Rún na hathbhliana? Fan inti, ní fada uainn Lá na Leiciméirí

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Rún na hathbhliana? Fan inti, ní fada uainn Lá na Leiciméirí

Ná déan nós…

Ná bí ag aireachtáil go dona má tá tú ag cuimhneamh ar do chuid rúin athbhliana a chaitheamh in aer, níl tú i d’aonar. Más i gcaitheamh na Nollag a leag tú síos na rúin, seans go raibh braonín sa gcuircín agat agus tú ag cuimhneamh orthu. Fan go fóilleach sula dtosóidh tú ag tabhairt amach duit féin, an bhfuil aon bhaol ann go raibh tú beagáinín súgach nuair a dúirt tú nach n-ólfá aon bhraon meisciúil arís go deo?

Nó an bhféadfadh go raibh tú imithe ar an bhfóidín mearaí nuair a dúirt tú go ngabhfá amach ag rith le héirí na gréine, ag tosú ar Lá Caille? Cuimhnigh siar, cé mhéad gloine Baileys a bhí ólta agat nuair a dúirt tú é sin?

Deirtear go dtiteann an chuid is mó de na rúin athbhliana go leataobh faoi lár mhí Eanáir. Má tá do chuidse coinnithe agat go dtí anois, níl tú ródhona. Faraor, níl fágtha anois ach beagán os cionn seachtaine nó go mbeidh siad caite i dtraipisí agat, má tá tú ar nós an chuid eile againn.

Tá sé chomh coitianta sin go bhfuil ‘Ditch the New Year’s Resolution Day’ baiste ar an 17 Eanáir, nó, ceann eile atá feicthe agam ar líne ná ‘Quitter’s Day’, an dara Aoine de mhí Eanáir.

Sula ndéanfaidh tú breithiúnas ort féin ná ar éinne eile, is cosúil nach é go bhfuil daoine lagintinneach, ná gur easpa dúthrachta is cúis leis an teip ach an chaoi a leagtar síos na rúin. Tá focail áirithe agus frásaí nár chóir a úsáid agus rúin á leagan síos, is cosúil.

Caithfear beagáinín solúbthachta a fhágáil againn féin. Ná habair go ndéanfaidh tú rud ‘i gcónaí’ agus ná habair nach ndéanfaidh tú rud ‘go deo arís’ an chomhairle atá ann. Má theipeann orainn oiread agus uair amháin sna rúin go ndéanfar rud éigin i gcónaí nó nach ndéanfar rud éigin go deo arís, tá an cath caillte, is cosúil.

Má deir muid ‘gabhfaidh mé ag rith i gcónaí, gach uile lá’, tá muid ag cur dris chosáin sa mbealach orainn féin. Céard a tharlóidh an lá nach mbeidh tú in ann a ghabháil ag rith? Beidh tú tar éis teip sa rún a bhí leagtha amach agat. Mar an gcéanna má deir muid nach ndéanfaidh muid rud éigin go deo arís, ‘ní fhanfaidh mé i mo shuí deireanach ag breathnú ar ríleanna go deo arís!’. Tá teipthe ort chomh luath is a bhriseann tú an rún sin.

Is iomaí leabhar a bhí ar bharr na gcairtecha díolacháin le blianta beaga anuas a bhaineann le nósanna agus na bealaí le nósanna a athrú nó a chur i bhfeidhm. Ina measc bhí Atomic Habits le James Clear, a bhí ar bharr an liosta leabhar is mó díol ar an New York Times agus The Power of Habit: Why we do what we do le Charles Duhigg. Is léir go bhfuil suim ag daoine a gcuid nósanna a athrú, ach nach bhfuil a fhios againn cén chaoi lena dhéanamh.

De réir Atomic Habits, is le nós a dhéanann muid suas le 80% de na rudaí a dhéanann muid gach lá agus dá bhrí sin, má tá muid ag iarraidh an saol a athrú, caithfidh muid breathnú ar dtús ar na nósanna atá againn.

Bhí a fhios ag na Gaeil é seo fadó agus gan aon leabhar á rá linn. Ná déan nós agus ná bris nós, a deir an seanfhocal. Ní raibh siad i bhfad amach ón marc. De réir an taighde, tá sé uafásach deacair nós a bhriseadh. Moltar ina áit sin, nós maith nua a chur in áit an drochnóis atá muid ag iarraidh a bhriseadh.

Má tá sé de nós agat gloine fíona a bheith agat sa tráthnóna nuair atá na gasúir gaibhte a chodladh, mar shampla, de réir leabhar Duhigg, tá sé an-deacair an nós sin a bhriseadh. Caithfear, a deir seisean, rud éigin eile a chur ina áit. An ndéanfadh cupán tae an beart céanna?

Seans go bhfuil tuilleadh taighde ag teastáil.

***

Na Oscars 

Níl fágtha anois ach cúig lá eile go dtí go gcuirfear tús leis an vótáil do ghradaim Oscars na bliana seo. Beidh cúig lá vótála ansin ann agus fógrófar na gearrliostaí ar an 22 Eanáir. An bhféadfadh go mbeadh ,ní hamháin ceann, ach dhá Oscar ag teacht go hÉirinn i mbliana?

Tá go leor cainte tarraingthe ag an scannán Hamnet ina bhfuil Paul Mescal agus Jessie Buckley, beirt aisteoirí Éireannacha, ann. Tá an scannán bunaithe ar an úrscéal Hamnet le Maggie O’Farrell, arb as Doire di, leabhar a ghnóthaigh an Women’s Prize for Fiction sa mbliain 2020 agus an duais don fhicsean ag na National Book Critics Circle Award an bhliain chéanna.

Beidh Hamnet le feiceáil sna pictiúrlanna in Éirinn an Aoine bheag seo agus tá Gradam Critic’s Choice don bhanaisteoir is Fearr bronnta an tseachtain seo ar Jessie Buckley as an taispeántas a thug sí sa scannán.

Má éiríonn le Mescal agus Buckley ainmniúcháin a fháil sna Academy Awards i mbliana, tá seans maith ag an mbeirt acu an duais a thabhairt leo. Seo an dara uair ag Buckley ainmniúchán a fháil. Ainmníodh cheana í do The Lost Daughter in 2021. Ainmníodh Mescal cheana chomh maith, sa mbliain 2023 don scannán Aftersun. B’fhéidir go ndéanfadh siad an beart i mbliana.

***

Ag léamh…

Hamnet le Maggie O’Farrell. Tá sé chomh maith é a léamh roimh dhul go dtí an phictiúrlann.

Úrscéal tarraingteach bunaithe ar shaol William Shakespeare agus a theaghlach agus scéal a mhic, Hamnet, a cailleadh agus é aon bhliain déag d’aois. Is cosúil gur scríobh Shakespeare an dráma Hamlet ceithre bliana i ndiaidh bhás a mhic, ceann de na drámaí is cáiliúla a scríobhadh riamh i mBéarla.

Fág freagra ar 'Rún na hathbhliana? Fan inti, ní fada uainn Lá na Leiciméirí'

  • Padruig

    Cur Gàidhlig air an Leabhar Mòr AA