Roz Purcell agus Bernard Dunne cláraithe do ranganna Gaeilge

Tá an gradam ‘Scoil Teanga na Bliana’ buaite den tríú huair ag Gaelchultúr

Roz Purcell agus Bernard Dunne cláraithe do ranganna Gaeilge

Tá an craoltóir agus údar Roz Purcell agus an t-iardhornálaí Bernard Dunne i measc na scoláirí Gaeilge atá cláraithe ar chúrsaí le Gaelchultúr, institiúid teanga a bhuaigh an gradam ‘Scoil Teanga na Bliana’ den tríú huair le deireanas.

Bronnadh an gradam ar Choláiste na hÉireann/Gaelchultúr ag searmanas de chuid na nGradam Oideachais i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh lucht Shráid an Chláirínigh an gradam céanna cheana féin in 2022 agus in 2023.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir Darren Ó Rodaigh le Tuairisc go bhfuil an comhlacht “iontach sásta” an t-aitheantas a fháil arís eile agus go raibh iontas ar an bhfoireann gur bronnadh den tríú huair orthu é.

“Tá muid iontach sásta, bhí muid a cheapadh nach n-éireodh linn arís nó go mbeadh lucht The Education Awards bréan d’fhoireann Ghaelchultúir ach is léir go bhfuil an dul chun cinn atá á dhéanamh againn gach bliain tar éis dul i bhfeidhm orthu.

“Is aitheantas deas é don Ghaeilge freisin go bhfuil Gaelchultúr, atá dírithe ar an teanga sin, tar éis an gradam a bhaint amach trí bliana as ceithre bliana,” a dúirt sé.

Thug Ó Rodaigh le fios do Tuairisc go bhfuil “go leor forbairtí” tarlaithe i nGaelchultúr le cúig bliana anuas agus gur dócha gurbh iad na forbairtí sin i réimsí na ríomhfhoghlama, chomh maith leis an taighde atá an scoil a dhéanamh, ba chúis leis an ngradam a ghnóthú arís in 2025.

Deir sé go bhfuil spéis níos mó á cur sa Ghaeilge ag daoine in Éirinn agus thar lear, daoine aitheanta ina measc. Tá Roz Purcell, a bhfuil na céadta mílte leantóirí aici ar na meáin shóisialta, ar dhuine d’fhoghlaimeoirí nua Gaelchultúr agus chláraigh an t-iardhornálaí Bernard Dunne, a bhí ina churadh domhanda.

“Tá daoine ag clárú i gcónaí daoine cáiliúla cosúil le Roz Purcell agus Bernard Dunne ina measc. D’fhás líon na bhfoghlaimeoirí anuraidh, agus thóg sé sin ar an bhfás atá ag tarlú le cúpla bliain anuas ó bhí Covid ann. Feiceann muide go bhfuil an-spéis ann go hidirnáisiúnta sa Ghaeilge, rud nach raibh ann cúig bliana ó shin.

“Tá sé níos éasca ag daoine teacht ar ranganna anois, bíonn sé théarma ranganna againn sa bhliain agus oibríonn an cur chuige sin mar ní bhíonn ach b’fhéidir ocht seachtaine ar a mhéid ann idir na cúrsaí agus ní bhíonn fanacht rófhada ar dhuine atá ag iarraidh clárú,” a dúirt sé.

Mhaígh Ó Rodaigh go raibh tionchar mór ag an gcinneadh a rinne Gaelchultúr cúpla bliain ó shin go leor dá gcuid cúrsaí a thairiscint ar líne agus go bhfuil foghlaimeoirí á mealladh acu anois nach raibh an deis acu riamh cheana freastal ar na ranganna.

“Tá an ghné ar líne an-tábhachtach chomh maith. Mar shampla, leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, tá sé sin 100% ar líne anois agus tá daoine anois ag freastal ar an gcúrsa atá ina gcónaí sna hoileáin – daoine nárbh fhéidir leo freastal ar chúrsaí ar an mórthír cheana mar gheall ar sceideal na mbád agus drochaimsir an gheimhridh,” a dúirt sé.

Luaigh Ó Rodaigh an taighde atá déanta ag Gaelchultúr in gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta agus Amárach Research faoi mheon mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na féiniúlachta in Éirinn.

Chabhraigh an borradh atá faoin nGaeilge i saol na n-ealaíon leis an spéis mhór idirnáisiúnta atá á cur sa teanga le tamall de bhlianta anuas dar le hÓ Rodaigh, a dúirt gur léir d’fhoireann Ghaelchultúir go raibh tionchar ag “an gclúdach idirnáisiúnta le trí nó ceithre bliana anuas trí scannáin agus an ceol agus go ginearálta”.

Tá sé i gceist ag Ó Rodaigh agus a fhoireann “leanúint ar aghaidh leis an dul chun cinn” sna blianta amach romhainn agus tuilleadh forbairtí ar na bacáin acu. Ar cheann de na rudaí is mó a gcuirfidh lucht foghlama na Gaeilge spéis ann ná foilsiú an tríú leabhar sa tsraith Gaeilge Gan Stró. Tá fáil le fada ar na téacsleabhair Gaeilge Gan Stró – Beginners Level agus Gaeilge Gan Stró – Lower Intermediate Level.

Is dírithe ar fhoghlaimeoirí atá idir na leibhéil sin a bheidh an chéad leabhar eile sa tsraith.

Dúirt Ó Rodaigh gur bunaithe ar leibhéal A2 ar an gComhchreat Tagartha na Eorpa um Theangacha a bheidh an leabhar nua – idir A1 an Beginner Level agus B1 an Lower Intermediate Level. Tá Gaeilge Gan Stró ar cheann de na sraitheanna leabhar is mó rath d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus bíonn an-éileamh ar an leabhar eile ó Ghaelchultúr Gramadach Gan Stró freisin. Dúirt Ó Rodaigh go mbeidh cúpla bliain eile ann sula mbeidh Gaeilge Gan Stró – Advanced Level ann ach go mbeidh an leabhar nua seo ina dhroichead d’fhoghlaimeoirí idir bunleibhéal agus meánleibhéal foghlama.

Fág freagra ar 'Roz Purcell agus Bernard Dunne cláraithe do ranganna Gaeilge'