SCANNÁN: Tosaíonn cúrsaí ag sleamhnú i dtreo na háiféise faoi dheireadh ‘The Last Right’

Cé go bhfuil an scannán The Last Right seanchaite agus áiféiseach go minic tá maitheasaí áirithe ann agus baineann sin leis na carachtair gheanúla a chuirtear os ár gcomhair

SCANNÁN: Tosaíonn cúrsaí ag sleamhnú i dtreo na háiféise faoi dheireadh ‘The Last Right’

The Last Right
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Aoife Crehan,
Cliar: Michiel Huisman, Niamh Algar, Samuel Bottomley, Brian Cox, Colm Meaney, Jim Norton

N’fheadar an moladh nó cáineadh a rá nach bhfuil aon oidhre ar an saothar seo ach leagan Éireannach de Rain Man (1988). Fear a bhfuil neamhaird tugtha aige le blianta ar a dheartháir a bhfuil uathachas air ag tabhairt faoi thuras bóthair in éineacht leis agus le cailín a mbeidh dúil aige inti. Tá a fhios ag an saol Fódlach cad a tharlóidh fan na slí.

Cabaireacht, easaontas, eachtraí seoigh, oscailt súl, athmhuintearas agus grá. Seanchiúta agus meirg air is ea an turas bóthair, a bhí againn i saothar Éireannach fiú, an scannán breá úd I Went Down (1997).

Cé go bhfuil an scannán seo seanchaite agus áiféiseach go minic, tá maitheasaí áirithe ann agus baineann sin leis na carachtair gheanúla a chuirtear os ár gcomhair.

Ag tús an scannáin címid Daniel (Huisman) ag filleadh ar Éirinn mar go bhfuil a mháthair tar éis bháis. Suíonn Padraig (Norton), fear scothaosta ó Oileán Reachlainn in aice leis agus tugann sé le fios dúinn go bhfuil a dheartháir ‘istigh leis an mbagáiste’.

Bíonn dríodar cainte eatarthu agus cuirtear abhaile orainn go raibh gaol achrannach ag Pádraig lena dheartháir agus nach bhfuil éinne eile sa saol aige. Tá an sloinne céanna acu agus i gcor liobarnach is é ainm Daniel a scríobhann Pádraig ar an bpas mar neasghaol.  Básaíonn Pádraig ina chodladh agus ní nach ionadh fágtar Daniel san fhaopach.

Agus é ag baile i gCloch na gCoillte cuirtear a dheartháir Louis (Bottomley) in aithne dúinn, déagóir a bhfuil uathachas air. Tá sé anois faoi chúram Daniel óir go bhfuil an t-athair imithe ar shlí na fírinne roimhe seo. Níl an gaol idir na deartháireacha thar mholadh beirte, rud a bhaineann macalla as scéal dheartháireacha Reachlainn.

Ní féidir le Daniel útamáil an phas a fhágaint ina dhiaidh agus nuair a chloiseann Louis an scéal téann sé sa cheann aige corp an fhir a thabhairt ó Chorcaigh go hoileán Reachlainn. An duine deireanach den triúracht ná Mary (Algar), bean a chuirtear os ár gcomhair, ar dtús ach go háirithe, mar óinseach dhea-mhéineach. Tá sí siúd ag iarraidh síob chuig baile le hainm gan dealramh le teacht ar litir a sheol sí chuig iarpháirtí dá cuid. 

Vae leo ansin. Cad é castróvaics, slaiseanna agus teaspach. Go deimhin ag pointe amháin glaonn siad ar Liveline, fiú. I gcaitheamh an turais tagann eolas chun solais faoin ngaol idir na deartháireacha agus cuireann Mary is Daniel dúil ina chéile, ní nach ionadh. 

Tá míreanna áirithe greannmhar agus téann cinn eile amach ón gcairt ar fad. Tá Garda (Colm Meaney) sa tóir orthu agus sagart (Brian Cox) ag feitheamh leo. In ainneoin na hamaidí

éirímid ceanúil ar an triúr seo agus na haisteoirí ar fad ag déanamh a gcuid féin de na róil. N’fheadar cad déarfadh na saineolaithe faoin léiriú a dhéantar ar an uathachas, ach taibhsíodh dom féin go bhfuil sé dearfach tuisceanach mar léiriú ach é a bheith aontoiseach, simplíoch ar uairibh.

Ar an drochuair téann an saothar thar fóir agus tosnaíonn rudaí ag sleamhnú i dtreo na háiféise an iomad. Ní haon sársaothar atá anseo ach ina dhiaidh sin féin sis deacair gan a bheith geanúil ar an scannán agus na carachtair dhaonna aite a chuireann beocht ar leith ann.

Fág freagra ar 'SCANNÁN: Tosaíonn cúrsaí ag sleamhnú i dtreo na háiféise faoi dheireadh ‘The Last Right’'