‘Saol faoi Shráid’ ar stáitse sa Taibhdhearc mar chuid de ‘Baboró’

Ticéid fós ar fáil le haghaidh seónna an deiridh seachtaine agus aip á seoladh tráthnóna

SONY DSC

Saol Faoi Shráid, an seó beo puipéadóireachta ar ais ar stáitse sa Taibhdhearc mar chuid d’fhéile Baboró na bliana seo. Tá roinnt ticéad fós ar fáil le haghaidh seónna an tSatharn is an Domhnaigh @10.00 agus @12.00 agus má tá sibh timpeall chathair na Gaillimhe, is fiú go mór an seó a fheiceáil.

Tá sé dírithe ar ghasúir as na Naíonáin Bheaga go Rang a Dó (4 bliana – 8 mbliana d’aois) agus é bunaithe ar an tsraith teilifíse Saol Faoi Shráid, atá le feiceáil ar Cúla 4 faoi láthair.

Tá ticéid ar fáil ach glaoch ar 091-569777 agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.baboro.ie
Idir an dá linn, beidh an Aip Saol Faoi Shráid á seoladh ag Leo Moran as na Saw Doctors sa Taibhdhearc i gceann tamaillín agus tá fáilte roimh chách.

“Tá muid ar bís agus ainmniúchán IFTA faighte ag an tsraith teilifíse seo sa Rannóg Gasúir & Daoine Óga i mbliana agus bronnfar na gradaim ag searmanas i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn,” a dúirt Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir an chompántais Fíbín agus léiritheoir Saol Faoi Shráid.

Fág freagra ar '‘Saol faoi Shráid’ ar stáitse sa Taibhdhearc mar chuid de ‘Baboró’'