Rogha pholaitiúil is ea an neamhéifeacht in aghaidh an bhochtanais

Maireann duine as seisear i dTuaisceart Éireann i mbochtanas, timpeall 349,000 duine as dhá mhilliún

Rogha pholaitiúil is ea an neamhéifeacht in aghaidh an bhochtanais

Straitéis in aghaidh an bhochtanais nach bhfuair focal molta ó éinne. Mí ó tháinig deireadh leis an tréimhse comhairliúcháin faoi straitéis frithbhochtanais Stormont éilíonn tuairisc acadúil nua gníomhartha dearfacha ó pholaiteoirí.

Cáineadh straitéis an Aire Pobal, Gordon Lyons go géar nuair a eisíodh í i mí an Mheithimh seo caite. Cuntas ar an bhfadhb a bhí inti, dar le saineolaithe, ach bhí moltaí réitigh, spriocanna agus acmhainní ar iarraidh inti.

Ní raibh aon bheart bunaithe ar an gcomhairliúchán fógartha ag an aire nuair a d’eisigh Roinn na nEolaíochtaí Sóisialta in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste toradh staidéir nua Déardaoin seo caite. Ba é an t-ionad um oideachas domhanda i mBéal Feirste a choimisiúnaigh an tuairisc dar teideal Poverty in Northern Ireland- From the Local to the Global.

Dúradh sa tuairisc go neamhbhalbh nach mór do Stormont plean stuama, comhtháite a chur le chéile chun a dhul i ngleic le cruatan seasta, rud atá coitianta. Go bunúsach, teastaíonn uathu go gcuirfear a gcuid moltaí san áireamh nuair a eiseofar an straitéis leasaithe, beart nach mór don Roinn Pobal (le cead an Fheidhmeannais) a dhéanamh gan mórán eile moille.

De réir tuarascála na roinne maireann duine as seisear i dTuaisceart Éireann i mbochtanas, timpeall 349,000 duine as dhá mhilliún. Díol suntais ag na scoláirí ab ea an líon ard sin i bhfianaise ráta dífhostaíochta an-íseal 1.6%. Ba é a mbreithiúnas go raibh baint an-mhór ag pá íseal leis an mbochtanas a mbíonn drochthionchar aige ar gach gné den saol, oideachas, sláinte, ionchas saoil agus deiseanna forbartha.

Nuair a rinneadh comparáid leis an bPoblacht agus le tíortha an G12 fuarthas go raibh Tuaisceart Éireann san 16ú háit as 17 ó thaobh ioncam de cé gurb ann atá an dífhostaíocht is ísle. Údar imní ar leith é an bochtanas i measc na bpáistí agus i dteaghlaigh ina bhfuil duine le míchumas agus ionchas saoil níos giorra acu ná mar atá i 13 tír.

Rinne tuairisc na socheolaithe sraith moltaí. Ina measc:

go gcinnteofaí nach mbeadh ioncam níos lú ná £373 sa tseachtain ag teaghlach ar bith – sin í an tsuim a leag an rialtas síos mar shainmhíniú ar bhochtanas

go n-éireofaí as an gcur chuige nualiobrálach i dtaca le polasaithe leasa shóisialaigh

go ndeinfí infheistíocht sna ceantair is boichte chun éagothroime i gcúrsaí sláinte a cheansú

go ndeinfí infheistíocht i gcúram leanaí agus seans a thabhairt do thuismitheoirí a dhul amach ag obair más mian leo chun ioncam breise a shaothrú

go bhfeabhsófaí soláthar agus caighdeán tithíochta, árasáin nó tithe ar cíos san áireamh

go gcinnteofaí go mbeadh rochtain ar chineálacha éagsúla oideachais ag daoine faoi mhíbhuntáiste go háirithe, agus fáil ag gach aicme ar scoileanna poiblí

go gcuirfí feabhas ar na seirbhísí iompair poiblí faoin tuath.

Leag an tuairisc béim ar an ngá atá le spriocanna intomhaiste san straitéis frithbhochtanais. Dúradh freisin nár mhór tacaíocht tras-phobail, tras-pháirtí, agus tacaíocht an Tionóil chun a chinntiú go mbeadh an straitéis láidir agus inmharthana, fiú dá mbeadh an pholaitíocht guagach.

Gan dabht déarfaidh polaiteoirí nach bhfuil na hacmhainní acu chun go leor de na moltaí sin a chur i gcrích, iad ag casaoid mar is dual dóibh faoin mbuiséad ó Westminster. Bíonn easpa spriocanna intomhaiste mar chomhartha sóirt ar phleananna an Fheidhmeannais ach má tá brí ar bith le bheith i straitéis in aghaidh an bhochtanais caithfear teorainneacha ama, aidhmeanna agus acmhainní a lua léi.

Tá rogha le déanamh ag Stormont an gheallúint a tugadh nuair a bunaíodh an Feidhmeannas go ngabhfaí i ngleic le bochtanas a chomhlíonadh i ndáiríre nó pleananna easnamhacha a dhréachtú. Ba dheacair cur i gcoinne an bhreithiúnais a rinne coimisiúnóir na tuairisce, Stephen McCloskey, Stiúrthóir an Ionaid um Oideachas Domhanda gur rogha pholaitiúil is ea gan straitéis éifeachtach in aghaidh an bhochtanais a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Rogha pholaitiúil is ea an neamhéifeacht in aghaidh an bhochtanais'

  • Pól Réamonn

    Tá an Tuaisceart ag teip. Is é an t-athaontú an t-aon roghaa shábhálfaidh é anois.