‘Róluath’ a rá conas atá ag éirí le struchtúr nua Bhord Údarás na Gaeltachta agus leis an bpleanáil teanga

Deir an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nach bhfuil aon chinneadh déanta fós faoi cathain a dhéanfar iniúchadh ar éifeacht Acht na Gaeltachta 2012

‘Róluath’ a rá conas atá ag éirí le struchtúr nua Bhord Údarás na Gaeltachta agus leis an bpleanáil teanga

Tá sé róluath fós anailís a dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil struchtúr nua Bhord Údarás na Gaeltachta agus an córas pleanála teanga sa Ghaeltacht ag obair mar a bhíothas ag súil a bheadh.

Sin a bhí le rá ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan agus ceist á freagairt sa Dáil aici faoin scagadh atá déanta ar éifeacht na reachtaíochta a thug a Roinn isteach le tamall de bhlianta.

Maidir le hAcht na Gaeltachta 2012, faoinar tugadh isteach an próiseas pleanála teanga agus faoinar cuireadh deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta, dúirt an tAire Madigan nach raibh aon chinneadh déanta fós faoi cathain a dhéanfaí iniúchadh ar éifeacht na mbeartas sin.

“Toisc nach bhfeicfí toradh iomlán an dá bheartas seo go ceann tréimhse sách fada, tá machnamh á dhéanamh fós ar cathain ab fhearr tabhairt faoi thuarascáil faoi éifeacht an Achta seo,” arsa an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan.

Dúirt urlabhraí cultúir agus oidhreachta Fhianna Fáil Niamh Smyth, a cheistigh an tAire faoin reachtaíocht, gur léir ó thaithí i dtíortha eile gur chóir go mbeadh ról ag ranna rialtais, ag an bparlaimint agus dreamanna neamhspleácha seachtracha in aon iniúchadh a dhéantar ar fheidhmiú reachtaíochta.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012 cuireadh deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta agus  laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí eile.

Tugadh isteach faoin Acht chomh maith córas na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Faoin gcóras sin tá eagraíocht roghnaithe i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht chun plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

Tá plean teanga ceadaithe anois do leath de na 26 ceantar pleanála teanga.

Bhain conspóid mhór leis an dá mhórbheartas sin in Acht na Gaeltachta 2012. Tá iarrachtaí fós ar bun ag páirtithe an fhreasúra i dTithe an Oireachtais reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun toghcháin an Údaráis a chur ar bun arís, cé nach bhfuil oiread sin spéise léirithe ag an bpobal go fóill sa bhfeachtas sin.

Tá amhras léirithe ag mórán saineolaithe faoi fhiúntas an chórais pleanála teanga maidir le stop a chur le meath na teanga sa Ghaeltacht, ach deir an Rialtas go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an chórais.

Fág freagra ar '‘Róluath’ a rá conas atá ag éirí le struchtúr nua Bhord Údarás na Gaeltachta agus leis an bpleanáil teanga'