Sárlaochra agus meascán mearaí eile chugainn ar an scáileán in 2016

Ach oiread le gach aon bhliain eile, beidh meascán mearaí de tháirgí ag teacht os ár gcomhair in 2016. Tugann ár gcolúnaí scannánaíochta cuntas ar chuid de na saothair is cuidsúlaí

Room: Go leor búis faoin saothar Éireannach/Ceanadach seo cheana féin agus léirmheastóirí ag féilte scannánaíochta á mholadh go hard na spéire. Is í Emma Donoghue a scrígh an script bunaithe ar a leabhar, den teideal céanna, a gineadh i scioból na samhlaíochta aici nuair a chuala sé faoi chás Josef Fritzl.

Ar an gcéad luí súl, is táirge gruama, dearóil atá anseo ach is scéinséir le tógáil croí é freisin. Dírítear ar an iarracht a dhéanann bean agus a mac óg éalú ón seomra beag ina bhfuil siad i ngéibheann ann le blianta. An draoi Lenny Abrahamson (Garage, Adam and Paul) atá ar an stiúir. William H. Macy agus Joan Allen sa chliar.


sing-street_image-1243x713

Sing Street: Scannán ceoil atá suite i mBleá Cliath na n-ochtóidí (táim cinnte go mbainfear súp as faisean agus ceol na tréimhse a chur os ár gcomhair). Díríonn sé ar bhuachaill óg a bhfuil na cúinsí cruaidh aige ag baile agus a thugann fé bhanna ceoil a chur sa tsiúl. Jack Reynor, Marai Doyle Kennedy agus Aidan Gillen sa chliar. John Carney, stiúrthóir Once, a bheith ar an stiúir.


viva_still_-_h_2015

Viva: Ceann suimiúil, neamhghnách agus conspóideach i slí amháin é seo. Scannán as Spáinnis i gCúba roghnaithe mar iontráil na hÉireann don duais Oscar do scannán i dteanga iasachta (cá bhfágann sé sin earnáil na Gaeilge?). Is é Paddy Breathnach (I Went Down, Man About Dog) an stiúrthóir agus is léiritheoirí Éireannacha atá i gceist chomh maith, rud a fhágann, de réir rialacha Oscar, gur féidir leis ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann.

Díríonn an táirge seo ar ghruagaire in Havana atá meallta ag saol na banríona draig. Ag an am céanna, tá sé ag iarraidh athmhuintearas a dhéanamh lena athair fearúil atá tar éis cúig bliana déag a chaitheamh sa phríosún.


The Hateful Eight: Is fiú i gcónaí féachaint ar aon táirge ó cheárta Quentin Tarantino, cé go mb’fhéidir nár éirigh leis riamh ó shin buaic Reservoir Dogs agus Pulp Fiction a shroichint. Scannán buachaillí bó eile atá againn anseo ina dtéann buíon sealgairí deolchaire i muineál a chéile i dtigh ósta iargúlta i rith stoirme. Bí ag súil le neart foréigin agus carúlacha deisbhéalacha.


The Nice Guys: Russell Crowe agus Ryan Gosling i scannán atá lonnaithe sna seachtóidí. Dírítear ar bhleachtairí príobháideacha a théann i mbun fiosraithe nuair atá an chuma ar an scéal gur chuir réalta pornagrafaíochta lámh ina bás féin. Ní fada nó go nochtar uisce fé thalamh.


the-bourne-ultimatum-mat-damon

Bourne 5: Ní gá aon eireaball a chur leis an teideal, tá a fhios againn ar fad cad ‘tá i gceist. Ní raibh aon locht ar tháirge Jeremy Renner seachas nárbh é Matt Damon é. Ní féidir le héinne an ról seo a léiriú ach é. Tá sé féin agus Paul Greengrass ar ais i mbun comhghuaillíochta. Tá uisce le fiacla lucht an aicsin cheana féin.


Spotlight: Tá bús Oscar faoin táirge seo cheana féin. Tabharfaidh an saothar seo, atá bunaithe ar eachtraí a tharla, cuntas ar iarrachtaí an Boston Globe an mhí-úsáid gnéis a bhí ag tarlú san Eaglais Chaitliceach, agus tslí a raibh sí á ceilt, a nochtadh. Cliar den chéad scoth anseo: Mark Ruffalo, Michael Keaton, Rachel McAdams, Live Schreiber, Stanley Tucci.


Sárlaochra agus Ficsean Eolaíochta: Tá iomaire na sárlaochra agus an fhicsin eolaíochta rómhartha an oiread sin go bhfuil sé deacair a shamhlú go bhfuil aon ghort branair fágtha. Tá Superman agus Batman curtha in aghaidh a chéile sa scannán den teideal céanna le Ben Affleck mar an caped crusader. N’fheadar cé mhéad scannán X-Men atá déanta faoin tráth seo (agus n’fheadar an cuma liom an oiread sin) ach tá gála eile chugainn leis an gCiarraíoch Fassbender ar ais mar Magneto. In Suicide Squad, déantar an coincheap a chasadh bunoscionn agus dírítear ar bhuíon sárbhithiúnach. Ina dteannta siúd ar fad, tá an chéad ghála eile de Star Trek (JJ Abrams bocht ina ghobadán) agus tá beidh iarracht á dhéanamh borradh a chur in athuair faoi Independence Day agus Ghostbusters.

Fág freagra ar 'Sárlaochra agus meascán mearaí eile chugainn ar an scáileán in 2016'