‘Ní haon chomhtharlúint é’ – fadhb ag 50% de scoileanna Gaeilge agus scoileanna speisialta múinteoirí a fháil

Tá éileamh á dhéanamh ag an INTO go dtabharfaí ar ais na liúntais a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

‘Ní haon chomhtharlúint é’ – fadhb ag 50% de scoileanna Gaeilge agus scoileanna speisialta múinteoirí a fháil

Ní haon chomhtharlúint é go bhfuil “géarchéim earcaíochta níos measa” in earnáil an Ghaeloideachais agus an oideachais speisialta, a deir Ard-Rúnaí an INTO, John Boyle.

Léiríonn suirbhé náisiúnta nua go bhfuil an fhadhb a bhaineann le postanna múinteoireoireachta a líonadh beagnach a dhá oiread níos measa i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, scoileanna Deis agus scoileanna speisialta ná mar atá i mbunscoileanna Béarla.

Tá éileamh á dhéanamh ag Cumann Múinteoirí Éireann go dtabharfaí ar ais na liúntais a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus le múinteoirí a bhíonn i scoileanna speisialta i bhfianaise an ghanntanais mhóir múinteoirí sna hearnálacha sin.

De réir an tsuirbhé, a rinne an INTO agus ceardchumainn eile, tá folúntais do phoist fhadtéarmacha (poist bliana ar a laghad) gan líonadh i 28% de scoileanna Béarla an stáit.

Is measa go mór an fhadhb i gcás an ghaeloideachais agus poist fhadtéarmacha gan líonadh i 50% de Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.

Dúirt 50% de scoileanna DEIS go raibh folúntais fhadtéarmacha gan líonadh acu agus 43% de scoileanna speisialta a dúirt amhlaidh.

Ag tús na míosa seo caite a rinneadh an suirbhé ar an 3,300 bunscoil agus scoil speisialta sa stát.

As an 1,094 scoil a d’fhreagair an suirbhé, bhí folúntais ann do 809 múinteoir san iomlán. Bhí lucht freagartha an tsuirbhé den tuairim gur in olcas a rachadh an scéal taobh istigh de thrí mhí eile agus gur 1,202 folúntas a bheadh ann faoin am sin.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt John Boyle, Ard-Rúnaí an INTO, gur chóir don Roinn Oideachais gníomhú “láithreach” le dul i ngleic leis an ghanntan múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge, scoileanna Deis agus scoileanna speisialta agus na liúntais a bhíodh á n-íoc le múinteoirí sna scoileanna sin a thabhairt ar ais.

“Ní haon chomhtharlúint é go bhfuil fadhb i bhfad níos measa againn sna scoileanna Gaeilge agus sna scoileanna speisialta. Seo lorg na gciorruithe a rinneadh in 2012.

“Rinne siad damáiste millteanach ar an chóras oideachais idir 2009 agus 2012, nuair a bhain siad amach na príomhoidí cúnta agus nuair a fuair siad réidh leis na liúntais,” a dúirt sé.

Liúntas bliana do mhúinteoirí a bhain a gcáilíocht amach roimh 2012
Gaelscoil €1,785
Scoil Ghaeltachta €3,455
Scoil Oileánda €2,078
Scoil Speisialta €2,749

Faoi láthair, ní fhaigheann múinteoirí a bhain a gcáilíocht amach i ndiaidh 2012 aon airgead breise le dul ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta.

Tháinig deireadh leis an liúntas a bhí ar fáil do mhúinteoirí a bhí ag teagasc i scoileanna speisialta an uair sin chomh maith agus cuireadh deireadh ag an am céanna le coinníollacha oibre fabhracha a bhíodh ag múinteoirí i scoileanna DEIS.

Dúirt Boyle nach raibh “ciall ar bith” leis an dóigh a bhfuil an Roinn Oideachais ag plé le liúntais faoi láthair.

“D’fhág an ciorclán a tháinig amach in 2012, nach raibh múinteoirí nua i dteideal na liúntas ach fiú na múinteoirí a bhí ann, thiocfadh leo an liúntas a chailleadh.

“Faoi láthair, má tá tú ag obair sa Ghaeltacht i scoil amháin agus má aistríonn tú chuig scoil Ghaeltachta eile, chaillfeá an liúntas. Thiocfadh leat a bheith ag múineadh i nGaelscoil amháin agus post a glacadh i nGaelscoil eile agus an liúntas a chailleadh. Tá sé amaideach amach is amach.”

Dúirt John Boyle gur constaic eile roimh earcú múinteoirí na deacrachtaí a bhíonn ag daoine lóistín a fháil nó lóistín ar chíos réasúnta a fháil.

“Tá an cur chuige céanna a chonaic muid le linn na paindéime de dhíth i dtaobh lóistín a chur ar fáil do mhúinteoirí.

“Tá na rátaí cíosa i bhfad ró-ard, go háirithe sna bailte móra, agus tá sin ina bhac ar mhúinteoirí glacadh le poist. Chonaic muid le linn Covid go raibh an rialtas sásta airgead a chur ar fáil le go dtiocfadh le haltraí agus oibrithe sa chóras sláinte fanacht sa chathair agus dul ag obair sna hospidéil. Tá cur chuige mar sin de dhíth do mhúinteoirí.”

Rinne Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) an suirbhé nua i gcomhpháirt le Cumann Phríomhoidí Bunscoile Éireann (IPPN) agus Cumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha.

Fág freagra ar '‘Ní haon chomhtharlúint é’ – fadhb ag 50% de scoileanna Gaeilge agus scoileanna speisialta múinteoirí a fháil'

  • Lillis Ó Laoire

    Beidh praghas tí ag an dream atá ag saothrú in Dubai i ndiaidh cúig nó sé bliana ansin. Nuair atáthar ag rá gurb ionann post bliana agus ‘post fadtéarmach’ in Éirinn, cén t-iontas go mbeadh múinteoirí ag imeacht ann ag saothrú a gcoda? Ar a laghad, tá meas ar a ngairm ansin, níos mó ná mar atá abhus, cibé ar bith.
    Ní hiad na múinteoirí, bíodh siad i nGaelscoileanna, i scoileanna speisialta, nó in aon scoile eile, ba chiontsiocair leis na dalaí a spreag na ciorruithe, ach tá siad ag íoc ar a son go fóill.