Áit uaigneach sceirdiúil é bogach an Bhragáin. Ní áit é do thaisí daonna, a dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann a bhuail le muintir Columba McVeigh ag an láthair. D’achainigh sé ar éinne a bhfuil eolas ar bith acu a chuideodh leis an gcuardach an fhaisnéis a roinnt faoi rún chun deireadh a chur le céasadh na dteaghlach.
Oíche Shamhna, deich lá ó shin, bhí sé 50 bliain ó d’fhuadaigh an tIRA Columba McVeigh i mBaile Átha Cliath. B’as an Domhnach Mór i gcontae Thír Eoghain é. Mharaigh siad é agus chuireadar a chorp i ngan fhios don saol. Bhí trí bliana fichead eile caite sula bhfuair a mhuintir amach gur maraíodh an déagóir. D’admhaigh an tIRA i 1998 gur mharaigh siad daoine gan tásc gan tuairisc a thabhairt fúthu le linn na dTrioblóidí. Tugadh le fios go raibh Columba i measc 17 a raibh a dtaisí ar iarraidh, na daoine ar tugadh na Disappeared orthu.
Bheadh Columba 69 bliain d’aois anois, agus tá a dheirfiúr agus a dheartháireacha meáite de nach staonfaidh siad go bhfaighidh sé deasghnátha na heaglaise ar a shochraid. D’ullmhaigh a mháthair Vera uaigh dó sular cailleadh í féin in 2007. Tá rún daingean ag an gclann go sásófar mian a máthar ach is minic a bhíonn orthu déileáil le díomá.
Tá seantaithí ag muintir McVeigh ar an aistear brónach chuig an bportach i gcontae Mhuineacháin nó is iomaí iarracht déanta ag an gCoimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach chun a theacht ar chorp a ndearthár. Tá an bogach fairsing agus athruithe tagtha ar an tírdhreach le himeacht na mblianta; tá sé láthair thar 26 acra cuardaithe go dtí seo. Músclaíonn gach seisiún nua cuardaigh dóchas ach ní sceitheann an portach a rún go héasca.
Ní mór do na hoibrithe a bheith pointeáilte mionchúiseach. Úsáidtear dhá inneall tochailte, ar sheastáin, agus baintear scraitheanna den bportach chun an talamh fúthu a chuardach go doimhneacht 1,200 mm nó beagnach ceithre troithe. Cuirtear an ithir ar ais ar an bportach tar éis gach cuardach in aisce. Déanann speisialtóirí seandálaíochta agus fóiréinseacha an obair faoi cheannas na gcoimisinéirí, duine a ainmníonn chaon rialtas (Tim Dalton iar-státseirbhíseach i mBaile Átha Cliath agus Rosemary Flanagan, státseirbhíseach in Stormont faoi láthair).
Ba é Hilary Benn an chéad Státrúnaí de chuid na Breataine a thug cuairt ar an láthair thochailte de chuid an Choimisiúin a bunaíodh chun taisí na n-íospartach, 17 ar fad, a aimsiú. Bhunaigh an dá rialtas an Coimisiún i 1999, taobh istigh de bhliain ó rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta. Breis is dhá bhliain ó shin nuair a bhí cuardach eile ar siúl i bportach an Bhragáin sa tóir ar thaisí Columba thug aire dlí agus cirt na linne, Simon Harris agus a chomhghleacaí rialtais Heather Humphreys cuairt ar an láthair.
Gheall siad do mhuintir McVeigh, mar a rinne Hilary Benn an tseachtain seo, go raibh na rialtais tiomanta d’obair an Choimisiúin. Beidh tacaíocht ar fáil cibé fada nó gearr an t-achar go dtí go n-aimseofar taisí an cheathrair atá fós ar iarraidh, Columba McVeigh, Joe Lynskey, an saighdiúir in Arm na Breataine, an Captaen Robert Nairac agus Seamus Maguire.
Braitheann an obair ar fhaisnéis ó dhaoine a bhfuil eolas acu go díreach nó go hindíreach faoi mharú na ndaoine atá ar iarraidh. Faoin reachtaíocht a ritheadh sa dá dhlínse tá saoirse ó chúiseamh ag éinne a thugann eolas agus ní féidir an t-eolas féin a úsáid i gcás dlí. Níl á iarraidh ag muintir McVeigh ach eolas, is cuma cé chomh fánach is a cheaptar é a bheith, a d’fhéadfadh cuidiú leis an lucht cuardaigh.
Tá glactha leis le fada gur i gceantar an Bhragáin a cuireadh Columba ach ba mhór an chabhair a bheadh ann faisnéis shonrach a fháil. Cothaíonn imeacht aimsire deacrachtaí ar leith. Bíonn daoine ar shlí na fírinne, bíonn droch-chuimhne ag a thuilleadh. Seans freisin nach féidir drochrún a chur as an áireamh cé gur gheall gluaiseacht na Poblachta lán-chomhoibriú.
Má tá eolas cruinn ag éinne, rud barbartha é a cheilt. Tá sé thar am deireadh a chur le crá croí na dteaghlach agus rúin na bportach nó na gcoillte a nochtadh.
Fág freagra ar 'Columba McVeigh – drogall ar an bportach a rún a scaoileadh'