Roinn rialtais ‘ag breithniú’ gearáin faoi chomharthaí ‘Go mall’ Shinn Féin

Deir an DUP go bhfuil ‘bagairt’ ag baint leis na comharthaí tráchta Gaeilge a chuir Sinn Féin in airde i dTuaisceart Bhéal Feirste 

Roinn rialtais ‘ag breithniú’ gearáin faoi chomharthaí ‘Go mall’ Shinn Féin

Tá sé ráite ag an Roinn Infreastruchtúir sna sé chontae go bhfuil siad ag déanamh “breithniú” ar iarratas a fuair siad na comharthaí tráchta Gaeilge i dtuaisceart Bhéal Feirste a iarrann ar thiománaithe moilliú a bhaint anuas.

Chuaigh Brian Kingston, MLA de chuid an DUP, i dteagmháil leis an Roinn nuair a cuireadh na comharthaí in airde i gceantair Pháirc na bhFia agus na Seanpháirce i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is iad Sinn Féin a chuir na comharthaí “slow” agus “Go mall” in airde, comharthaí a bhfuil lógó an pháirtí orthu chomh maith. 

Dúirt Kingston gur mheas aontachtaithe sa cheantar go raibh na comharthaí “bagrach”.

Dheimhnigh urlabhraí ón Roinn Infreastruchtúir go raibh an comhfhreagras faighte acu agus go bhfuil an cheist “faoi bhreithniú” i láthair na huaire. 

Ag labhairt le Tuairisc, dúirt urlabhraí ó Shinn Féin go raibh “díomá mhór” orthu faoin scéal.

Is cúis díomá dúinn é, tráth a bhfuil páirtí an Uasail Kingston tar éis imeacht ón Tionól, ón bhFeidhmeannas agus óna fhreagrachtaí tacú le hoibrithe agus le teaghlaigh le linn géarchéime costais mhaireachtála agus dul i ngleic le liostaí ospidéil atá ag dul i bhfad, go bhfuil sé ag éirí tógtha faoi chomharthaí a chuir feachtasóirí áitiúla um shábháilteacht bóithre in airde, comharthaí atá ann chun daoine a shábháil.”

Dúirt an t-urlabhraí go raibh an páirtí agus muintir na háite “ag éileamh bearta sábháilteachta bóithre” go seasta i gceantar na Seanpháirce agus dá sábhálfadh na comharthaí saol páiste amháin gurbh fhiú iad. 

Fág freagra ar 'Roinn rialtais ‘ag breithniú’ gearáin faoi chomharthaí ‘Go mall’ Shinn Féin'

  • Éamonn Ó Gribín

    Deir Meadhbh Ní Eadhra; “Ag labhairt le Tuairisc, dúirt urlabhraí ó Shinn Féin go raibh “díomá mhór” orthu faoin scéal.”

    Chuir Violet-Anne Wynne TD (SF) an cheist seo sa Dáil (ar an 19 Samhain 2020) i mBéarla; seo leagan i nGaeilge ; “Ceist:9. D’fhiafraigh Violet-Anne Wynne T.D. (Sinn Féin) den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a tuairimí maidir le leasú a dhéanamh ar alt 9 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar na rialacháin 2008, ionas go n-áireofar foráil cosúil leis an bhforáil atá ann sa Bhreatain Bheag, a d’éileodh ar chomhlachtaí poiblí an téacs Gaeilge a chur sa riocht is gur dócha go léifí ar dtús é. [37159/20]” (Tagairt:https://www.oireachtas.ie/ga/debates/question/2020-11-19/9/)

    Thug Pa Daly TD (Sinn Féin) le fios sa Dáil an méid seo a leanas i mBéarla; seo leagan i nGaeilge “Thagair an tAire Stáit do IR Uimh. 391 de 2008. Is é an deacracht a bhaineann leis seo agus le comharthaí bóthair ná go mbíonn an claonadh ann go mbíonn an Ghaeilge níos lú agus i gcló iodálach, ach go mbíonn an Béarla i gceannlitreacha agus i bhfad níos mó.”

    Is cosúil nach raibh fadhb ar bith ag urlabhraí (gan ainm) ó Shinn Féin “go raibh an Ghaeilge níos lú agus i gcló iodálach sna comharthaí tráchta atá curtha suas go mídhleathach ag SF, agus an Béarla i gceannlitreacha agus i bhfad níos mó!

  • Kevin Ó Tuathaigh

    Tá sé soléir go bhfuil an seicteachas beo fós, faraor. An mbeidh deireadh leis an ailse olc seo riamh? Níl clú dá laghad agam. 😰