Scannán suaithinseach cumhachtach faoin gcéad chogadh domhanda é ‘They Shall Not Grow Old’

Tugann saothar fíorchumhachtach Peter Jackson éachtaint ar leith dúinn ar fhulaingt na bhfear a throid ar an mór-roinn idir 1914-1918

Scannán suaithinseach cumhachtach faoin gcéad chogadh domhanda é ‘They Shall Not Grow Old’

They Shall Not Grow Old (WingNut Films, 2018), Peter Jackson a chruthaigh.

Agus na mílte saighdiúirí ag druidim i dtreo a chéile sa Bheilg i dtús an Chogaidh Mhóir, scríobh James Connolly alt as Béarla in iris bheag fén teideal ‘Ireland’s Travail and Ireland’s Resurrection’. Mhaígh an Conghaileach go muiníneach: ‘Never has a nation suffered such an onslaught. Belgium in its agonies under the heel of the invaders, nor Poland in its awful travail, cannot claim to have suffered as Ireland has suffered since war was declared.”’

Is deacair éalú ón tuairim sin agus tú ag féachaint ar an scannán fíorchumhachtach seo nó tú i mbun marana air níos déanaí. (Ní fhágfaidh an scannán seo go deo thú tar éis duit é a fheiceáil.)

Ba léir le fada nár thuig an Conghaileach an coimeádachas a bhí go smior i muintir na hÉireann lena linn, agus is léir ó shaothar iontach Peter Jackson nár thuig sé, ná baol air, fulaingt na bhfear go léir ar an mór-roinn idir 1914-1918.  Guthanna na saighdiúirí féin gan aon tráchtaireacht curtha leo atá idir lámha ag Jackson, mar aon leis na híomhánna loma dubh agus bán a craoladh sna hallaí ceoil.

Rinne sé athrú mór amháin, áfach.

Le cabhair na saineolaithe teicniúla a chuir scannáin eile dá chuid i dtoll a chéile, d’éirigh leis dathanna ilghnéitheacha an tuar ceatha a chur ar na sean-news reels, agus fuaim a chur leo freisin. Daoine liatha, crainn liatha agus fiacla liatha atá le feiceáil ag tús an scannáin ach sul i bhfad, agus gan aon choinne leis, tagann na dathanna go léir aniar aduaidh ar na saighdiúirí go spleodrach. Gintear taom ollmhór sa lucht féachana, dúisítear mothú ionainn mar a lasfaí splanc leictreachais ionainn. An rud céanna a bhraith Ádhamh agus Éabha, b’fhéidir, ar an gcéad lá sin sa ghairdín nuair a thugadar beirt aghaidh ar an ngrian den chéad uair.

Seo chugainn an gás buí nimhneach a scaipeadh le linn cath Loos. Sin tóin bhán gheal ar tí cac a dhéanamh. Capall donn ag screadaíl agus é gortaithe go tobann. Inchinn dhearg déagóra éigin ina luí ar a bhrollach, a chloigeann réabtha ag urchair. Féach siar ó dheas na tancanna móra glasa nua, á dtiomáint go mall réidh i dtreo na nGearmánach. An mbeidh siad in ann teacht slán ón láib dhubh dhonn? Cad faoin útamáil agus an phleidhcíocht sin idir na saighdiúirí go léir agus a gcuid príosúnach acu nuair a cuireadh stop leis na gunnaí? Léirítear an nasc leochaileach leis na Gearmánaigh agus iad gléasta i ngorm geal.

Chuir Wilfred Owen ceist i ndán a chum sé sular maraíodh é i mí na Samhna 1918: ‘Shall Life renew these bodies/Of a truth all death will he annul/All tears assuage?’. Agus sin í an cheist atá ar an gcarraig atá ina leac chuimhneacháin in Ors na Fraince. Tagairt é sin d’fhís na gcnámh seargtha i leabhar Éizicéil sa Bhíobla. Mar léiriú ar a chuid cumhachta, dearbhaíonn Dia go bhfuil sé in ann beocht a chur athuair i seanchnámha: ‘Féach, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo. Leagfaidh mé féitheacha oraibh, cuirfidh mé feoil ag fás oraibh, clúdóidh mé sibh le craiceann, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.’

Ní haon tiarna é Peter Jackson, ach is léir go bhfuil an chumhacht chéanna aige.


Fág freagra ar 'Scannán suaithinseach cumhachtach faoin gcéad chogadh domhanda é ‘They Shall Not Grow Old’'