Thíos fúm, tá caipíní sneachta na Rockies ag dul ó léargas.
Tá mé ar eitleán ó chathair Denver, Colorado, go dtí an Eoraip – slán fágtha agam, tar éis coicís go leith, le Meiriceá.
Tír nach í an tír chéanna í, cheana féin, agus an tír inar thuirling mé i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair.
Sular toghadh Trump.
Nuair a chuir mé an ticéad seo in áirithe, shocraigh mé cúig lá breise a thabhairt dom féin tar éis lá an toghcháin ar eagla go mbeadh moill ar an toradh, go mbeadh athchomhaireamh ann, nó fiú amháin scliúchas iarthoghcháin.
Ach níor tharla tada den tsórt.
Rud a d’fhág go raibh neart ama agam mo mhachnamh a dhéanamh faoinar tharla i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an 5 Samhain agus faoina bhféadfadh a bheith i ndán don tír tar éis an 20 Eanáir 2025, nuair a insealbhófar Donald Trump ina uachtarán den dara huair.
Dé Céadaoin seo a chuaigh thart, an mhaidin tar éis an toghcháin, bhí ísle brí ar mhuintir Denver, ceann de na cathracha is liobrálaí sna Stáit Aontaithe, áit inar thug nach mór 77 faoin gcéad de na vótóirí vóta do Kamala Harris agus Tim Walz.
San oifig ina bhfuil mo chara Réjane McNamara ag obair, níor thiontaigh ach naonúr den 20 oibrí suas; ghlaoigh an chuid eile isteach ag rá go raibh siad ‘tinn’. Bhí ceann faoi, leis, ar an mbeagán daoine sa teach caife a bhí mar oifig agam an lá sin, gan fonn cainte ar éinne, shílfeá.
Ach de réir mar a chuaigh an tseachtain ar aghaidh agus de réir mar a tháinig na torthaí isteach ó na stáit sin a bhí fós ag comhaireamh (ach nach raibh oiread tábhachta leo toisc go raibh dóthain toghthóirí ag Trump cheana féin) d’ardaigh an brat bróin a bhí tar éis tuirlingt ar an gcathair agus tháinig meascán de dhá mhothúchán eile ina áit: glacadh, ar lámh amháin, agus ar an lámh eile, teacht aniar.
Níl spiorad ná go deimhin acmhainn grinn na heite clé briste.
I gceantar na n-ealaíontóirí, RiNo, bhí póstaeir úrnua crochta suas ar na cuaillí leictreachais, stionsail ina raibh gruaig iomráiteach Donald Trump cóirithe mar a bheadh cac inti agus a ainm athraithe go ‘DUMP’.
Shílfeá gur thug an óráid a thug Kamala Harris uaithi tráthnóna Dé Céadaoin ardú meanman do go leor freisin, aitheasc inar dhúirt sí nár chóir dóibh siúd a vótáil di a misneach a chailleadh agus go n-éireodh lena ‘dtroid’, ach amháin go dtógfadh sé cúpla bliain eile.
Ach ná bíodh dul amú ar éinne: tá ceithre bliana as an ngnáth roimh mhuintir Mheiriceá.
Is fada ó bhí greim chomh láidir sin ar an gcumhacht ag ceachtar ceann den dhá mhórpháirtí. Ní hamháin go mbeidh Donald Trump ina uachtarán, ach beidh móramh ag an bPáirtí Poblachtánach sa Seanad agus (gach seans) i dTeach na nIonadaithe, agus beidh an Trumpach in ann a ghreim ar an gCúirt Uachtarach a mhéadú, leis.
Lena chois sin, tá greim i bhfad níos láidre ag Trump ar an bPáirtí Poblachtánach féin ná mar a bhí aige le linn a chéad tréimhse uachtaránachta, idir 2016 agus 2020. Tá Poblachtánaigh measartha ar nós John McCain agus Mitt Romney imithe ar shlí na fírinne nó tar éis éirí as an bpolaitíocht agus is searbhóntaí dílse de chuid an Trumpaigh atá tagtha ina n-áit.
Anuas air sin ar fad, tá taithí ag Donald Trump agus ag a leathbhádóirí ar Washington DC nach raibh acu thiar in 2016 – ní hé mapa sráide na cathrach atá i gceist agam gan dabht ach an chaoi a n-oibríonn cúrsaí i gcroílár na cumhachta, an chaoi a ndéantar gnó.
An éireoidh leis an Trumpach ‘Tír Mhór a dhéanamh de Mheiriceá’ arís?
An gcuirfidh sé na milliúin inimirceach mídhleathacha thar teorainn dáiríre, mar a gheall sé? Agus má chuireann, cé a dhéanfaidh an obair atá á déanamh acu sin faoi láthair? Cén tionchar a bheadh ag a leithéid de bheart ar an eacnamaíocht?
Gan dabht ba í an eacnamaíocht an chloch ba mhó ar phaidrín mhórchuid daoine a thug vóta dó: laghdú ar phraghsanna, laghdú ar rátaí cánach.
‘Níl ach rud amháin ag teastáil uaimse,’ a dúirt Kelly McNamara, fear céile mo chara Réjane, a deir gur tháinig laghdú $200 ar a ioncam míosúil de bharr athruithe cánach a cuireadh i bhfeidhm le linn do Joe Biden agus Kamala Harris a bheith i gcumhacht, fad is ar tháinig ardú ar na praghsanna, agus a thug vóta do Donald Trump dá bharr sin.
‘Go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí.’
Faoi cheann ceithre bliana, an mbeidh an bhreis agus 75 milliún Meiriceánach a thug vóta don Trumpach an tseachtain seo caite sásta go ndearna siad amhlaidh nó an mbeidh aiféala an domhain orthu gur chuir siad a muinín i bhfear a gcuirfeadh mórchuid ráiteas uaidh imní ort faoina bhfuil i ndán don daonlathas sna Stáit?
Beidh le feiceáil. Má bhíonn toghchán ann an bhliain sin.
Fearn
” tá ceithre bliana as an ngnáth roimh mhuintir Mheiriceá.”
Tá go dearbh agus roimhainnse uile ós rud é go bhfuil sinn uile faoi anáil na Meiriceánach anois.
Fiafraíonn Axex::”an mbeidh an bhreis agus 75 milliún Meiriceánach a thug vóta don Trumpach an tseachtain seo caite sásta go ndearna siad amhlaidh nó an mbeidh aiféala an domhain orthu gur chuir siad a muinín i bhfear a gcuirfeadh mórchuid ráiteas uaidh imní ort faoina bhfuil i ndán don daonlathas sna Stáit?”
Déarfainn go mbeidh! Déarfaidh sé go bhfuil an pobal sásta, agus creidfidh siad é. Má tá bua ag an Trumpach, sé gur féidir leis a “phobal” a thabhairt leis cuma a deir sé nó a dhéanann sé. Sea, deachtóir atá ann, ach deachtóir ar gos íseal, deachtóir nach leáfadh im ina bhéal. Cuirfidh sé seó agus spóirt ar fáil, agus ia ansa lena phobal “árán agus sorcas”.
Ní gá an chéad toghchán eile a chóiriú. Beidh na daoine ceansaithe. Is é an straitéisí is fearr an straitéisí nach eol duit go mbíonn sé ag imirt ort.
Dála an scéil, ba mhór agam an t-atmasféar a thaispeán Alex dúinn le linn trúigeadh an ghalair i Meiriceá. An mbeidh éinne ann le cur síos ar dul in ainseal an ghalair?