Scagadh á dhéanamh ar ‘9’ mór ar tháinig drón TG4 air i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá an uimhir ‘9’ le feiceáil go soiléir ón spéir i bhfíseán nua agus táthar nach mór cinnte gur iarsma é de cheann de na comharthaí neodrachta ‘ÉIRE’ a tógadh le cósta le linn an dara cogadh domhanda

Scagadh á dhéanamh ar ‘9’ mór ar tháinig drón TG4 air i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá ceamaradóir de chuid TG4, Setanta Ó Dochartaigh, nach mór cinnte go bhfuil sé i ndiaidh teacht i gCeann Fhánada i nGaeltacht Dhún na nGall ar rian de cheann de na comharthaí móra ‘ÉIRE’, a tógadh le cósta le linn an dara cogadh domhanda chun neodracht na tíre a chur in iúl.

Tá an uimhir ‘9’ le feiceáil go soiléir san fhíseán faoi Theach Solais Fhánada a thaifead Ó Dochartaigh do Mholscéal TG4 le déanaí, cé gur deacair aon chuid eile den chomhartha a dhéanamh amach.

Aimsíodh ‘ÉIRE 80’ i gCionn Mhálanna agus ‘ÉIRE 78’ ar an Mheall Mór ar chósta Dhún na nGall roinnt blianta ó shin agus cé nach raibh aon trácht ar chomhartha ‘Éire 79’ go dtí seo, tá sé luaite le post faire Cheann Fhánada.

Dúirt Ó Dochartaigh le Tuairisc.ie go raibh an uimhir ‘9’ le feiceáil go tréan sna seatanna a thóg sé ón aer le drón don fhíseán agus go bhfuil sé nach mór cinnte go bhfuil iarsma na litreacha eile ann fosta.

“Tá sé deacair a rá go cinnte, ba iad sin na seatanna deireanacha a thóg mé an lá sin agus go dtí gur amharc mé siar ar an ábhar níor thug mé faoi deara go raibh an uimhir 9 le feiceáil chomh maith le himlíne na litreach ‘É’.

“Is rud suimiúil é, a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis don stair agus do mhuintir na háite,” a dúirt Ó Dochartaigh.

Idir 1939 agus 1942, thóg Óglaigh na hÉireann poist fhaire ar fud chósta na hÉireann le súil a choinneáil ar aon imeachtaí míleata a d’fhéadfadh a bheith ar siúl san fharraige timpeall na tíre.

Agus na poist fhaire tógtha, beartaíodh sraith comharthaí ‘ÉIRE’ a chur ar an talamh le taobh na bpost faire le cur in iúl d’aon phíolóta a rachadh amú gur os cionn tír neodrach a bhí sé.

Tuigtear gur tógadh breis agus 80 comhartha ‘neodrachta’ ar fad, ó ‘Éire 1’ ar chósta Bhaile Lagáin i gContae Lú go ‘Éire 82’ i Srúibh Brain in Inis Eoghain, i nDún na nGall. Thángthas ar rian de chomhartha eile i bhFaill Aighe in Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí le déanaí.

Tar éis an chogaidh, toisc gan an tábhacht chéanna a bheith leo níos mó, glanadh na clocha faire den talamh agus d’imigh roinnt acu as radharc ar fad.

Le blianta beaga anuas, tá iarrachtaí ar bun stair an ama sin scéal na gcomharthaí agus iarsmaí na gcomharthaí féin a chaomhnú. Coinnítear cuntas ar an suíomh ‘Éire Markings’ ar na comharthaí éagsúla agus ar an obair atá ar siúl ina leith ar fud na tíre.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Treasa Lynch atá i mbun an tsuímh go bhfuil an chuma ar an scéal “go bhfuil an uimhir ‘9’ an-chosúil leis an uimhir ‘9’ atá le feiceáil ar ‘ÉIRE 59’ ar oileán Acla”.

“Is ait liom áfach nach bhfuil aon chuid eile don chomhartha fós le feiceáil mar phatrún ach níl mé ábalta dul amach chun an suíomh a scrúdú faoi láthair.

“Ar aon nós, ní mar a chéile an scrios a rinneadh ar na comharthaí ar fad. Scrúdóidh mé na pictiúir ón drón go mion ach tá gach cuma air faoi láthair go bhfuil an ‘9’ inchreidte agus déarfainn go mbeidh mé á chur le mo liosta,” a dúirt Lynch.

Thug Ó Dochartaigh le fios gur chuir sé Coiste Forbartha Cheann Fhánada ar an eolas faoin méid a fuair sé amach.

Fág freagra ar 'Scagadh á dhéanamh ar ‘9’ mór ar tháinig drón TG4 air i nGaeltacht Dhún na nGall'