Saoire bheag agus deis machnaimh d’fhoireann na hÉireann

Tar éis trí seachtaine agus ceithre chluiche fichead, is cinnte go bhfuil an deichiú Corn an Domhain Rugbaí ar chaighdeán níos fearr agus níos airde ná aon cheann eile

Saoire bheag agus deis machnaimh d’fhoireann na hÉireann

Cé go bhfuil cluiche amháin fós le n-imirt ag na hÉireannaigh i nGrúpa B, tá an deireadh seachtaine saor ag ár gcuid imreoirí agus deis dá réir acu roinnt ama a chaitheamh lena gcuid daoine muinteartha  agus a gcuid cairde sula dtosóidh an réiteach le tabhairt faoi Albain faoi cheann seachtaine. Deis é freisin le leathshúil a chaitheamh ar imeachtaí agus ar thorthaí eile sa gcomórtas go dtí seo.

Is cinnte go bhfuil neart ceachtanna foghlamtha ag lucht bainistíochta an chomórtais ón gcéad deireadh seachtaine nuair a tháinig deacrachtaí chun cinn ó thaobh stiúradh na sluaite móra i Marseille (Sasana V An Airgintín) agus in Bordeaux (Éire V an Rómáin).

Is fiú a mheabhrú gur tháinig feabhas freisin ar chaighdeán na réiteoirí agus nach bhfuil na cinntí aisteacha a chonaic muid i gcúpla cluiche le linn an chéad deireadh seachtaine chomh fairsing céanna. Go deimhin, bhí bainistiú an réiteora ar an gcluiche idir an Bhreatain Bheag agus Fidsí chomh leataobhach sin gur tharraing sé cáineadh ar fud an domhain.

Ar pháirc na himeartha féin, is cinnte go bhfaca muid cúpla cluiche iontach, an ceann sin idir Éirinn agus an Afraic Theas ina measc. Is fiú tagairt a dhéanamh freisin den choimhlint iontach a bhí idir na Francaigh agus na hAll Blacks ar an gcéad oíche den chomórtas, gan trácht ar thréan-iarracht Uragua i gcoinne na Fraince.

Léirithe iontacha a bhí sna cluichí sin ar na scileanna agus an tallann ar chaighdeán domhanda atá cruinnithe le chéile sa bhFrainc don chomórtas seo, gan trácht ar an sprid agus an díocas a thaispeánann imreoirí foirne ar nós Uragua agus na Namaibe, foirne gur fíor a rá ina dtaobh nach bhfuil seans ar bith acu ar an gcraobh. Chonaic muid cineál aiséirí ó na Breatnaigh, foireann nár bhuaigh ach cluiche amháin sa gcomórtas Sé Náisiún, ach a náirigh foireann na hAstráile, 40-6 i Lyon an Domhnach seo caite.

Faillí a bheadh ann gan tagairt a dhéanamh dár sean-namhaid, Sasana.  Bhuel, tá siadsan fós go mór sa rás i nGrúpa D. D’imir agus bhuaigh siad trí chluiche go dtí seo i gcoinne na hAirgintíne, na Seapáine agus na Sile. Níl aon fhoireann atá ar fiú amháin leathchaighdeán domhanda sa liosta sin, rud a chinntíonn go mbeidh siad sna babhtaí ceathrú ceannais cé go bhfuil cluiche amháin eile fós le n-imirt acu i nGrúpa C.

Sna grúpaí eile tá muid cinnte gurb iad na Francaigh agus an Nua-Shéalainn a bheas a bharr Ghrúpa A agus trí bhua acu as trí iarracht i nGrúpa C, tá an Bhreatain Bheag cinnte dá n-áit féin sna cluichí ceathrú ceannais freisin.

Fágann sin ár ngrúpa féin, Grúpa B.  Seans maith ag an staid seo gur muid féin agus na Springboks a bheas ag dul chun cinn, sin mura ndéanfaidh Albain beart mór inár gcoinne faoi cheann seachtaine.

Tar éis trí seachtaine agus ceithre chluiche fichead imeartha go dtí seo, is cinnte go bhfuil an deichiú Corn an Domhain Rugbaí ar chaighdeán níos fearr agus níos airde ná aon cheann a reáchtáladh roimhe seo agus go bhfuil sárchoimhlintí le teacht fós.  Tá  Éire agus na hAll Blacks agus an Fhrainc i gcoinne na hAfraice Theas fós le teacht.

Cuimhnigh, más mar sin a thitfidh amach,  nach mbeidh muid ach ag na babhtaí ceathrú ceannais.

Tá an teas ag ardú!

Fág freagra ar 'Saoire bheag agus deis machnaimh d’fhoireann na hÉireann'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ná rithimís amach ón gcairt ar fad fós! Chuaigh 11 phointe amú ar na Boks de bharr droch-chiceanna. Agus bhí siad 2 mhéadar ón úd-líne fé dhó. Ní tharlóidh sé sin aríst. Bhuamar an cluiche cinnte nó ba chirte a rá b’fhéidir gur fhág na Boks ina ndiaidh é.