Saoire eile saor in aisce ag Ian Paisley agus deis eile ag an DUP beart a dhéanamh de réir a mbriathair

Ní maise ar cháil Ian Paisley é go bhfuil sé á fhiosrú den dara huair le dhá bhliain faoi laethanta saoire ardchostais

Saoire eile saor in aisce ag Ian Paisley agus deis eile ag an DUP beart a dhéanamh de réir a mbriathair

Saoire eile saor in aisce ag Ian Paisley, a bhean agus a chlann. Tabhartas ó chara ‘anaithnid’, bronntanas nár ghá a nochtadh ar chlár leasanna comhaltaí, dar leis féin. Níos lú ná mí ó d’fhill sé ar Theach na dTeachtaí tar éis na tréimhse fionraíochta ab fhaide a gearradh riamh ar fheisire as droch-chlú a tharraingt ar an bParlaimint, tá iompar Paisley curtha faoi bhráid an Choimisinéara um Chaighdeáin, fiosrú éilithe ag na páirtithe eile abhus agus fiú an DUP féin ag rá gur cás tromchúiseach é a bhfuil sé i gceist acu é a scrúdú.

Ní foláir nó go bhfuil an feisire d’Aontroim Thuaidh an-cheanúil ar thíortha an Aigéin Indiaigh. Ní foláir, freisin, nó go bhfuil cion as cuimse aige ar réimis ansmachtúla an réigiúin. Murar leor an scannal faoina chuid laethanta saoire i Srí Lanca agus a iarrachtaí chun stop a chur le smachtbhannaí ar an tír sin as sárú chearta an duine, tá ceisteanna le freagairt anois aige faoi shaoire chostasach a chaith sé féin agus a theaghlach i bPoblacht Oileáin Mhaildíve, tír eile a thuill cáineadh idirnáisiúnta.

Clár Spotlight ar BBC Thuaisceart Éireann a rinne na líomhaintí nua. Chaith muintir Paisley cúig oíche agus cóiríocht lán-lóistín acu in ionad saoire galánta i bPoblacht Oileáin Mhaildíve in 2016. Mhaígh finnéithe gurbh é úinéir an ionaid, iar-aire rialtais a raibh gaol aige le hUachtarán conspóideach na linne, Abdullah Yameen, a d’eagraigh an tsaoire ar iarratas an rialtais.

Shéan Ian Paisley gur bhronntanas ón réimeas ab ea é: dúirt sé leis an gclár gur íoc sé féin cuid den chostas ($299 dollar as na mílte dar le lucht Spotlight ) agus gur íoc cara an chuid eile. Ní raibh sé toilteanach a rá cérbh é an cara. Dúirt sé áfach nach raibh baint ag an gcara le polaitíocht agus nár bhain sé aon bhuntáiste as an tabhartas.

Ocht mí roimh na laethanta saoire chuaigh Ian Paisley agus beirt fheisirí eile ar thoscaireacht ó Westminster chun na Maildíve. Thug siad cuairt ar an bpríosún inar coinníodh ceannaire an fhreasúra, an t-iarUachtarán Mohamed Nasheed agus chinn siad go raibh an príosún sómasach. Fuair Nasheed tearmann sa Bhreatain an bhliain sin agus cheistigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí eile sárú ar chearta an duine faoi cheannas Yameen. Tá céasadh ar bhonn reiligiúin i measc na gcionta eile a chuirtear i leith an réimis, iompar a thagann salach ar leagan amach an DUP.

Go gairid i ndiaidh na cuairte, labhair feisire an DUP go tréan in aghaidh smachtbhannaí a chur ar na Oileáin Mhaildíve. Ní hiontas, mar sin, go bhfuil amhras ar dhaoine go raibh nasc idir an stocaireacht thar ceann an réimis agus na laethanta saoire lár téarma. Má tá cruthúnas ag an bhfeisire Paisley nárbh íocaíocht as stocaireacht ab ea na laethanta saoire ní mór dó a bheith oscailte, trédhearcach.

Náire shaolta ab ea Poblacht Oileáin Mhaildíve i dtaca le drochíde ar phríosúnaigh, bhí riar na córa as a riocht agus cuireadh lucht an fhreasúra i ngéibheann, dar le Amnesty.

Tá léas dóchais sa tír áfach ag deireadh na bliana seo. Chaill Yameen an toghchán sa bhfómhar agus tháinig Uachtarán nua, Ibrahim Solih, i gcomharbacht air. Saoradh príosúnaigh pholaitiúla agus cuireadh ciontú an iarUachtaráin Nasheed as sceimhlitheoireacht ar fionraí- an mhí dár gcionn chuir an Chúirt Uachtarach an ciontú ar neamhní. Drochsheans go mbeadh gaol gairid idir an réimeas nua agus an feisire Paisley.

Níos luaithe i mbliana thug Ian Paisley na sála leis nuair a theip ar phróiseas athghairme i ngeall ar a fhionraíocht 30 lá ó Westminster. Ní raibh air tabhairt faoi fhothoghchán mar nár shínigh ach 9.4% de na vótóírí an achainí athghairme in ionad an 10% a bhí riachtanach.

Rinne sé gaisce as a chaithréim agus mhaígh sé gur chruthaigh sé go raibh 90.6% de na vótóirí ina fhabhar. Ní fheadar an mbeadh sé chomh cinnte sin de féin inniu cé gur léir go bhfuil tacaíocht láidir aige sa toghcheantar.

Tar éis dó a rá leis an mBBC gur labhair sé leis an gCoimisinéir um Chaighdeáin faoin tsaoire agus gur dúradh leis nár ghá é a chlárú, b’éigean dó a ráiteas a cheartú; ba le cláraitheoir a labhair sé. Tá cruinniú leis an gCoimisinéir Kathyrn Stone iarrtha aige anois.

Bhí an t-ádh air gur craoladh an clár tráth a raibh an domhan agus a mháthair ag faire ar an suaitheadh sa Pharlaimint in Westminster. Ní dhéanfar neamhaird de, áfach. Tá Sinn Féin agus an SDLP ag éileamh go n-éireodh sé as a shuíochán Parlaiminte – saothar in aisce acu, ceaptar, ach coinneofar brú air. Fiú mura bhfaigheann an Coimisinéir fianaise gur mhórshárú ar a dhualgas é gan an tsaoire a chlárú táthar den bharúil go bhfuil iomarca ‘botún’ luaite leis. Ní maise ar a cháil é a bheith á fhiosrú den dara huair le dhá bhliain faoi laethanta saoire ardchostais.

Beidh brú freisin ar an DUP. Ceapadh go forleathan go raibh an páirtí meata sa chaoi ar láimhseáil siad mí-iompar Phaisley cheana – á ligean ar ais ar an bpointe boise nuair a theip ar an achainí athghairme. An uair seo, tar éis di leithscéal a ghabháil ag a gcomhdháil bhliantúil faoi iompar doghlactha sa pháirtí, dúirt Arlene Foster go raibh ardchaighdeán á éileamh ag an bpobal ó pholaiteoirí. Seo é a ndeis má tá an mianach iontu chun í a thapú.

Fág freagra ar 'Saoire eile saor in aisce ag Ian Paisley agus deis eile ag an DUP beart a dhéanamh de réir a mbriathair'