Saothar aigneolaíoch duairc faoi thionchar an bháis thragóidigh

Sa scannán nua Wildfire tá taispeántais bhreátha againn ó Nora-Jane Noone agus ó Nika McGuigan, ina ról deireanach

Saothar aigneolaíoch duairc faoi thionchar an bháis thragóidigh

Wildfire
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Cathy Brady
Cliar: Nika McGuigan, Nora-Jane Noone, Kate Dickie, Martin McCann, David Pearse

Saothar duairc, aigneolaíoch é an chéad fhadscannán ó pheann agus ceamara Cathy Brady. Déantar cíoradh ar an suaitheadh agus crá croí a bhaineann leis an mbás tubaisteach, gan choinne. Is deirfiúracha iad Lauren (Noone) agus Kelly (McGuigan) atá ciaptha ag bás a máthar blianta roimhe sin. Maraíodh í i dtimpiste chairr ach tá daoine, na cailíní iad féin san áireamh, in amhras gur chuir sí lámh ina bás féin.

Ag tús an tsaothair cloisimid agus címid leithéidí John Irvine ó ITN agus Bryan Dobson RTÉ ag tabhairt achoimre don lucht féachana ar thrioblóidí an Tuaiscirt ós na laethanta tosaigh go buamáil na hÓmaí, Comhaontú Aoine an Chéasta agus Brexit. Is diaidh ar ndiaidh a chuirtear abhaile orainn an ceangal idir stair shuaite an Tuaiscirt agus saol suaite an teaghlaigh seo.

Bhí na cailíní an-óg nuair a cailleadh an mháthair agus ní nach ionadh d’fhág seo lorg trom orthu. Ag tús an tsaothair címid Kelly ag filleadh ar Éirinn agus an fód dúchais ar an teorainn; go deimhin tá an abhainn teorann ar chúl thigh a n-óige. Tá an chuma uirthi go bhfuil sí ag broc leis an saol, go bhfuil sí gan dídean agus nach bhfuil sa saol aici ach na giuirléidí neafaiseacha atá ina mála agus ina póca. Ar deireadh thiar thall sroicheann sí tigh a deirféar.

Tá Lauren ag an obair ach scaoileann Sean (McCann) isteach í. Tugann an comhrá seo agus cinn eile le fios dúinn go raibh sí imithe gan tásc ná tuairisc le stáir. Ar an gcéad fhéachaint tá Lauren níos stuama; fear agus teach aici mar aon le post i dteach trádstórais de chineál Amazon. Tá an ghoimh agus an faoiseamh araon le feiscint ina cuntanós agus a cuid iompair nuair a chíonn sí a deirfiúr.

Is léir go bhfuil nasc an-láidir idir na cailíní. Neartaíonn seo arís de réir a chéile. Dar le mórán daoine, Lauren agus Kelly san áireamh, go bhfuil fadhbanna meabhairshláinte ag Kelly. Tagraítear go minic do chosúlachtaí, ina dreach agus a hiompar, lena máthair. B’fhéidir gurbh éan corr í riamh ach tá bás na máthar ag luí go trom ar a croí agus a hintinn.

Caitheann sí go leor ama ag snámh san abhainn ar chúl an tí. Í ag iarraidh breith ar a hóige agus tréimhse níos soineanta agus níos sona ina saol. I ngan fhios di féin tosnaíonn Lauren ag sleamhnú isteach i nduibheagán uaignis is corraíola a deirféar.

Dar liom gur thosnaigh rudaí ag éirí ró-áiféiseach i dtreo an deiridh; buaileann dhá charr an bheirt acu ach is beag rian atá orthu agus goideann siad carr eile. Lena chois sin theastaigh uaim go ndéanfaí breis tochailte ar bhás tragóideach an athar, a thionchar sin ar a máthair agus an nasc le corraíl an Tuaiscirt.

Seo an taispeántas deireanach ó McGuigan, a d’imigh ar shlí na fírinne in 2019. Is í a dhéanann cuid mhaith den scannán a iompar agus éiríonn léi crá croí agus suaitheadh aigne a carachtair a léiriú go paiteanta. Tá Noone breá in ann é a fhéachaint léi agus í ag iarraidh dul i ngleic lena cráiteacht féin.

Saothar aigneolaíoch duairc faoi thionchar an bháis thragóidigh.

Fág freagra ar 'Saothar aigneolaíoch duairc faoi thionchar an bháis thragóidigh'