Scannán nua a rinneadh sa Ghaeltacht á lua leis na gradaim Oscar

An mhí seo chugainn a thaispeánfar den chéad uair The Banshees of Inisherin le Martin McDonagh, scannán a rinneadh ar dhá oileán Gaeltachta

Scannán nua a rinneadh sa Ghaeltacht á lua leis na gradaim Oscar

Meadhbh Ní Eadhra

Tá scannán nua a rinneadh sa Ghaeltacht á lua ag i measc na saothar a shíltear a bheidh san iomaíocht don ghradam Oscar don scannán is fearr na bhliain seo chugainn. 

An mhí seo chugainn a thaispeánfar den chéad uair The Banshees of Inisherin le Martin McDonagh, scannán a rinneadh ar dhá oileán – Árainn agus Acaill.

Tá aithne mhór ar McDonagh, a rugadh agus a tógadh i Londain, i nGaeltacht Chonamara. Tá cónaí ar a thuismitheoirí as Spidéal agus is as Leitir Mealláin a athair, Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha.

Ón uair a bhíodar óg chaitheadh McDonagh agus a dheartháir John Michael, ar scannánóir é freisin, cuid mhaith ama sa cheantar Gaeltachta agus chuaigh Conamara i bhfeidhm go mór ar a gcuid scríbhneoireachta.

Deir McDonagh go ndeachaigh áilleacht Chonamara agus Árainn i bhfeidhm go mór air nuair a bhí sé óg agus gurb í an áilleacht sin a mheall go dtí na Ghaeltacht é chun The Banshees of Inisherin a dhéanamh. 

“Tá sé [Inis Mór] le feiceáil i litríocht na hÉireann le 150 bliain. Ach níor taispeánadh chomh minic sin é sna scannáin – an taobh sin tíre,” a dúirt an scríbhneoir agus stiúrthóir iomráiteach le Vanity Fair.

Mhol scríbhneoir Vanity Fair “áilleacht iontach” na radharc tíre sa scannán agus an bealach ar tugadh tús áite don áilleacht sin sa scannán ar scéal é faoi bheirt chara a thiteann amach lena chéile aimsir an Chogaidh Chathartha. Deir McDonagh go raibh sé mar sprioc aige a ceart a thabhairt d’áilleacht an cheantair a oiread agus ab fhéidir leis.

“Bhí mé ag iarraidh go mbeadh sé chomh hálainn ag féachaint agus a d’fhéadfadh sé a bheith. 

“An áilleacht agus an cineama an sprioc. Mar dá mbeadh scéal agat faoi bheirt fhear ag gearán lena chéile agus mura mbeadh an áilleacht eipiciúil sin agat, b’fhéidir go n-éireodh sé leadránach.

“Tá cuid mhór scannán ón Ríocht Aontaithe agus ó Éirinn feicthe agam a mbíonn an chuma orthu nach é an cineama an chloch is mó ar a bpaidrín.”

Is é The Banshees of Inisherin an chéad scannán de chuid McDonagh a bhfuil an scéal lonnaithe in Éirinn agus a ndearnadh an scannánaíocht in Éirinn chomh maith.

Ag Brendan Gleeson agus Colin Farrell, beirt a bhí ag aisteoireacht i scannán eile de chuid McDonagh, In Bruges, atá na príomhpháirteanna sa scannán agus is iad Barry Keoghan agus Kerry Condon na príomhaisteoirí eile.

Insítear sa scannán, atá suite ar oileán ficseanúil Inisherin i 1923, scéal Phádraic (Colin Farrell) agus Choilm (Brendan Gleeson), beirt a bhí an-mhór lena chéile i gcónaí go dtí gur chuir duine acu críoch thobann leis an gcairdeas. Bíonn tionchar mór aige sin orthu beirt.

Tá an scannán á lua cheana ag saineolaithe scannáin i measc na saothar a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht ag na gradaim Oscar an bhliain seo chugainn.

Deir Vanity Fair gur saothar de chuid McDonagh “go smior” é The Banshees of Inisherin, é “anonn agus anall idir an greann agus an tragóid, é bunaithe ar an gcomhrá garbh graosta agus ar an teannas a gcuirtear leis go caolchúiseach de réir a chéile agus a léirítear i rachtanna nach mbíonn aon choinne leo.” 

 Mar dhrámadóir a thuill Martin McDonagh cáil ar dtús ach ar na scannáin atá sé ag díriú le tamall maith agus iomrá ar shaothar leis ar nós Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, In Bruges agus Seven Psychopaths. Tá mórán duaiseanna agus gradaim buaite aige mar scríbhneoir agus mar stiúrthóir, gradam Tony agus gradam Oscar ina measc.

The Banshees of Inisherin le seoladh ag Féile Scannáin na Veinéise i mí Mheán Fómhair, agus feicfear sna pictiúrlanna é i mí Dheireadh Fómhair.

D’fhéadfadh go mbeidh suim ar leith ag lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta sna gradaim Oscar an bhliain seo chugainn.

Fógraíodh an tseachtain seo go raibh An Cailín Ciúin, an fadscannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann don Oscar don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Fág freagra ar 'Scannán nua a rinneadh sa Ghaeltacht á lua leis na gradaim Oscar'