Tá éileamh déanta ag eagraíocht oideachais ar an Aire Oideachais an liúntas a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge a thabhairt ar ais “mar rún na hathbhliana”.
Deir an eagraíocht Gaeloideachas gur chóir “aitheantas oifigiúil” a thabhairt do mhúinteoirí atá ag teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta as an “ualach breise” a bhíonn orthu. Deir an eagraíocht go gcabhródh an liúntas chomh maith le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta in earnáil an ghaeloideachais.
Deir Gaeloideachas gur chruthaigh an cinneadh deireadh a chur leis an liúntas “deighilt éagórach” idir múinteoirí a bhí i scoileanna roimh 2011 agus múinteoirí a thosaigh ag múineadh ina dhiaidh sin. Iadsan ag a bhfuil liúntas, a fuair é roimh 2011, cailleann siad é má bhogann siad go scoil eile, fiú más scoil lán-Ghaeilge atá inti.
Tugadh le fios ag deireadh na bliana seo caite nach raibh sé i gceist ag an Aire Oideachais an liúntas, ar cuireadh deireadh leis in 2011, a thabhairt ar ais mar gheall ar cheisteanna costais agus ceardchumainn.
Tá éileamh déanta cheana ag Cumann Múinteoirí Éireann go dtabharfaí ar ais na liúntais a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge i bhfianaise an ghanntanais mhóir múinteoirí san earnáil sin.
Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, go raibh “géarghá” le gníomh ón Rialtas le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta san earnáil. Dúirt sí go mbeadh cur i bhfeidhm na bpolasaithe oideachais don Ghaeltacht agus do scoileanna lán-Ghaeilge ag brath “ar mhúinteoirí atá oilte sa teanga” a bheith ar fáil.
Dúirt Micheál S. Mac Donnacha, Uachtarán Gaeloideachas, go mbíonn “ualach agus freagrachtaí breise” ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge agus gur chóir sin a aithint tríd an liúntas a thabhairt ar ais.
“Tá luach ag baint leis an obair bhreise atá á déanamh acu – ábhar comhaimseartha a chruthú trí Ghaeilge, comhfhreagras a scríobh go dátheangach, scileanna teanga a fhorbairt, agus uirlisí measúnaithe a chruthú trí Ghaeilge, mar shampla – agus ní mór don Rialtas aitheantas ceart a thabhairt don obair seo,” arsa Uachtarán Gaeloideachas.
€4.9 milliún a chosain na liúntais sin sa bhliain 2010 agus €3.8 milliún a bhí i gceist in 2018, laghdú €1.1 milliún.
€3,063 an liúntas a bhíodh á fháil sa bhreis ar a bpá ag gach múinteoir sa Ghaeltacht roimhe sin agus €1,583 breise a bhíodh ag múinteoirí i ngaelscoileanna. Bhíodh €1,842 mar liúntas ag múinteoirí ar na hoileáin.
De réir suirbhé nua a rinne an INTO, bíonn poist fhadtéarmacha gan líonadh i 50% de Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, i gcomparáid le 28% i scoileanna Béarla an stáit.
Sibéal
Tá an easpa curaclaim Gaeilge ar chomhchéim leis an gcuraclam Béarla dara leibhéal do chainteoirí dúchais agus líofa sa Ghaeilge ag magadh faoi iarrachtaí tuismitheoirí a bhfuil Gaeilge acu an teanga a choinneáil beo laistigh de bhallaí a dtithe féin sa Ghaeltacht agus timpeall na tíre sa Deisceart.
Maidir leis an gcuraclam uisciúil páistiúil Gaeilge ag an dara leibhéal cuireann sé lagmhisneach ar tuisti agus daltái go bhfuil Gaelge ar a dtoil acu.
Maidir leis an scrúdú Gaeilge don Ardteist is féidir leis na scoláirí Gaeltachta/Gaeldoideachais é a dhéanamh ina gcodladh.
Ualach ar na múinteoirí Gaeilge sna soileanna Gaeltachta agus Gaeloideachais dara leibhéal? Dearg seafóid! Saol an an mhadra bháin acu!