Ruathar déanta ag an FBI ar theach an iaruachtaráin Donald Trump

Tuairiscítear go raibh baint ag an ruathar a rinne an FBI ar Mar-a-Lago le cáipéisí rúnaicmithe a thug Trump ón Teach Bán go dtí Florida leis nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán

Ruathar déanta ag an FBI ar theach an iaruachtaráin Donald Trump

Tá ruathar déanta ag an FBI ar theach an iar-Uachtaráin Donald Trump in Palm Beach, Florida.

Ní raibh an t-iar-uachtarán in Mar-a-Lago nuair a tharla an ruathar.

Ar oifigí Trump in Mar-a-Lago a dhírigh na gníomhairí de chuid an FBI a gcuardach agus tuairiscítear go raibh baint ag a ruathar le cáipéisí rúnaicmithe a thug Trump ón Teach Bán go dtí Florida leis nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán.

Cháin Trump go láidir cinneadh an FBI feidhm a thabhairt do bharántas cuardaigh chun ruathar a dhéanamh ar a theach agus mhaígh sé go raibh an locht ar an bPáirtí Daonlathach.

Dúirt Trump gur “tréimhse dhorcha” a bhí ann don náisiún agus mhaígh sé go raibh “uirlis chatha” déanta den chóras dlí chun stop a chur leis seasamh don uachtaránacht arís in 2024.

“Ní fhéadfadh a leithéid tarlú ach amháin i dtíortha briste de chuid an tríú domhan. Faraor is ceann de na tíortha sin anois Meiriceá, é níos caime ná mar a bhí riamh cheana. Bhris siad isteach i mo thaisceadán fiú!” arsa Donald Trump, iaruachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dúirt sé nár tharla “aon rud mar seo riamh cheana d’uachtarán ar na Stáit Aontaithe”.

“Ó tharla gur oibrigh mé agus gur chabhraigh mé leis na háisíneachtaí rialtais chuí, ní raibh aon ghá leis an ruathar seo ar mo theach agus ní raibh sé cuí,” a dúirt Trump i ráiteas a chuir sé amach aréir.

Dúirt sé go raibh a theach “faoi léigear” agus é “gafa” ag grúpa mór gníomhairí de chuid an FBI.

 

Fág freagra ar 'Ruathar déanta ag an FBI ar theach an iaruachtaráin Donald Trump'