Luimneach v Cill Chainnigh – Páirc an Chrócaigh, 3.30in (Beo ar RTÉ/BBC)
Is faoi Chill Chainnigh atá sé arís iarracht a dhéanamh deireadh a chur le ceannas Luimnigh ar Chraobh Shinsir Iomána na hÉireann. Rinne na Cait a ndícheall anuraidh, bhí siad i bhfoisceacht cúpla pointe do Luimneach sa chluiche ceannais agus táthar ann a cheapann go bhfuil an bhearna idir na foirne laghdaithe idir an dá linn.
Cinnte, níl an chuma dhosháraithe chéanna ar Luimneach a bhí orthu aimsir Covid ach níl aon amhras ach go gcaithfidh gach duine d’imreoirí Chill Chainnigh a rachaidh chun páirce inniu a bheith i mbarr a maitheasa más leo Craobh na hÉireann a thabhairt leo den chéad uair ó 2015.
Is minic go dtagann imreoirí nach mbíonn daoine ag súil leo chun cinn i gcluichí ceannais chun a lorg a fhágáil ar chluiche ceannais na hÉireann agus d’fhéadfadh sin tarlú arís inniu más le Cill Chainnigh buachan ach, sin ráite, shamhlófá go gcaithfidh TJ Reid agus Eoin Cody gaiscí a dhéanamh le go rachadh Corn Mhic Cárthaigh cois Feoire anocht.
D’fhéadfaí glacadh leis faoin tráth seo go ndéanfaidh TJ a chúram ach beidh Cill Chainnigh ag brath go mór ar Cody chun a chuid a dhéanamh. Má éiríonn go maith leis-sean inniu agus má bhuann Cill Chainnigh, beidh Cody mar rogha na coitiantachta do ghradam Imreoir na Bliana tar éis dó sárthaispeántais a thabhairt i gcluiche ceannais Laighean agus go háirithe i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh an Chláir.
Beidh Cody féin ag iarraidh tionchar níos mó a bheith aige ar an gcluiche nár mar a bhí anuraidh, nuair nár scóráil sé ach aon phointe amháin sular baineadh den pháirc é théis uair an chloig agus an cluiche idir dhá cheann an meá. Is mór an tairbhe dó go bhfuil Seán Finn, an fear is fearr sa tír chun súil a choinneáil ar Cody, gortaithe ó thús an tséasúir ach ní haon droch-ionadaí é Mike Casey don chúram sin.
Beidh an cath idir Huw Lawlor agus Aaron Gillane ar an taobh eile den pháirc chomh cinniúnach céanna. Is mian le Gillane a bheith ar an tríú himreoir as a chéile ó chumann Thobar Phádraig le gradam Imreoir na Bliana a bhuachan tar éis do Chian Lynch é a bhuachan in 2021 agus Diarmuid Byrnes in 2022 agus ba dheacair gan é a bhronnadh ar Gillane má éiríonn go maith leis inniu.
Rinne Lawlor jab réasúnta maith á mharcáil i gcluiche ceannais na bliana seo caite, gan ach dhá phointe ón imirt aimsithe ag Gillane, ach ba í an obair a rinne tosaithe eile Luimnigh an lá sin scéal an chluiche.
Ní raibh Cill Chainnigh in ann ar chor ar bith ag líne leatosaithe Luimnigh agus 1-13 aimsithe ag an triúr ón imirt, 1-5 ag Gearóid Hegarty agus ceithre phointe an duine ag Kyle Hayes agus Tom Morrissey.
Tá Hayes curtha siar sa líne leathchúil ó shin, ach tá David Reidy ag imirt go maith do Luimneach faoi láthair agus cruthóidh sé féin deacrachtaí do Chill Chainnigh.
An fhadhb is mó atá ag Derek Lyng ná go bhfágann cumas na n-imreoirí sin sa líne leatosaithe nach féidir le Richie Reid titim siar os comhair líne lánchúil Chill Chainnigh, mar is dual dó. Feidhmíonn sé go han-mhaith mar chosantóir le cois ach nuair a bhíonn air fear a leanúint anonn agus anall, ní bhíonn sé ar a chompord.
D’fhéadfadh Lyng imreoir eile a thabhairt siar chun cuid d’obair Reid a dhéanamh. Go hiondúil, ní haon fhadhb é sin do Luimneach mar is minic go bhfágtar Hannon saor chun rudaí a stiúradh ach, dá fheabhas é Will O’Donoghue, a bheidh ag feidhmiú i ról Hannon, níl an réimse scileanna aige atá ag Hannon. Mar a léirigh siad sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Gaillimhe, áfach, is minic le John Kiely agus Paul Kinnerk aon fhadhb a thagann chun cinn le linn cluiche a réiteach.
Caithfidh Cill Chainnigh tús maith a chur le cluiche an lae inniu má tá aon seans le bheith acu agus cinnte ní féidir cúl a ghéilleadh théis ceithre nóiméad, mar a rinneadh anuraidh.
In ainneoin gur thug siad dúshlán Luimnigh ina dhiaidh sin, ní raibh Luimneach riamh chun deiridh sa chluiche sin agus cuimhnigh gurbh é an 15ú nóiméad den chluiche ceannais in aghaidh na Gaillimhe in 2018 an uair dheireanach a raibh Luimneach chun deiridh i gcluiche ceannais na hÉireann. Rud amháin é coinneáil le sárfhoireann seo Luimnigh, rud eile ar fad é í a shárú.
Fág freagra ar 'Rud amháin é coinneáil le sárfhoireann Luimnigh, rud eile ar fad é iad a shárú'