Saighdiúir F neamhchiontach in dhá chúis dúnmharaithe a bhain le Domhnach na Fola

Bhí dúnmharú James Wray agus William McKinney curtha i leith Saighdiúir F i sléacht Dhomhnach na Fola i gcathair Dhoire leathchéad bliain ó shin

Saighdiúir F neamhchiontach in dhá chúis dúnmharaithe a bhain le Domhnach na Fola

Fuarthas Saighdiúir F neamhchiontach in dhá chúis dúnmharaithe agus i gcúig chúis iarrachtaí ar dhúnmharú.

Inniu a thug an Breitheamh Patrick Lynch a bhreith i dtriail an iar-pharatrúipéara, an Saighdiúir F.

Bhí dúnmharú James Wray agus William McKinney curtha ina leith i sléacht Dhomhnach na Fola i gcathair Dhoire leathchéad bliain ó shin.

Bhí an t-iar-pharatrúipéir cúisithe chomh maith in iarrachtaí cúigear eile a dhúnmharú – Michael Quinn, Patrick O’Donnell, Joseph Friel, Joe Mahon agus duine anaithnid – le linn an scliúchais a tharla i ndiaidh pharáid na gceart sibhialta i nDoire ar an 30 Eanáir, 1972.

Mharaigh Reisimint Pharasiút arm na Breataine trí dhuine dhéag lena gcuid gunnaí an lá uafar sin.

Phléadáil Saighdiúir F neamhchiontach sna seacht gcúis a bhí curtha ina leith.

Dúirt breitheamh na cúirte go raibh cás an ionchúisimh i bhfad faoi bhun an chaighdeáin a bhíonn riachtanach le go bhféadfaí duine a chruthú ciontach thar amhras réasúnach.

D’áitigh an t-ionchúiseamh gur chuir siad fianaise dhíreach ar fáil gur thosaigh Saighdiúir F ag lámhach sa cheantar áirithe sin.

Dúirt na cosantóirí nach raibh na finnéithe sin iontaofa agus go raibh neamhréir idir a gcuid ráiteas, mar a bhí idir na cuntais a thug finnéithe súl a thug fianaise le linn na trialach.

Bhí teaghlaigh chuid de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola i láthair sa gcúirt nuair a tugadh an bhreith.

Bhí Saighdiúir F é féin i láthair i gCúirt Chorónach Bhéal Feirse le haghaidh gach uile lá den chás a mhair ceithre seachtaine. Bhí an cúisí, Saighdiúir F. folaithe taobh thiar de chuirtín sa gcúirt ionas nach bhféadfaí é a aithint.

Fág freagra ar 'Saighdiúir F neamhchiontach in dhá chúis dúnmharaithe a bhain le Domhnach na Fola'