Sé leabhar ainmnithe ar ghearrliosta ghradaim na Gaeilge ag An Post Irish Book Awards

Fógraíodh an gearrliosta don ghradam, atá dírithe ar leabhair ficsin amháin, ag ócáid in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath anocht

Sé leabhar ainmnithe ar ghearrliosta ghradaim na Gaeilge ag An Post Irish Book Awards

Tá sé shaothar ainmnithe ar an ngearrliosta do leabhar Gaeilge na bliana ag na gradaim An Post Irish Book Awards.

Fógraíodh an gearrliosta don ghradam, atá dírithe ar leabhair ficsin amháin, ag ócáid in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath anocht.

Is iad na leabhair atá ar an ngearrliosta don ghradam Gaeilge, atá urraithe ag Love Leabhar Gaeilge, ná Geansaithe Móra le Gearóidín Nic Cárthaigh (LeabhairCOMHAR), Cuimhní Poircealláin & Scéalta Eile le Majella Ní Dhomhnaill (Cló Iar-Chonnacht), Mná le Daithí Ó Muirí (Cló Iar-Chonnacht), Súile Éisc agus scéalta eile le Michelle Nic Pháidín (Cló Iar-Chonnacht), Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh (Leabhar Breac) agus Flaitheas le Proinsias Mac a’Bhaird (Leabhar Breac).

Tá an deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha leabhair sna gcatagóirí uile do ghradaim leabhar An Post agus is féidir vóta a chaitheamh ar shuíomh gréasáin na ngradam ón 8pm anocht, 24 Deireadh Fómhair go dtí 5.00pm ar an 14 Samhain.

Scór catagóirí ar fad atá sna An Post Irish Book Awards i mbliana agus rannóg nua ar leith do leabhair staire fógartha.

Tionscnamh de chuid Foras na Gaeilge é Love Leabhar Gaeilge a chuireann leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.

An cnuasach gearrscéalta Imram agus Scéalta Eile le Róise Ní Bhaoill a bhuaigh gradam na Gaeilge anuraidh.

Fógrófar buaiteoirí do na catagóirí uile ag ócáid bhronnta speisialta An Post Irish Books Awards a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 27 Samhain.

Tá dhá leabhar eile a bhfuil baint acu leis an nGaeilge ainmnithe i gcatagóir eile i mbliana.

an chéad leabhar ó Hector Ó hEochagáin, The Irish Words You Should Know (Gill Books), ainmnithe sa rannóg don leabhar is fearr ó fhoilsitheoir Éireannach.

Gaeilge i Mo Chroí – Irish In My Heart: Your Guide to Loving and Living the Irish Language le Molly Nic Céile atá foilsithe ag Hachette Books Ireland ainmnithe sa rannóg nós maireachtála.

Fág freagra ar 'Sé leabhar ainmnithe ar ghearrliosta ghradaim na Gaeilge ag An Post Irish Book Awards'

  • miseisfearr

    spéisiúil agus sigma!