Éadach nua-aimseartha, feidhmiúil, clasaiceach agus sofaisticiúil ó COS

An comhlacht Sualannach ag teacht i dtír ar an méadú atá ar éileamh stíl Chríoch Lochlann faoi láthair

Éadach nua-aimseartha, feidhmiúil, clasaiceach agus sofaisticiúil ó COS

Níl amhras ar bith orm ach gurb é COS an siopa éadaigh is fearr liom féin faoi láthair. Beidh bailiúchán de dhearaí nua do shéasúr an earraigh agus an tsamhraidh ar fáil uathu go luath agus tá mé ag súil go mór leo. Beidh an-bhéim ar na dathanna dúghorm, bán, uaine agus donn agus ar stíl shimplí, chlasaiceach agus uilleach. Mar is gnáth le COS beidh an fhabraic ar ardchaighdeán agus is dathanna aonair a bheidh i gceist – ní nós le COS éadaí ildaite a bheith acu.

Sa bhliain 2007 a seoladh COS den chéad uair. Is fochomhlacht atá ann de chuid an mhórchomhlachta H&M ón tSualainn. Tá brí le baint as an ainm COS – Collection of Style – insint shimplí ar aidhm an chomhlachta. Ba ar Regent Street i Londain a bhunaigh siad an chéad siopa agus, de réir a chéile, osclaíodh siopaí ar fud an domhain ina dhiaidh sin. Tá beagnach 200 siopa acu anois i 34 tír, ina measc sé cinn d’ionaid anseo in Éirinn. Tá a gcuid brainsí Éireannacha lonnaithe den chuid is mó i siopaí Brown Thomas. Ach murab ionann is chuid mhaith de na táirgí a bhíonn ar díol i Brown Thomas, níl COS baileach chomh costasach. Go deimhin bíonn cuid mhaith dá gcuid táirgí ar phraghsanna idir €60 agus €100.

Tá sé de cháil ar an gcomhlacht seo, a dhearann éadaigh d’fhir chomh maith le mná, go mbíonn a stíl nua-aimseartha, feidhmiúil, clasaiceach agus sofaisticiúil. Bíonn béim acu ar éadach nach rachaidh as dáta ag deireadh an tséasúir agus ar éadach a mbainfidh duine úsáid go rialta astu ar feadh na mblianta. I mo chás féin is cinnte go bhfuil sin fíor agus is breá liom fós éadach a chaitheamh a cheannaigh mé i COS trí nó ceathair de bhlianta ó shin. Thar aon rud eile tá éadaí COS thar cionn ar fad mar fheisteas oibre oifige don té gur suim leo cúrsaí faisin.

Dearadh íostach a bhíonn i gceist ag COS go minic agus cúrsaí ailtireachta agus íomhánna grafacha mar inspioráid acu.

Don té a cheapann go bhfuil COS ródhaor dóibh, is féidir leaganacha eile den stíl chéanna a aimsiú sna siopaí eile atá mar chuid den mhórchomhlacht céanna – & Other Stories, H&M, Cheap Monday, Monki agus Weekday. Bíonn a gcuid táirgí sin chomh faiseanta céanna ach ní gá go mbeadh an caighdeán ard céanna fabraice agus déantúsaíochta iontu i gcónaí. Tá 17 siopa ag H&M in Éireann agus os cionn 4,000 acu ar fud an domhain (132,000 duine atá fostaithe acu.)

Is cosúil go bhfuil an t-éileamh ar dhearadh ó na tíortha Lochlannacha ag dul i méid ar fud an domhain faoi láthair. ‘Scandi’ a thugtar ar an stíl seo de ghnáth agus is é an t-éileamh is cúis le H&M, máthairchomhlacht COS, a bheith anois ar an dara comhlacht éadaigh is mó ó thaobh díolacháin ar domhan.

Fág freagra ar 'Éadach nua-aimseartha, feidhmiúil, clasaiceach agus sofaisticiúil ó COS'