Roinnt scoileanna dúnta san iarthar agus ‘athrú saoil’ riachtanach i Sasana

Tá ráite ag Príomh-Oifigeach Leighis na Ríochta Aontaithe go bhfuil an-seans ann go bhfuil an coróinvíreas á scaipeadh ó dhuine go duine taobh istigh den phobal sin

Roinnt scoileanna dúnta san iarthar agus ‘athrú saoil’ riachtanach i Sasana

Tá roinnt scoileanna dúnta in iarthar na hÉireann agus a lorg á fhágáil ag an gcoróinvíreas ar thíortha ar fud an domhain.

Tá ráite ag Príomh-Oifigeach Leighis na Ríochta Aontaithe go bhfuil an-seans ann go bhfuil an coróinvíreas á scaipeadh ó dhuine go duine taobh istigh den phobal sin.

Dúirt an tOllamh Chris Whitty gur dócha go mbeadh athrú saoil riachtanach chun an galar a shrianadh.

Naoi gcás den ghalar atá aimsithe in Éirinn go n-uige seo agus thar tír isteach a tháinig an víreas i ngach cás acusan.

Tá 80 tír buailte ag Covid-19 agus os cionn 95,300 cás ar an taifead. 3,200 atá básaithe leis an ngalar agus bhain 3,000 de na cásanna sin leis an tSín, mar ar thosaigh an víreas.

Tá gach aon scoil sa tír san Iodáil dúnta de dheasca an ghalair agus cosc curtha ar dhaoine freastal ar ócáidí spóirt.

Tá pictiúrlanna, amharclanna agus músaeim na hIodáile dúnta chomh maith ag an rialtas in iarracht srian a chur le scaipeadh an ghalair. Os cionn 3,000 cás den ghalar atá aimsithe san Iodáil agus 107 duine atá básaithe dá bharr.

11 duine atá básaithe de bharr an ghalair i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus staid éigeandála fógartha in California.

Táthar tagtha ar chás den ghalar den chéad uair san Afraic Theas agus a lorg a fhágáil ag an víreas ar chúrsaí an domhain mhóir.

San Iaráin, mar a bhfuil 3,515 cás agus 107 duine básaithe, tá cosc curtha ar thaisteal idir cathracha móra agus pointí seiceála ag na húdaráis leis an gcosc a chur i bhfeidhm. 

Sa Bheithil ar an mBruach Thiar tá na séipéil agus na moscanna ar fad dúnta ag roinn sláinte na Palaistíne

Tuairiscíodh ar an Irish Times gur oibrí sláinte duine den cheathrar is déanaí in Éirinn a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu don choróinvíreas.

Tuairiscíodh leis go ndearna an duine sin seal oibre i rannóg éigeandála ospidéil ó d’fhill siad as tuaisceart na hIodáile.

Naoi gcinn de chásanna ar fad atá aimsithe in Éirinn go dtí seo agus táthar ag obair chun a fháil amach cé hiad na daoine eile a raibh teagmháil acu leo.

Fear, bean, mac agus iníon atá sna hothair is déanaí a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu le haghaidh an ghalair. Bhí siad ar fad le chéile sa cheantar céanna i dtuaisceart na hIodáile le déanaí.

Tá cúram leighis á chur ar an gceathrar, arb as contae an Chláir dóibh, in ospidéal in iarthar na hÉireann agus iad scoite ó na hothair eile.

Trí scoil atá dúnta de thoradh na gceithre chás nua den ghalar, dhá bhunscoil agus iarbhunscoil amháin. Beidh an iarbhunscoil agus ceann de na bunscoileanna dúnta go dtí an 18 Márta agus beidh an scoil eile dúnta inniu agus iad ag fanacht ar chomhairle an HSE. Dúradh gur mar bheart réamhchúraim atá na scoileanna dúnta.

Naoi gcás den víreas atá aimsithe in Éirinn go dtí seo, trí cinn ó thuaidh, dhá cheann in oirthear na tíre agus ceithre cinn san iarthar. Bhí ochtar de na daoine atá buailte leis an ngalar i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus bhí an duine eile, duine den triúr ó thuaidh, i ngartheagmháil le duine sa Bhreatain a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh air don víreas ina dhiaidh sin.

Daoine fásta an bheirt is déanaí a bhfuil an galar tolgtha acu sa tuaisceart agus tá duine acu ina mhac léinn in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste.

Fág freagra ar 'Roinnt scoileanna dúnta san iarthar agus ‘athrú saoil’ riachtanach i Sasana'