AN POD GAEILGE BEO: ‘Cá bhfuil an masla i labhairt na Gaeilge?’ – eagrán speisialta beo ó Bhéal Feirste

Bhí eagrán speisialta againn de ‘An Pod Gaeilge’ ag Oireachtas na Samhna agus Cormac Ó hEadhra, Gráinne Ní Ghilín, Antain Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhianáin linn chun plé a dhéanamh ar chás na teanga, thuaidh, theas agus trasteorann

AN POD GAEILGE BEO: ‘Cá bhfuil an masla i labhairt na Gaeilge?’  – eagrán speisialta beo ó Bhéal Feirste

An teanga gan teorainn í an Ghaeilge.? Bhí eagrán speisialta beo againn de ‘An Pod Gaeilge’ ag Oireachtas na Samhna chun é sin agus go leor eile a phlé. I dteannta Bhridget Bhreathnach don chéad phodchraoladh beo ó Tuairisc Ó Bhéal, bhí Cormac Ó hEadhra, Gráinne Ní Ghilín, Antain Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhianáin. Rinne siad plé bríomhar san ICC i mBéal Feirste ar chás na teanga, thuaidh, theas agus trasteorann.

Pléadh céard a chiallaigh sé do phobal na Gaeilge go raibh Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste, ceist na comharthaíochta dátheangaí agus an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe.

Labhair an painéal faoi scata ceisteanna eile chomh maith. An mbíonn steiréitíopa nó cliché-anna ag muintir an tuaiscirt faoi mhuintir an deiscirt? Agus a mhalairt?

An bhfuil difríochtaí ann idir pobal na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas? Cosúlachtaí?

An aon phobal mór Gaelach amháin muid? An bhfuil teorainneacha teanga ann? Cén oidhreacht a fhágfaidh an tOireachtas seo ag pobal na Gaeilge thuaidh agus theas?

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE BEO: ‘Cá bhfuil an masla i labhairt na Gaeilge?’ – eagrán speisialta beo ó Bhéal Feirste'