Scannán aicsin foréigneach is greannmhar ó cheann feadhna Better Call Saul

Cé nach é Bob Odenkirk is túisce a rithfeadh chugat do ról aicsin is maith é le tabhairt faoin áiféis agus an greann dorcha

Scannán aicsin foréigneach is greannmhar ó cheann feadhna Better Call Saul

Nobody
Stiúrthóir: Ilya Naishuller
Cliar: Bob Odenkirk, Connie Nielsen, Christopher Lloyd, Aleksey Serebryakov, Gage Munroe

Ba bheag ár n-aithne ar Bob Odenkirik sula ndein a ról in Breaking Bad (2009 – 2013) mar an dlíodóir sleamhain cam, Saul Goodman é a raideadh i lán an aonaigh. Go deimhin is mó de ghaisce a bhí déanta aige leis an bpeann ná leis an aisteoireacht agus dhá dhuais Emmy gnóthaithe aige as a shaothar le The Ben Stiller Show agus The Saturday Night Show sna hochtóidí agus nóchaidí.

D’athraigh gníomhartha fill is áiféise Saul gach rud.

Bhí rath thar na bearta ar Breaking Bad trí chéile ach chuaigh bithiúntaíocht Saul chomh mór sin i bhfeidhm ar an lucht féachana gur cinneadh an mhacshraith agus réamhscéal Better Call Saul a dhéanamh. Táthar ann a mhaíonn go bhfuil an saothar sin breá in ann é a fhéachaint lena réamhtheachtaí agus daoine eile fós (cé nach bhfuil an colúnaí seo ina measc) a mhaíonn go bhfuil Saul níos fearr ná Walter.

Pé acu scéal é beidh an séú séasúr, agus an ceann mullaigh, chugainn an bhliain seo chugainn agus faoin tráth sin beidh Odenkirk tar éis léiriú a dhéanamh ar Saul breis agus 100 uair. Tá a cháil in airde láin agus cumhacht is rogha aige maidir le róil agus saothair. Is ait liom mar sin gur roghnaigh sé an scannán aicsin Nobody. Saothar ar nós na coda eile ar mhórán slite.

Tá Hutch (Odenkirk) pósta is beirt chlainne air féin agus a bhean Becca (Nielsen). Léirítear sna radharcanna tosaigh go bhfuil saol leamh, lán le ghnáthaimh leadránacha á chaitheamh aige. Oíche amháin briseann beirt ghadaithe isteach sa tigh. Tugann an mac (Munroe) fogha faoi dhuine acu.

Tá Hutch ar tí tabhairt fúthu le maide gailf nuair a chúlaíonn sé de gheit. I ndiaidh na heachtra tá alltacht ar an mac agus ar Becca faoi mheatacht an fhir. Diaidh ar ndiaidh, áfach léirítear dúinn go bhfuil, ní nach ionadh, cúlra dorcha rúnda ag Hutch. Chaith sé na blianta i mbun maraithe is foréigin ar son an Stáit. Tá’s agat féin an cúram. Leisce air an seanbhóthar sin a shiúl arís.

Ní féidir an riastradh a stop, áfach. I radharc thar a bheith foréigneach agus greannmhar ar bhus, tagann an sean-Hutch i láthair. Vae linn ansin agus Rúisigh, iar-chomhghleacaithe agus a athair féin (Lloyd) á dtarraingt isteach sa chúram. Is deacair comparáidí le cnuasach John Wick a sheachaint.

Ach oiread leis an saothar úd táim in amhras go mbeidh scannáin leantacha chugainn.

Dá fheabhas é Odenkirk mar aisteoir ní hé is túisce a rithfeadh chugat do ról aicsin. Cnagfaidh sé na trí scór an bhliain seo chugainn, ach déanann an saothar iarracht teacht timpeall air sin agus aois an aisteora ag teacht cuid mhaith le haois an charachtair. Is maith é Odenkirk ar an áiféis agus an greann dorcha agus déanann an saothar seo na téamaí sin a shníomh leis an aicsean.

B’fhearr liom go mbeadh rud éigin eile déanta ag Bob lena chumhacht agus lena cháil.

Fág freagra ar 'Scannán aicsin foréigneach is greannmhar ó cheann feadhna Better Call Saul'