Corp snámhaí faighte i gConamara, snámhaí eile fós ar iarraidh

Chuaigh an fear ag snámh ag Trá na gCeann i mBearna ag a hocht a chlog ar maidin agus cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála nuair nár tháinig sé ar ais

Corp snámhaí faighte i gConamara, snámhaí eile fós ar iarraidh

Fuarthas corp fir san fharraige amach ó chósta Ghaeltacht na Gaillimhe tráthnóna tar éis do shnámhaí, fear a bhí sna seachtóidí, dul ar iarraidh ansin ar maidin. Chuaigh an fear ag snámh ag Trá na gCeann i mBearna ag a hocht a chlog ar maidin agus cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála nuair nár tháinig sé ar ais.

A fhad is a bhí lucht tarrthála i mbun an chuardaigh tháinig an scéala go raibh an dara snámhaí, bean atá ina tríochaidí, ar iarraidh ón trá chéanna. Tá an cuardach don bhean sin fós ar bun i láthair na huaire.

Tuigtear go mbíonn an bheirt ag snámh go rialta ag Trá na gCeann, trá a mbíonn an-tóir ag lucht snámha na Gaillimhe uirthi, ach nach bhfuil aon leid ann go raibh aithne acu ar a chéile. Tuairiscítear go measann lucht tarrthála go bhféadfadh sé go raibh duine den bheirt i dtrioblóid san uisce agus go ndeachaigh an duine eile i gcabhair ar an gcéad duine.

Tá an fharraige ina clár ar chósta na Gaillimhe inniu ach tá an t-uisce fuar agus tá ceo an-trom ann ó mhaidin. Tá Garda Cósta na hÉireann agus bádóirí áitiúla ar an láthair ach tá an ceo agus an lán mara ag cur isteach ar na hiarrachtaí cuardaigh. Ní féidir héileacaptar an Gharda Cósta a úsáid mar gheall ar an aimsir.

Tá an bóthar go Trá na gCeann dúnta ag an nGarda Síochána agus tá lucht tarrthála ag cuardach cuan agus cladach ó mhaidin.

Fág freagra ar 'Corp snámhaí faighte i gConamara, snámhaí eile fós ar iarraidh'