Rogha ocht ngúna ó shiopa COS do shéasúr an fhómhair

Dúil ár gcomhfhreagraí i stil ‘scandi’ ó na tíortha Lochlannacha ag dul i méid i gcónaí

Rogha ocht ngúna ó shiopa COS do shéasúr an fhómhair

Taitníonn séasúr an fhómhair go mór liom féin mar gur féidir liom gúnaí cniotáilte agus riteoga dubha a chaitheamh arís. Seans maith gurb é sin an chúis go bhfuil sé ar mo rogha séasúir ó thaobh faisin agus stíle de. Agus tá siopa amháin ar a dtugaim m’aghaidh arís agus arís eile do ghúnaí deasa le caitheamh chun na hoibre an tráth seo bliana.

Scríobh mé anseo cúpla bliain ó shin faoi mo dhúil i siopaí COS, dúil atá ag dul i méid i gcónaí. Tá sé cinn de shiopaí COS sa tír seo, iad lonnaithe den chuid is mó i siopaí Brown Thomas. Ach ní gá go gcuirfeadh sin imní ort mar go bhfuil éadaí COS níos saoire ná cuid mhaith den ábhar eile i Brown Thomas. ‘Collection of Style’ atá i gceist leis na ceannlitreacha COS agus is stil ‘scandi’ ó na tíortha Lochlannacha is mó a bhíonn ina gcuid siopaí. 

Ocht gcinn de ghúnaí atá roghnaithe agam an tseachtain seo i COS agus iad ar fad ar fáil faoi €100. Is cinnte go bhfaighfeá gúnaí an-deas go deo níos saoire i Zara, Gallery ag Dunnes Stores nó & Other Stories ach is deacair COS a bualadh maidir le caighdeán agus stíl.

 

1.Gúna olann bhruite ar dhath burgúnach ar €89

Is breá liom an dath agus an fhabraic álainn sa cheann seo. Gúna ardchaighdeáin é seo le thú a choinneáil teolaí mar go mbíonn olann bhruite níos teo ná gnátholann.

 

2.Gúna gorm cocún ar €79

Is é an muineál neamhghnách a tharraing mo shúil chuig an ngúna seo ar dtús agus is breá liom an dath bríomhar gorm sin.

 

3.Gúna léine tóp ar €99

Tá an gúna léine ar cheann de na stíleanna is fearr liom agus is breá liom an ceann seo atá déanta as cadás. Tá an bheilt dheas sin air ag cur go mór leis an dearadh.

 

4.Gúna ollmhór ar dhath dúghorm le muineál cniotáilte ar €89

Gúna iontach é seo don obair. Cé go bhfuil sé simplí tá stíl ag baint leis freisin. Is breá liom an muineál cniotáilte agus tugaim pointí bónais i gcónaí do phócaí!

 

5.Gúna uaine ar €89

A luaithe agus a chonaic mé an gúna seo sa siopa thaitin sé liom. Glas na coille a thabharfá ar an dath álainn sin. Tá an ciorcal ar an bhásta galánta ach is gúna simplí an ceann seo atá neamhghnách ag an am céanna. 

 

6.Gúna cniotáilte pléatáilte ar €89

Is breá liom na pléataí beaga ar íochtar an ghúna seo le patrún álainn a chuireann beagán beochta i ngúna simplí dubh. Bheadh sé seo go hálainn le riteoga dubha agus buataisí rúitín.

 

7.Gúna olann ‘merino’ ar €89

Seo é an ceann is fearr liom féin, ceann atá i mo vardrús le tamaillín. Breathnaíonn sé an-simplí ar dtús ach tá an droim déanta as fabraic cniotáilte a chuireann casadh difriúil air. Gúna dubh é atá ar fheabhas don obair.

 

8.Gúna le bóna fillte ar dhath uaine ar €79

Arís, tá an fhabraic sa cheann seo ar ardchaighdeán. Gúna thar a bheith bog é agus muineál álainn air.

Fág freagra ar 'Rogha ocht ngúna ó shiopa COS do shéasúr an fhómhair'