Nuair a bhíos óg bhí dúil mhór agam sna greannáin nó na comics. Bhínn chomh sáite sin iontu gur mhinic go mbíodh daoine ag screadaíl m’ainm agus iad suas síos ar fud an tí do mo lorg. Ach ní chloisinn tada – mé im’ dhomhan féin ag léamh agus ag samhlú.
An Beano, an Dandy, Victor, Hotspur, Tiger, Roy of the Rovers agus an Buzzer. Cé go mbíodh ana-chuid acu fós i mbun bolscaireachta faoi bhua Shasana sa dara cogadh domhanda, bhaineas ana-thaitneamh astu.
Is ar éigean go raibh comic ar bith againn i saol na Gaeilge. Bhí forlíonadh bídeach dár teideal Féach san iris mhíosúil Chorcaíoch Agus. Is cuimhin liom go raibh buachaill ann darbh ainm Brian Baoth ach is beag eile de a fhanann liom anois. Is beag a bhí ann i ndáiríre i gcomparáid le comics Shasana agus shantaíos comaic as Gaeilge.
Blianta fada ó shin bhuail splanc Paul Bolger – dhéanfadh sé scannán de scéal Chú Chulainn. Rinne sé gearrscannán cúpla nóiméad in iarracht aird a tharraingt ar an dtogra agus airgead a bhailiú dó. Bhí giota beag ceoil de chuid an bhanna Kíla á úsáid aige agus bhí fonn ana-mhór orainn sa ghrúpa a bheith bainteach leis an dtogra dá dtiocfadh sé chun solais.
Mo léan, níor éirigh le Paul an t-airgead a theastaigh a bhailiú. Cuireadh an scannán i leataobh ach níor éirigh leis an Cú a ruaigeadh as a cheann. Bhí an oiread sin ama caite aige leis an scéal go raibh a fhios aige cén saghas duine ab ea Cú Chulainn, cén chuma a bhí air agus cén t-iompar a bhí aige. Chuaigh sé i bpáirt le duine de na Horslips, Barry Devlin, agus rinne siad cinneadh tríológ d’úrscéalta grafacha a scríobh agus a dhearadh. Labhair sé leis an dtigh foilsitheoireachta Leabhar Breac, a dúirt go bhfoilseoidís leaganacha Gaeilge des na húrscéalta chomh maith.
Coicís ó shin d’eisigh Leabhar Breac ‘Fuascailteoir’ – an tríú leabhar sa tsraith agus ach oiread leis an dá leabhar roimhe sin ‘Cosantóir’ agus ‘Coimirceoir’, tá sé ar fheabhas!
Ní gá a rá go bhfuil an ealaín ar chaighdeán den scoth. Is sárdhearthóir agus beochantóir é Paul Bolger a d’oibrigh ar scannáin mhóra ar fud na cruinne, ‘The Land Before Time’ agus ‘All Dogs go to Heaven’ ina measc. Áiríonn muintir Cartoon Saloon é ar dhuine de na ceannródaithe maidir le cúrsaí beochana in Éirinn.
Tá Cú Chulainn mar a bhí sna leabhair eile – rábach, garbh, rólán le bród, measctha suas, faoi scáth, faoi gheasa. Tá an scéal ar eolas go maith againn agus tuigimid gur os comhair Ard-Oifig an Phoist a gheobhaidh sé bás agus préachán ag sú na fola as agus meath tagtha faoi dheireadh ar an ábhailleacht aigne, an fuinneamh fíochmhar agus na tréithe eile a thug stádas an super-hero dó. Ach fós, chuaigh mé ó leathanach go leathanach go craosach ag léamh liom agus ag baint lán na súl as an ealaín.
Deir lucht Leabhar Breac nach raibh mórán oibre le déanamh acu féin toisc go raibh an dearadh agus na líníochtaí uilig déanta agus an scéal scríofa. Ach níl sin fíor! Ar nós an chéad dá leabhar sa tsraith tá an leagan Gaeilge gan locht. Tá luas iontach faoin scéalaíocht agus rithim iontach san insint. Tar éis dom an chéad leabhar a léamh as Béarla agus ansin as Gaeilge bhraitheas go raibh an leagan Gaeilge níos fearr – is cinnte gur bhain mise i bhfad níos mó taitnimh as an scéal i nGaeilge ná i mBéarla. Tá an ‘Fuascailteoir’ mar an gcéanna.
Sárleabhar atá ann. Sárobair. Sárscéalaíocht. Sárlíníocht. Sár-gach rud! Ceannaigh é (agus an dá cheann eile chomh maith) agus léigh é agus níl dabht ar bith orm ach go mbainfidh tú taitneamh as. Cú Chulainn abú!
Anois cé atá ag glaoch orm?
Con
Maith thú! Ceannód go cinnte