra ar 'Scaradh na gCompánach – Boyle, Ó Floinn, de Brún agus Moore, dealbh sinn dá n-éagmais'

  • An Teanga Bheo

    Laochra is slíocht alainn in ndiaidh oidreacht iontach agus iad macánta faoi a draíocht dheas